Tráchtas Sean-Ghaeilge faoin aibítir Oghaim is ea An Leabhar Oghaim (Sean-Ghaeilge In Lebor Ogaim), aitheanta fosta mar an Dréacht Oghaim. Is príomh fhoinse é dosna Briatharoghaim.

Leabhar Bhaile an Mhóta f. 170r, leaganacha oghaim uimh. 43 (sluagogam) go uimh. 77 (sigla).

Faightear sa Dréacht sraith céad ogham éagsúla nó rúnda. Cuirtear an Younger Futhark in iúl fiú mar "Ogham Lochlannach" (Uia. 91, 92). Is liostaí focal roinnt díobh bunaithe ar an aibítir, agus is amhlaidh gur córais áirimh roinnt eile díobh. Níl ann ámh sa chuid is mó díobh ach leaganacha éagsúla chun an aibítir oghaim a scríobh. Scrúdaigh Macalister (1937) agus ag McManus (§7.11, 1991) iad chun léirmheas a thabhairt.

LámhscríbhinníCuir in Eagar

Caomhnaítear an dréacht sa lámhscríbhinní a leanas:

Ní fheictear an teideal sna lámhscríbhinní, ach luaitear é in Auraicept na n-Éces (f. 2813f) mar amal isber in leapar ogaim, agus dá bharr a ainm.

Teagasc agus feidhmCuir in Eagar

Mar file Gaelach, b'éigean duit céad ogham is caoga a fhoghlaim mar chuid dod' theagasc, caoga in aghaidh na bliana le linn na chéad trí bliana ag staidéar (McManus § 7.13, 1991).

Mhol Macalister go gcuirtí na habaítrí oghaim seo i bhfeidhm mar chóid chumarsáide rúnda. De réir McManus ámh, ní léir iad buntáistí na n-aibítrí. Is dócha gur taisce fhoclóra leathain ab ea na liostaí, rangaithe go háisiúil, ach níl ann ach líon beag díobh, agus molann sé nach bhfeictear sna cinn eile ach dúspéis na hintinne meánaoisí le habaítrí diamhra.

Liostaí focalCuir in Eagar

Cuimsítear sa dréacht roinnt liosta focal, agus na túslitreacha in ord na haibítre le focal ina dteannta. Mhol Macalister gur glacadh iad chun caint i gcód, ach de réir McManus, ní raibh iontu ach liostaí aicmithe. Seo a leanas roinnt samplaí:

Enogam
Éanogham
Dathogam
Dathogham
Ogam tirda
Ogham tíre
Danogam
Ogham dána
Ogam Cuidechtach
Ogham Cuideachta
  • besan piasún
  • lachu
  • faelinn faoileán
  • seg seabhac
  • naescu naoscach
  • hadaig[1] fiach oíche
  • droen dreoilín
  • truith druid
  • c (ar iarraidh)
  • querc cearc
  • mintan meantán
  • géis eala
  • ngéigh
  • smólach
  • rócnat[2] préachán beag
  • aidhircleog pilibín
  • odoroscrach[3] ainm éin
  • uiseog fuiseog
  • ela
  • illait ilrín
  • bán
  • liath
  • flann
  • sodath
  • necht nite/geal
  • huath fuath
  • dub
  • temen dubhliath
  • crón donn
  • quiar/ciar
  • mbracht
  • gorm
  • nglas
  • sorcha
  • ruadh
  • alad alabhreac
  • odhar[4] donn
  • usgdha róisíneach
  • erc[5]
  • irfind an-fhionn
  • bíail tua
  • loman iall
  • fidba[6] bileog
  • srathar diallait
  • nasc
  • húartan[7] ?
  • dabach
  • tál[8]
  • carr
  • cual[9]
  • machad[10]
  • gat saileánach
  • ngend ding
  • súst súiste
  • rúsc
  • arathar
  • ord
  • usca[11] fraoch?
  • eipit[12] corrán
  • indeoin
  • bethumnacht beatha
  • luamnacht luamh
  • filideacht filíocht
  • sairsi saoir(s)e
  • notaireacht nótaire
  • H-airchetal[13] aireachdal
  • druidheacht draoi
  • tornoracht torn
  • cruitireacht cruit
  • quislenacht cuisle
  • milaideacht míle
  • gaibneacht gabha
  • ngibae múnlú
  • sreghuindeacht[14] fia-stalcaireacht
  • ronnaireacht roinn
  • airigeacht aire
  • ogmóracht ogham
  • umaideacht umha
  • enaireacht éan
  • iascaireacht, nó ibroracht iasc, iúr
  • Bachlaid[15] sagairt
  • Laichesa banalochra
  • Fianna
  • Senada seanaid
  • Noeim naoimh
  • le déananh

