Ruairí Ó Flaithbheartaigh

staraí Éireannach

Taoiseach Gaelach, staraí agus scoláire Gaeilge ba ea Ruairí Óg Ó Flaithbheartaigh,Roderic O'Flaherty[1][2] (1629 is cosúil go dtí 1716 nó 1718). Ba é an taoiseach deiridh a bhí ar chlann Uí Fhlaithbheartaigh. Tógadh a chuid tailte uaidh in aimsir Chromail i 1653, agus mar gheall air sin agus na Péindlíthe fágadh beo bocht é don chuid eile dá shaol.[3]

Infotaula de personaRuairí Ó Flaithbheartaigh
Beathaisnéis
Breith1629
Bás1718
88/89 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmstaraí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge

Cuimhnítear inniu air óna chuid scríbhneoireachta. Bhí scoth na Gaeilge, na Laidine agus an Bhéarla aige, agus scríobh sé dhá leabhar a thug léargas ar leith ar stair agus ar shaol na nGael.

Beatha cuir in eagar

 
Radharc ón mbóthar idir Maigh Cuilinn agus An Spidéal

Fáisceadh é as uasalaicme Ghaelach na hÉireann agus fuair sé oiliúint an-mhaith. Rugadh é i gContae na Gaillimhe agus fuair Caisleán Mhaigh Cuilinn le hoidhreacht, in éineacht lena chuid tailte. Ba é Aodh Ó Flaithbheartaigh, taoiseach mhuintir Fhlaithbheartaigh, a athair, agus ba í Elizabeth D’Arcy a mháthair; bhí ceathrar deirfiúracha aige.

Ba é Ó Flaithbheartaigh tiarna deireanach de jure Iar-Chonnacht agus taoiseach deireanach a mhuintire. Coigistíodh talamh Uí Fhlaithbheartaigh le linn Chromail ach fuair sé cuid ar ais tar éis dó achainí a dhéanamh os comhair Choimisinéirí Bhaile Átha Luain agus Bhaile Locha Riach in 1652.

An bhliain chéanna, phós sé iníon leis an gCoirnéal Murchadh na dTua Ó Flaithbheartaigh. Dealraíonn sé gur tugadh a thuilleadh den talamh ar ais dó in 1677. Deirtear go raibh eagla air i ndiaidh Chogadh an Dá Rí go mbainfí an talamh de arís, rud a thug air socrú a dhéanamh le comharsa leis, an dlíodóir Richard Martin (‘Nimble Dick’), go gceannódh sé siúd an talamh, mar dhea. Ach nuair a d’iarr an Flaithbheartach ais é, ní thabharfadh an Máirtíneach dó é.

Chaith Ruairí na blianta 1696-7 i bpríosún i nGaillimh i ngeall ar fhiacha. D’éirigh lena mhac Mícheál cuid dá dtalamh a fháil ar ais ó na Máirtínigh le dlí. Bhí a mhac ina oifigeach in Arm na hOstaire.

Beo bocht cuir in eagar

Sna 1700idí, fágadh Ruairí ina ghabháltas féin sa Pháirc láimh leis an Spidéil, áit ar chaith sé an chuid eile dá shaol, buailte ag an mbochtaineacht.[4]

Thug an Dochtúir Thomas Molyneux ar Ó Flaithbheartaigh ar an 21 Aibreán 1709:

"I went to vizit old Flaherty, who lives, very old, in a miserable condition at Park, some 3 hours west of Gallway, in Hiar or West-Connaught. I expected to have seen here some old Irish manuscripts, but his ill fortune has stripp'd him of these as well as his other goods, so that he has nothing now left but some few of his own writing, and a few old rummish books of history printed. In my life I never saw so strangely stony and wild a country. I did not see all this way 3 living creatures, not one house or ditch, not one bit of corn, nor even, I might say, a bit of land, for stones: in short nothing appear'd but stones and sea, nor could I conceive an inhabited country so destitute of all signs of people and art as this is."[5]

Bhíodh fiagaithe sagart ann, agus bhí an fear ba mhíchlúití díobh, Edward Tyrrell, pósta ar iníon le Ruairí. Crochadh Tyrrell i ngeall ar bhiogamaíocht in 1713.[4]

Saothar cuir in eagar

 

Is mór an meas a bhí air mar staraí agus mar bhailitheoir lámhscríbhinní. Bhí sé mór le Dubhaltach Mac Fhirbhisigh, Dáibhí Ó Duibhgheannáin, an Dochtúir Seán Ó Loingsigh, Edward Lluyd, Samuel Moleneaux agus a athair William.[6]

Ba é an chéad scoláire Gaelach ar foilsíodh a chuid saothar i Londain Shasana.

