Leabhar gramadaí na Sean-Ghaeilge ab ea Aiceacht na nÉigeas (Sean-Ghaeilge Auraicept[1] na n-Éces), nó Bunleabhar na nEagnaí/Saoithe, a mheastar go stairiúil gur scríobh scoláire darbh ainm Longarad sa 7ú haois. B'fhéidir gur fíor é go dtéann croí an téacs chomh fada siar sin, ach cuireadh a lán ábhar leis ó shin go dtí gur foilsíodh an cóip is luaithe atá ar marthain sa 12ú haois.

WD Bosca Sonraí LeabharAuraicept na n-Éces

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
TeangaAn tSean-Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán7 haois Cuir in eagar ar Wikidata
fol. 170v as Leabhar Bhaile an Mhóta, Incipit an Auraicept.

Más fíor gur den 7ú haois é, is é an téacs an chéad chás de a chosaint chanúintí, ag cur na Gaeilge labhartha thar Laidin, agus ag teacht roimh De vulgari eloquentia le Dante ar 600 bliain agus O pismeneh le Chernorizets Hrabar ar 200 bliain.

Lámhscríbhinní cuir in eagar

Caomhnaítear an saothar sna lámhscríbhinní a leanas:

  1. Coláiste na Tríonóide, H 2.18. (Leabhar Laighneach), c. 1160
  2. CnT, H 2.16. (Leabhar Buí Leacáin), 14ú haois
  3. Acadamh Ríoga na hÉireann, 23 P 12 (Leabhar Bhaile an Mhóta), fól. 169r–180r, c. 1390

Ábhar cuir in eagar

Tá san Auraicept ceithre leabhar:

I: Leabhar Fenius Farsaid
II: Leabhar Amergin
III: Leabhar Ferchertne, File
IV: Leabhar Cennfaeladh

Molann an t-údar an teanga Gaeilge, á cur i gcomórtas leis na hábhair a úsáideadh chun an Túr Bháibil a thógáil:

Dearbhaíonn eile nach raibh sa túr ach naoú ábhar agus gurbh iad sin cré agus uisce, olann agus fuil, adhmad agus aol, pic, línéadach, agus biotúman ... Léiríonn siadsan represent ainmfhocal, forainm, briathar, dobhriathar, rangabháil, cónasc, réamhfhocal, intriacht.

Tug faoi ndeara an neamhréir de naoi n-ábhar ach ocht roinn chainte.

Mar a chuir Eco (1993) in iúl, maíodh gurbh í an Ghaeilge an t-aon teanga amháin a tháinig slán as mearbhall na dteangacha, de bhrí gurbh í an chéad teanga a cumadh tar éis titim an túir. Chum an bheirt saoithe is seachtó de scoil Fenius an teanga úd, ag tógáil gach is fearr as gach teanga chun Gaeilge a chruthú. Tugann Calder faoi ndeara (lch. xxxii) gur tugadh an tsraith fhileata den 72 cine ó dhán le Luccreth moccu Chiara.

Ogham cuir in eagar

Ar cheann desna trí príomhfhoinsí is tábhachtaí an Oghaim is ea Auraicept na n-Éces, iad eile ná An Leabhar Oghaim agus De Dúilib Feda na Forfid. I Leabhar Bhaile an Mhóta, faightear cóip den Leabhar Oghaim díreach roimh an Auraincept, ach in ionad Bríatharogam Con Culainn le fáil i leaganacha eile, tá ann oghaim éagsúla rúnda. Tá an Younger Futhark le fáil ann freisin, fán ainm Ogham Lochlannach.

 
fol. 170r as Leabhar Bhaile an Mhóta, leaganacha oghaim, ui. 43 (sluagogam) go ui. 77 (sigla).

Maraon le cás tús áite na dteangacha Gaelacha, maíonn an tAuraicept gur chum Fenius Farsaid ceithre aibítir: Eabhrais, Ghréigis and Laidin; agus sa deireadh Ogham. Maítear fosta gurb an aibítir is críochnúla é an Ogham póite gur cumadh é ar deireadh. Is é an téacs an fhoinse gurbh as crainn a ainmníodh na litreacha, ach moltar i dteannta sin gurbh fhéidir gur ainmníodh iad as na cúig baill is fiche de scoil Fenius.

This is their number: there are five groups of ogham and each group has five letters and each of them has from one to five scores and their orientations distinguish them. Their orientations are: right of the stemline, left of the stemline, across the stemline, through the stemline, around the stemline. Ogham is climbed as a tree is climbed.[2]
 
Fége Find Fuinneog Fhionn

Foinsí cuir in eagar

  • James Acken, Structure and Interpretation in the Auraicept na nÉces. Saarbrücken: VDM Verlag, Dr. Müller e.K., 2008. ISBN 978-3-639-02030-4
  • Anders Ahlqvist, The Early Irish Linguist (Auraicept na nÉces), Helsinki 1982
  • Calder, George (1995). "Auraicept na n-Éces : the scholars' primer; being the texts of the Ogham tract from the Book of Ballymote and the Yellow Book of Lecan, and the text of the Trefhocul from the Book of Leinster". Blackrock: Four Courts Press.  Curtha i gcartlann 2006-09-04 ar an Wayback Machine
  • Umberto Eco, The search for the perfect language (1993, aistriúchán Béarla 1995).
  • —, Serendipities : Language and Lunacy (1998).
  • Erich Poppe, "Die mittelalterliche irische Abhandlung Auraicept na nÉces und ihr geistesgeschichtlicher Standort", in: Theorie und Rekonstruktion, eag. von Klaus D. Dutz & Hans-J. Niederehe. Münster: Nodus, 1996, ll. 55-74.
  • —, "Natural and Artificial Gender in Auraicept na nÉces", in: SH 29, 1995–97, 195-203.
  • —, "Latinate Terminology in Auraicept na nÉces", in: History of Linguistics 1996, Iml. 1: Traditions in Linguistics Worldwide, eag. David Cram, Andrew Linn, Elke Nowak. Amsterdam & Philadelphia: John Benjamins. 1999, ll. 191-201.
  • —, "The Latin Quotations in Auraicept na nÉces: Microtexts and their Transmission", in: Ireland and Europe in the Early Middle Ages. Texts and Transmission, eag. Próinséas Ní Chatháin & Michael Richter. Baile Átha Cliath: Four Courts, 2002, ll. 296-312.
  • Damian McManus, A Guide to Ogam, An Sagart, 1997.
  • R. Thurneysen, "Auraicept na n-éces", in: ZCP 17, 1928, ll. 277–303.
  • Engesland, Nicolai Egjar, "Auraicept na nÉces: A Diachronic Study. With an Edition from the Book of Uí Mhaine", 2020 (Unpublished Ph.D.-thesis, University of Oslo, Norway).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. aiccecht, (ai)ceacht, Laidin accepta; cf airaiccecht, bun leabhar; ar eDIL
  2. Aistriúchán Béarla le McManus