Liostaí áirimhCuir in Eagar

Ogam uiscech/Ogham Uisneach: is dócha gur scéim áirimh atá ann, agus d'fhéadfadh é mar sin go n-úsáidtí é chun maoin a thaifeadadh.

Conogam/Ogham Chú: Tá bonn áirimh ag baint leis an liosta seo.

Bo-ogam/Ogham Bó: Is dócha gur scéim áirimh atá i ceist anseo freisin, chun b'fhéidir seilbh bólachta a thaifeadadh.

Ogham Aicme
Beith hUath Muin Ailm
Uisceach Sruth Cora Abha Tobar
Madra Faire Tréadaí Measán
Loilíoch[16] Gamhnach[17] Samhaisc[18] Dairt[19]

Aibítrí ilchinéalachaCuir in Eagar

Faightear sa dréacht roinnt aibítrí le feidhmeanna éagsúla, mar a leanas:

Macogham: Seo modh chun inscne linbh sa bhroinn a thuar. Tugtar ainm na máthar agus "roinntear é, mura raibh leanbh aici roimhe sin. Má raibh leanbh aici roimhe sin ámh, tugtar ainm an linbh sin agus roinntear é. Agus má tá litir sa bhreis, is buachaill atá ann. Má tá ré-uimhir ann, tugfar iníon ar an saol." Is dócha go gciallaíonn é seo go ndéanann ainm le corrlitreacha fáistine ar buachaill, ré-uimhir ar cailín.

Cossogam/Foot-ogam: Déantar cur síos ar slí chun ogham a chomharthú le méara ar an gcois. "Méara na láimhe timpeall chnámh na lorga dosna litreacha agus iad a chur faoi dheis na lorga d'Aicme Bheithe. Faoi chlé d'Aicme Uatha. Fiarthrasna na lorga d'Aicme Mhuine. Trasna d'Aicme Ailme, viz, mear amháin don chara litir na haicme, dhá don dara litir, go mbeadh cuid mhéar san áireamh don aicme ab ea ann."

Sronogam/Srónogham: Is ionann seo agus cosogham, seachas go n-úsáidtear an tsrón in ionad na coise. "Méara na láimhe timpeall na sróine viz, similiter faoi dheis agus chlé, fiarthrasna, trasna."

Basogam/Bosogham: manus aliam percutit lignorum as Laidin, .i. buaileann bos adhmad ar shlite éagsúla'. Ní thugtar sonraí ar bith eile.

Cend a muine/Ceann I muin: Is é atá i gceist anseo ná litir a scríobh in ionad ainm na litreach úd at tús focail éigin más féidir, m.s., CLE a scríobh in ionad ceirtle.

Cend fo muine/Ceann faoi mhuin: Is a mhalairt den scéim thuas é seo, ina seasann litir in ionad ainm na litreach ag deireadh focail, m.s. MAELR do Maelruis

Leaganacha rúndaCuir in Eagar

Seo a leanas roinnt samplaí suimiúla de leaganacha oghaim rúnda (uimhriú de réir Calder):

 
The consonants of the ogham alphabet (non-IPA).
 
The vowels of the ogham alphabet (non-IPA). Note: This is the vertical writing of ogham. In the horizontal form, the right side would face downward.

