Annála Loch Cé
Déanann Annála Loch Cé cuntas ar an tréimhse idir 1014 agus 1590 i gCúige Connacht agus sna ceantair máguaird, den chuid is mó. Tógadh an teideal ó Loch Cé i ríocht Mhagh Loirg (i dtuaisceart Chontae Ros Comáin), áit a raibh Clann Mhic Dhiarmada in uachtar.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Teanga | an Mheán-Ghaeilge agus an Laidin |
Scríobhaithe de chuid muintir Dhuibhgeanáin a luaitear leis an gcuid is mó de na hAnnála, agus roinnt leasuithe iontu a rinne a bpátrún Brian na Carraige Mac Diarmada, fear a fuair bás in 1592. Tá cuid den téacs i Laidin.
Stair i ndiaidh 1592
cuir in eagarTá neart nótaí ar chiumhais na nAnnála leis an staraí agus scoláire Gaeilge Ruairí Ó Flaithbheartaigh (1629–1716/1718). In 1734 bhí an lámhscríbhinn i seilbh an scoláire nótáilte Seán Ó Maolchonaire. In 1766 rinne an Dochtúir Thomas Leland, comhalta de chuid Choláiste na Tríonóide agus staraí, í a cheannach i mBaile Átha Cliath agus leabhair an Dochtúra Seán Ó Fearghuis á ndíol. Chuir Leland i Leabharlann Lámhscríbhinní an Choláiste í.[1]
Foinsí
cuir in eagar- Welsh, Robert (eag.). Oxford Concise Companion to Irish Literature. OUP 1996. ISBN 0-19-280080-9
- Annála Loch Cé, A.D. 1014-1590, imleabhar 1 le fáil ar CELT
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Réamhrá in Hennessy, William Maunsell (eag.), The Annals of Loch Ce: A Chronicle of Irish Affairs from A.D. 1014 to A.D. 1590. London: Longman & Co. & Trübner & Co., 1871: https://archive.org/stream/annalsoflochcc01hennuoft/annalsoflochcc01hennuoft_djvu.txt