In 1684 scríobh sé cuntas cáiliúil ar Iar-Chonnacht (A Chorographical Description of West or H-Iar Connaught..., 1846). Tá cur síos cuimsitheach ar Iar-Chonnacht maraon le cuid mhór de chúige Chonnacht in "A Chorographical Description of West or h-Iar Connaught", a céadfoilsíodh i Londain i 1684. Athfhoilsíodh "Iar-Chonnacht" i 1848, agus tá fáil air freisin anois ar an ngréasán.

Bhí cnuasach de shean-cháipéisí aige uair, ach ní fios arb éigin dó iad a dhíol nó conas ar chaill sé iad ar deireadh.

Ogygia cuir in eagar

In 1685 d’fhoilsigh Ó Flaithbheartaigh Ogygia: seu Rerum Hibernicarum Chronologia & etc., cuntas Laidine ar stair na hÉireann a bhí á léamh go forleathan sa Bhreatain féin. Tugann "Ogygia" agus "Iar-Chonnacht" stóras mór de stair agus de thraidisiúin Chúige Chonnacht dúinn.

Pléann Ogygia le fabhail, go háirithe an ceangal a dhéanann Plútarc le stair na hÉireann. Is í Ogygia oileán Chailíopsó agus baineann Ó Flaithbheartaigh feidhm aisti mar chomhartha ar Éirinn. Déanann se samhail d’Éireann, atá laistiar den mBreatain, don oileán sa bhfabhal Gréagach a gcaitheann Odysseus seal ann le Calypso. Deir Plútarc go ndeachaigh Earcail go hÉirinn agus gur chaith sé seacht mbliana i bpluais ann. Tugann "Ogygia" cuntas dúinn ar stair na hÉireann i gcoitinne ón Díl ar aghaidh, agus meastar ar na foinsí is tábhachtaí ar stair na tíre é, maraon le saothar Sheathrúin Chéitinn agus na gCeithre Maistrí.

 
Ogygia, or, a Chronological Account of Irish events: collected from very ancient documents, faithfully compared with each other, and supported by the Genealogical and Chronological Aid of the sacred and prophane writings of the first nations of the globe. Written originally in Latin by Roderic O'flaherty, Esq. Translated by the Revd. James Hely, A.B. ...
 

Baintear tairbhe as a lán seancháipéisí chun stair na hÉireann a ríomh chomh fada siar le ré na bhfinscéalta. Tá aiste ann ar Ogham agus í bunaithe ar Auraicept na n-Éces (1390), agus deir Ó Flaithbheartaigh inti go raibh gach litir ainmnithe as crann, tuairim a bhí ag mórán Éireannach sa 17ú haois.

D’aistrigh an tAthair Séamas Ó hÉalaigh an saothar go Béarla in 1793 mar

"Ogygia, or a Chronological account of Irish Events (collected from Very Ancient Documents faithfully compared with each other & supported by the Genealogical & Chronological Aid of the Sacred and Profane Writings of the Globe".[4]

Féach freisin cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. nó Ruaidhrí Ó Flaithearaigh, Rory O'Flaherty, srl
  2. OPW ar Facebook. "GALWAY IRISH OF MAINE, NEW ENGLAND, AND EVERYWHERE, GENEALOGY & HISTORY". Dáta rochtana: 2021.
  3. "The Last Chieftain of Gno Beg" (en). Moycullen Heritage (2019-04-02). Dáta rochtana: 2021-11-07.
  4. 4.0 4.1 4.2 Ó Flaithbheartaigh, Ruairí (1629–1716), Ainm.ie: https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1440
  5. Aquilla Smith, “Journey to Connaught,” Aibreán 1709, in The Miscellany of the Irish Archaeological Society. Volume 1, Dublin, Irish Archaeological Society (1846), lgh 161–178
  6. James G. O'Hara, 'Molyneux, William (1656–1698)', Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, Jan 2008

Tagairtí cuir in eagar

  • Peter Berresford Ellis, "The Fabrication of 'Celtic' Astrology," The Astrological Journal (vol 39. n. 4, 1997)
  • O'Flaherty, Roderick (O Flaithbheartaigh, Ruaidhri), Vincent Morley, in Dictionary of Irish Biography from the Earliest Times to the Year 2002, lgh 469–70, Cambridge, 2010.
  • Roderick O'Flaherty's Letters to William Molyneux, Edward Lhwyd, and Samuel Molyneux 1696–1709, Dublin, Royal Irish Academy, 2012.