Ui. 1: Áradach Fionn/Dréimire FhionnCuir in Eagar

Tá a heireaball ingreach féin ag gach litir sa leagan seo, rud a spreag an hipitéis gur cumadh Ogham ar dtús mar nodaireacht cheoil. De réir Sean O’Boyle,[20] d'fhéadfaí Dréimire[21] Fhionn a chur i bhfeidhm mar nodaireacht mhéara ar chláirseach. Measann Máire Egan (1983) ámh, de bharr easpa fianaise maidir le seinm na cláirsí tradisiúnta, ní féidir an smaoineamh a chruthú ar dhóigh amháin nó eile.

Ui. 11: Rúnogham na bhfiannCuir in Eagar

 
Rúnogham na bhfiann

Ui. 14: Ogham BhricreannCuir in Eagar

Sa leagan seo, tá eang amháin don litir B, dhá rang don litir L, agus mar sin de go dtí ar deireadh fiche eang don litir I. Tugtar dán gearr ansin sa scéim sách mhaslach seo. Níorbh fhéidir le Macalister bun ná barr a fháil air, agus dúirt gur bhlúirín ársa de shaíocht na ndraoithe a bhí ann. Scrúdaigh Meroney an dán arís agus d'aimsigh sé rabhcán faoin bhfile agus é éagaoineadh a dhrochrogha dí!

Sean-Ghaeilge Nua-Ghaeilge

Uisge slébi ním sása
coibche[22] gon gére n-gnúsa
deoc daim duinn techtas blúsar[23]
bes lúsar[24] gen go lúsa

Usice sléibhe ním' shásamh
Spré a ghoin géar mo ghnúis
Deoch damh dhoinn a bhúireann
Go mbaine sé só as, ach ní bhainim [25]

Ainmníodh an aibítir seo as an scabhaire Bricre, file rí na nUladh, Conchúr Mac Neasa, mór le rá dá theanga nimhneach agus dá chumas ag cothú achrainn.

Ui. 17: Ogam adlenfid/Ogham LitiraidhlinneCuir in Eagar

Sa leagan seo (aidhleann feánna nó raca litreacha), bíonn scíob in aghaidh na scorlíne amhail is an aicme chuí, le líon oiriúnach stríoc cothromach ag a dheireadh mar is gá don litir. An-chosúil le hui. 51 é seo, seachas go gcuirtear na stríce ag deireadh na scríbe.

Ui. 19: Crád Cride Ecis/Crá Croí EagnaíCuir in Eagar

Cuirtear cruth dronuilleogach in aghaidh na scorlíne amhail is an aicme, le líon oiriúnach stríoc ag teacht óna bharr mar is gá don litir. Is deacair a thuiscint céard é san aibítir seo a bhfuil ina chúis chrá croí níos mó ná cinn eile, ach feictear ar a laghad féith ghrinn i bhfeidhm.

Ui. 23: Foraicimib 7 Deachaib/Aicmí Breise agus SiollaíCuir in Eagar

Bacht, lact, fect, sect, nect; huath, drong, tect, caect, quiar; maei, gaeth, ngael, strmrect, rect; ai, ong, ur, eng, ing. Is liostaí sa bhreis iad seo de shiollaí ba chóir do scoláirí an oghaim a fhoghlaim mar chuid dá dteagasc gramadaí. Tá roinnt aibítrí den chineál seo sa dréacht.

Ui. 32: Ogam Dedanach/Ogham DéanachCuir in Eagar

Scríobhtar litir deatach d'ainm na litreach, in ionad na litreach féin, .i. 'E' in ionad 'B', 'S' do 'L', 'N' do 'F', 'L' do 'S', 'N' do 'N', srl. Bhíodh a leithéid d'aibítir beartaithe chun cód rúnda a chruthú.

