Annála Mhainistir na Búille

Croinic ar Éirinn na meánaoise is ea Annála Mhainistir na Búille, ar a nglaoitear fosta Annála Cotton. Baineann na hiontrálacha leis an tréimhse go dtí an bhliain 1253. Meastar gurb ar shaothar de chuid Croinic na hÉireann é, bhíodh is i bhfoirm achoimre.

WD Bosca Sonraí LeabharAnnála Mhainistir na Búille
Cineálcroinic Cuir in eagar ar Wikidata

Cúr síos cuir in eagar

De réir Robin Flower, scríobhadh an bunleagan i dTeach Premonstratensian (Norbertine) ar oileán suite i Loch Cé, bunaithe féin b'fhéidir ar téacs níos luaite. Bhain scríbhneoirí d'Annála Loch Cé úsáid as. Tháinig an lámhscríbhinn i seilbh na Croftons, agus chonaic Ussher í ansin. Is dócha gurbh eisean a thug an teideal Annála Mhainistir na Búille di. Tháinig Oliver St John, Viscount Grandison of Limerick i seilbh uirthi, a thug í do Sir Robert Cotton sa bhliain 1630. Tháinig an lámhscríbhinn i dteannta lena leabharlann sa British Museum isteach sa bhliain 1753.[1]

Tá na hannála scríofa go formhór as Gaeilge, ach tá roinnt iontrálacha as Laidin. Toisc gur cóipeadh iad focal ar fhocal óna bhfoinsí, tá suim ar leith iontu ag idir staraithe agus teangeolaithe ar aon.

Caomhnaítear an lámhscríbhinn sa British Library, faoin tagairt Cotton MS Titus A XXV (ainmnithe as Robert Cotton).

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tuilleadh le léamh cuir in eagar

  • Oxford Concise Companion to Irish Literature, Robert Welsh, 1996. ISBN 0-19-280080-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2006). "The Chronicle of Ireland". Liverpool University Press. 

Tagairtí cuir in eagar

  1. Robin Flower, Revue Celtique, 44 (1927), lch. 344.