Annála Easpacha na hÉireann

Cnuasach croinicí Meán-Ghaeilge as annála éagsúla Éireann is ea Annála Easpacha na hÉireann. Tiomsaíodh iad in Osraí, is dócha le linn saol in Donnchad mac Gilla Pátraic (bás 1039), rí Osraí agus na Laighean. Mórscéal sa téacs is ea "Croinic Osraí" (molta ag Radner), a dhíríonn ar eachtraí rí Osraige den 9ú haois, Cearbhall mac Dúnlainge, sinsear Mhic Giolla Phádraig.[1] Meastar gur cuid den tsaothar hipitéiseach, Chroinic na hÉireann, is ea na míreanna atá ar marthain.

WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Easpacha na hÉireann
Cineálcroinic Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Dubhaltach Mac Firbhisigh cóip desna hAnnála ar son Rev. John Lynch, le párlámhscríbhinn den 15ú haois mar fhoinse, a bhí i seilbh Giolla na Naomh Mhic Aodhagáin. Ollamh an Fhéineachais as an Urumhain ba ea Mac Aodhagáin. Ní scríofa ag Mac Firbhisigh é an t-aon lámhscríbhinn na nAnnál amháin atá ar marthain, ach i lámh scríobhaí anaithnid a rinne cóip de théacs Mhic Fhirbhisigh, ag cur leis nótaí ar an imeall, agus fosta innéacs. Caomhnaítear an lámhscríbhinn úd sa Koninklijke Bibliotheek van België sa Bhruiséil, MS. 7, c. n. 17, ach is neamhiomlán í. Tá cúig mhír ann, ag tosú leis an mbliain 573 agus ag críochnú le 914.

Níl ach pas beag eolais ann faoin bhfoinse a bhí ag Mac Firbhisigh. Is amhlaidh gur chuir sé cruth nua-aimseartha ar an litríocht. Tá bearnaí ann anseo is ansiúd agus an fhoinse doléite. Chuir cóipeálaí Mhic Fhirbhisigh dátaí leis an téacs, a thóg sé as Annála na gCeithre Máistrí gan iad a dheimhniú nó a cheartú fiú dá mba ghá leis.

Sa chéad mhír, faightear ábhar go formhór maidir le hUí Néill an Tuaiscirt agus b'fhéidir é gur tiomsaíodh é i gcúige Uladh, ach is léir go tiomsaíodh na míreanna eile i nOsraí. Bhain an chéad tiomsaitheoir leas as foinsí éagsúla, cuid acu (m.s. annála) níos cruinne ná cuid eile (m.s. saothair fhada na mbard). Mar thoradh, faightear iontu meascán de thaifid fhuara, fínscéalta agus smaoinimh bhaotha, ar chaoi ar leith i measc annál Éireannach.

Foilsíodh dhá eagrán den Fragmentary Annals le déanaí:

  • John O'Donovan, Annals of Ireland: three fragments. (Baile Átha Cliath 1860)
  • Joan N. Radner, Fragmentary annals of Ireland (Baile Átha Cliath 1978)

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Radner, lch. xxii