Ui. 33: Cend ar Nuaill/Ceann ar EileCuir in Eagar

I ngach aicme, scríobhtar an chéad litir don litir deireanach, agus a mhalairt, m.s. 'N' in ionad 'B', agus 'B' do 'N', srl; agus an dara litir don dara ón deireadh, m.s. 'L' in ionad 'S' agus 'S' dp 'L' srl.[26] Is breacnuithe ar an bhfonn seo de mhalartú litreacha iad roinnt de na haibítrí.

Ui. 35: Ogam Buaidir Foranna/ Ogham Buairimh FeirgeCuir in Eagar

Tóg an chéad litir den chéad Aicme Bheithe (.i. Beith), agus scríobh é faoi aon go cúig do ghach litir na haicme. Ag leanúint ar aghaidh, for Group H, tóg an dara litir den dara Aicme Uatha (.i. Dair), agus scríobh é faoi aon go cúig do ghach litir na haicme, srl. Is amhlaidh go n-eascraíonn ainm suimiúil na haibítre as deacrachtaí an léitheora ag iarraidh ciall a bhaint as aon rud scríofa leis![27]

Ui. 40: Brec Mor/Breac MórCuir in Eagar

Bíonn scríob amháin in aghaidh na scorlíne mar is gá don aicme, agus ansin á mhéid eang lúide a haon amháin mar is gá don litir, m.s. tá ag an litir 'F' ᚃ scríob amháin ar an scórlíne i dteannta le dhá eang.

Ui. 51: Ogam Dedad/Ogham DeadhadhCuir in Eagar

Bíonn scríob amháin in aghaidh na scorlíne mar is gá don aicme, agus a mhéid stríoc cothromach ag rith amach as a raibh dheis mar is gá don litir. An-chosúil le hui. 17 is ea é, seachas go scríobhtar na stríoca i lár na scríbe.

Ainm eile is ea Clanna Dedad[28] dosna na hÉrainn, an cine daonna as a n-ainmníodh an tír.

Ui. 63: Ogam Érimóin/Ogham ÉireamhóinCuir in Eagar

Bíonn uillinneacha nó cruthanna in aghaidh na scorlíne mar is gá don aicme, ceann ar cheann mar is gá don litir. Ainmnítear an aibítir seo as Éireamhón mac Mhíle, céad rí na hÉireann, agus a mheastar gur shinsear na nGael ab ea é.

Ui. 64: Ogam Snáithi Snímach/ Ogham Snáithe ShníomhaighCuir in Eagar

In ionad stríoc, bíonn cruthanna 'X' ann, ceann ar cheann a haon go cúig mar is gá don litir, mar a chéile leis an bhforfid, Eamhancholl.

Ui. 66: Nathair fria Fraech/Nathair trí FhraochCuir in Eagar

Scríobhtar líne chorrach amhail is nathair.

Ui. 73: Ogam Airenach/Ogham ScéitheCuir in Eagar

 
Ogam airenach

Ui. 74: Rothogam Roigni Roscadhaig/Rothogham Ranna RoscaidhCuir in Eagar

Tá nasc arís anseo le rosc (reitric) agus filíocht. Tá cuma roth nó sciath adhmaid an ogham seo, leis an litir 'C' cabhartha air.

 
Rothogam roigni roscadhaig, Rothogham Roigne Roscadhaigh"

Ui. 75: Fége Find/Fuinneog FhionnCuir in Eagar

Tá bua na nuachta ag an leagan seo, go gcóirítear na litreacha i ndea-sraith fáinní.

Tá an chiall 'maide mullaigh' ag an bhfocal fége[29], a d'úsáidtí chun teach a thacú. B'fhéidir go bhfuil teach ciorclach na hiarannaoise le spreagadh leis an aibítir seo.

Aimníodh an aibítir as an laoch seanscéalach, Fionn mac Cumhaill.

