An t-ainm nua-aimseartha de chnusacht mholta annál is ea Croinic na hÉireann (Béarla The Chronicle of Ireland), ag taifead imeachtaí i nEirinn idir AD 432 agus 911.[1]

WD Bosca Sonraí LeabharCroinic na hÉireann

An iontráil don bhliain AD 432 i nAnnála na gCeiltre Máistrí, saothar i measc eile fréamhaithe ó Chroinic na hÉireann. Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha agus aonán hipitéiseach Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
Údarluach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán11 haois Cuir in eagar ar Wikidata

Tugadh faoi ndeara go raibh na himeachtaí ceannann céanna ag roinnt annál ar marthain, ó thaobh oird and foclíóchta de, go dtí an bhliain 911, nuair a scarann siad óna chéile. San áireamh, tá Annála Inis Faithlinn, Annála Uladh, Chronicon Scotorum, Annála Chluain Mhic Nóis (aistriúchán Béarla), Annála Tiarnaigh, Annála Ros Cré, Annála Mhainistir na Búille, agus Annála Easpacha na hÉireann. Go hachomair, is réiteach scoláireacht é "The Chronicle of Ireland" d'fhadhb shionoptach Ghaelach.[2]

Faightear imeachtaí liostaithe faoi iontrála ar leith do bhliain éigin. Níl ach abairt nó dhó sna hiontrála den chuid is mó, agus níl ann ach iontráil nó dhó le haghaidh roinnt blianta. Tuairiscítear an ruathar Lochlannach i Mhainistir Í sa bhliain 806, nuair a maraíodh an pobal go léir inti, le gontacht thipiciúil:

Muintir hIe do marbadh o gentibh .i. .lxuiii.[3]

Níl fianaise dhíreach ar bith ann chun údair chomharbasacha na croinice a chur in iúl, ach molann scoláirí gur scríobhadh i n-eaglaisí agus mainistreacha, le haghaidh pobail eaglasta. Tá luathfhianaise an a mholadh go raibh údar éigin i nÍ Cholm Cille am éigin tar éis 563 go dtí tuairim is 642. Tuairim is an bhliain 639, tosaíodh croinic eile in am agus áit éiginnte, agus cumascadh é le croinic Mhainistir Í sa dara leath den seachtú haois. Leanadh obair na croinice go dtí tuairim is 740.

Ó 740 go dtí 911, bhí croiniceoirí an tsaothair ag obair i lár na tíre, is dócha i ríocht Breá, ach b'fhéidir sa mhainistir ag Cluain Ard. Creideann roinnt scoláirí gur éirigh Ard Mhacha ina ionad na hoibre ag tús na 9ú haoise, ach pléitear an smaoineamh seo fós.

I ndiaidh na bliana 911, scar an chroinic ina dá phríomhghéag: ceann beag in Ard Mhacha, a tugadh i nAnnála Uladh isteach; agus ceann mór faoin teideal "grúpa Chluain Mhic Nóis", san áireamh The Annals of Clonmacnoise, Annála Tiarnaigh (bearnach), Chronicum Scotorum agus Annála na gCeithre Máistrí.

Tuairiscí báis is iad an-chuid d'iontrála na croinice. Ba mhaith leis na scríobhaithe cúis agus cáilíocht spioradálta an bháis a thuiscint chun a bhaint as an dtiocfaí go neamh nó go hifreann.

I ndiaidh 800, feictear a lán iontráil maidir le ruathair Lochlannacha. I measc iontrála eile, faightear imeachtaí réalteolaíochta, samhail is urú na gréine a tharla ar an 29ú Meitheamh 512. Feictear fosta sa chroinic imeachtaí eachtrannacha. Le haghaidh roinnt tréimhsí i rith na n-ochtú agus naoú haoiseanna, is níos cruinne iad a chuid iontráil maidir le Sasana ná an Anglo-Saxon Chronicle féin.

Modheolaíocht

cuir in eagar

Mar a deir Dan Mc Carthy, is éard an scéim a fhaightear sa Chroinic ná "kalend (Kl), agus ina dhiaidh, go dtí lár na seachtú haoise ar a laghad, an dáta feria 1ú Eanáir". Bunaithe ar chroinic Rufinus Aquileia, a bhí ag scríobh sa luath-5ú haois, atá an scéim seo, maraon le han-chuid de chuir síos na Croinice ar stair an domhain roimh an mbliain 400.[4]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Roy Flechner, '"The Chronicle of Ireland: Then and Now" Early Medieval Europe v.21:4(2013)422-54 Article
  2. "The Historicity of the Early Irish Annals".
  3. Chronicon Scotorum[nasc briste go buan], Annal CS806.
  4. Dan Mc Carthy, '"The Chronology and Sources of the Early Irish Annals", Early Medieval Europe v.10:3(2001), ll. 323-41, Achoimriú Curtha i gcartlann 2005-04-04 ar an Wayback Machine)