Bean rialta agus staraí de chuid na nGall-Ghael ba ea Mary Bonaventure Browne (c.1611 – c.1670).[1] Ceannaí saibhir i gcathair na Gaillimhe ba ea a hathair agus bheadh sirriamacht an chontae aige ach Mionn an Ardcheannais a ghlacadh. Chuaigh Mary isteach i Siúracha Bochta Naomh Clára i gclochar Bheithil in aice le Baile Átha Luain. I 1647 ceapadh í ina ban-ab i nGaillimh.

Infotaula de personaMary Bonaventure Browne
Beathaisnéis
Breith1610
Bás1672
61/62 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, bean rialta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Ord crábhaidhProinsiasaigh

Mar dhuine de na Gall-Ghaeil bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla aici, agus faoin am sin bhí beirt Phroinsiasach ag aistriú cáipéisi a bhain leis an Ord go Gaeilge. Thug Mary léi go dtí Gaillimh an chóip de na cáipéisí úd a rinne Mícheál Ó Cléirigh i 1636. Bhí an chuid is mó gan aistriú go fóill agus ba í Mary a chuir an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh i mbun na hoibre. As seo a tháinig “Riaghail ar Máthar Naomtha S. Clára ar na tionntúdh i ngaoidhilic as bérla ... 1636”.[2]

Nuair a ghéill Gaillimh d’arm na Parlaiminte i 1652 thug na siúracha an Spáinn orthu féin. Cailleadh Mary ann roimh 1694 (cé go bhfuil 1703 luaite freisin mar bhliain a báis).

Ag seo an cur síos a rinneadh uirthi in annálacha an Oird i 1694:

She was prudent, wise and well-spoken in English, Irish and Spanish. She was the mirrour and looking glasse of the religious observance that belonged to her rule and statuts all her life time. She left a true chronicle written under her owne hand, which shee sent to this convent of Sainct Clare, Galway, and a Remonstance, a chalice, a holy curious relick, many pictures, books, ornaments, and other fine things fitting for the Altar and Divine Service. All the aforesaid things were lost and burnt in the late wars, 1691. She and her holy sister Mother Catherine Bernard made their profession in the year 1633.

Rinneadh tagairt i 1732 do shaothar mór stairiúil ceathairfhillte a scríobh sí i nGaeilge agus a bhí caomhnaithe in El Cavallero de Graciam, mainistir i Maidrid.[3] Tá an saothar sin caillte anois.

Nótaí cuir in eagar

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “BROWNE, Mary Bonaventure (c.1611–c.1693) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. In eagar ag Eleanor Knott in Éiriu XV, 1948, faoin teideal ‘An Irish seventeenth-century translation of the Rule of St. Clare’.
  3. Rinne an tAth. Joanne à s. Antonio Salmantino liosta leabhar Proinsiasach i 1732, agus eisean a chuir síos ar an saothar úd. Dúirt sé go bhfaca sé féin é: "Marianna A S. Bonaventura, Hyberna clarissima, ex Clarissis Monasterij Civitatis Galveneis ejusdem Regni, seditionum, ac bellorum causa in Hispaniam translata, Matriti in Coenobia, vulgo dicto el Cavallero de Gracia, exemplaritate vitae refulgens exaravit ingens opus in 4. magno, sermone hybernico, impraesentiarum asservatum à Matritensis Hybenorum Commissario, licentijs, & censuris roboratam. Vidi." A. V, Francesco Maria Bonardello, Bibliotheca universa franciscana, sive alumnorum trium ordinum s. p. n. Francisci qui ab ordine condito, vsque ad præsentem diem, latina, sive alia quavis lingua scripto aliquid consignarunt encyclopædia... 1732, lch 328. [1] Luaite freisin in Marie-Louise Coolahan (2010), Women, Writing and Language in Early Modern Ireland, Oxford University Press, lgh 98-99. ISBN 978-0-19-956745-2

Le léamh cuir in eagar

Browne, Mary Bonaventure (c.1611 – c.1893): An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge [2]

Helena Bean Thomáis Uí Choncheanainn (1929). The Poor Clares in Ireland A.D. 1629 - A.D. 1929.

Nollaig Ó Muraile (1996, athchló 2002). The celebrated antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671): his lineage, life and learning. Maynooth