 
Fége Find, Fuinneog Fhoinn

Ui. 76: Traig Sruth Ferchertne/Trá-Sruth FerchertneCuir in Eagar

Eagraítear na litreacha i sraith chearnóg. File miotasach mór le rá ab ea Ferchertne, a léirigh feabhas cheird an fhile. Luaitear é mar údar an chuid in Auraicept na n-Éces maidir le filíocht. De réir Uí Ógáin, chomh iontach ab ea cumhachtaí fileata Ferchertne go dtriomaíonn na locha is na haibhneacha agus é ag cumadh aortha, agus go n-éiríonn siad agus é á moladh. B'fhéidir go míníonn seo an t-ainm (lag)'Trá-Sruth'.

Ui. 83: Tráig Sruth Ferchertne /Trá-Sruth FerchertneCuir in Eagar

Tá an ainm céanna ag an aibítir seo mar atá ag Ui. 76 thuas, agus tá dán ina teannta ag labhairt le Nere, príomhbhreitheamh na bhFilí Gaelacha. Seo a leanas aistriúchán Béarla le McManus as an Sean-Ghaeilge dhoiléir chasta:

O splendid famous judging Nere,
If you treat of pure Ogham,
I can name straight off in rapid words
Every unfamiliar variation of Ogham,
Of which you inquire in fitting questions.
For you are a multi-skilled luminary
Of the thrice fifty varied Oghams
Set at the time of primary study

Ui. 91: Ogham LochlannachCuir in Eagar

 
Ogham Lochlannach (Futhark)

FoinsíCuir in Eagar

  • Auraicept na n-Éces, le fáil ar CELT, G502003
  • Calder, G, Auraicept na nÉces (1917), Dún Éadain
  • Egan, M, 'Reflections on Ogam and the Irish harp', Éigse 19 (1983), ll. 217–229
  • Macalister, R.A.S. The Secret Languages of Ireland, 'Chapter II 'Cryptology', Cambridge University Press (1937)
  • McManus, Damian, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), ll. 127–168.
  • McManus, Damian, A Guide to Ogam, Maynooth, 1991
  • Meroney, H, 'A Druidic liturgy in Ogam Bricrenn?', Modern Language Notes 62, (1947) ll. 187–9.
  • O'Boyle, S Ogam; the poets' secret (1980)
  • Ó hÓgáin, Daithí, Myth, Legend and Romance: An Encyclopedia of the Irish Folk Tradition, Prentice Hall Press, Nua Eabhrac, (1991)

TagairtíCuir in Eagar

  1. 3 adaig, ainm shaghas éin, ar eDIL
  2. rocnat at eDIL
  3. odor liathdhonn ar eDIL
  4. cf. Leabhar na hUidhre
  5. 2 erc, breac, dubhdhearg, ar eDIL
  6. 1 fidba ar eDIL
  7. úartan ar eDIL
  8. tál1 ar teanglann.ie FGB
  9. cual, beart, ar teanglann.ie FB
  10. 1 macha, machad, bleánlann, ar eDIL
  11. usca ar eDIL
  12. eipit ar eDIL
  13. airchetal at eDIL
  14. sédguinecht ar eDIL
  15. 1 bachlaid (c), sagart, ar eDIL
  16. bó bhainne
  17. bó ag deireadh a tréimshe tháil/lachta, ag tabhairt ach beagán bainne
  18. bodóg trí bliana
  19. bodóg aon bhliain
  20. O’Boyle, ‘Ogam: The Poet’s Secret’
  21. áradh Lit. ar teanglann.ie FGB
  22. [fff coibche], spré, tochra, ar eDIL
  23. blúsar, búir, ar eDIL
  24. lús(aid), ól; bain só as; ar eDIL
  25. Meroney, Howard. “A Druidic Liturgy in Ogam Bricrend?” Modern Language Notes, iml. 62, ui. 3, 1947, ll. 187–189. JSTOR, www.jstor.org/stable/2910034.
  26. 1 núall ar eDIL
  27. búaidir, buair, cráigh, ar r eDIL
  28. Dedad C Nom. (c) ar eDIL
  29. féige, géire; nó féice, féic, maide mullaigh; ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P