Ba iad na draoithe sagairt an chreidimh Cheiltigh roimh theacht na Críostaíochta.

Draoi, in íomhá ó Shasana.

Oideachas cuir in eagar

B'fhir léannta iad na draoithe. B’oiliúint fhada dheacair í oiliúint an draoi de ghnáth, oiliúint a mhairfeadh suas le 20 bliain. Ní raibh iomrá ar bith ar léamh nó ar scríobh agus dá bhrí sin ba ó bhéal a chuir na draoithe a gcuid eolais ó ghlúin go glúin. Bhíodh ar an draoi gach eolas agus scéalta na ndaoine a chur de ghlanmheabhair.

Ról cuir in eagar

Bhíodh ról tábhachtach ag na draoithe i sochaí na gCeilteach. Ba mhúinteoirí iad agus eolas acu ar na dlíthe. Bhí ról acu i gcúrsaí cogaíochta. Dúradh go raibh draíocht ag na draoithe. Ba mhinic a thugadar comhairle don taoiseach agus ba mhinic fosta a shocraíodar aighneas idir daoine.

Bhíodh sé de dhualgas ar an draoi féilire na bliana, a léirigh na laethanta ámharacha agus na laethanta mí-ámharacha, a chur le chéile. Eisean a bhíodh ag ofráil íobairtí do na déithe agus ag eagrú na bhféilte. Mar shampla d’eagraíodh sé féile na Samhna nuair a d’ofráiltí íobairtí don dia Daghdha agus d’eagraíodh sé féile Lúnasa in onóir an dé Lugh.

Deir Leabhar Gabhála na hÉireann linn gur ar Lá Bealtaine a tháinig Tuatha Dé Danann i dtír agus insíonn téacs ón naoú haois dúinn go gcuireadh na draoithe tréada amach chun féaraigh ar an lá sin idir dhá thine chnámh.

Leabharliosta cuir in eagar

Foinsí príomha cuir in eagar

Foinsí tánaisteacha cuir in eagar

  • Aldhouse-Green, Miranda J., Exploring the World of the Druids (London: Thames and Hudson, 1997)
  • Ellis, Peter, B., "The Druids" (William B. Eerdmans, 1994)
  • Cunliffe, Barry: Druids: A Very Short Introduction, Oxford University Press, Oxford 2010, ISBN 978–0–19–953940–6
  • Fitzpatrick, A. P,. Who were the Druids? (London: Weidenfeld & Nicolson, 1997)
  • Higgins, Godfrey, The Celtic Druids (London: Rowland Hunter, 1829)
  • Hutton, Ronald, The Druids: A History (London: Hambledon Continuum, 2008)
  • Hutton, Ronald, Blood and Mistletoe: The History of the Druids in Britain (Yale University Press, 2009)
  • Piggott, Stuart, The Druids (London: Thames and Hudson, 1975)
  • Inge Resch-Rauter Auf den Spuren der Druiden. Teletool Edition, ISBN 3-9500167-1-6
  • Miranda J. Green: Die Druiden. Bechtermünz Verlag., Augsburg 2000, ISBN 3-8289-0737-7
  • Francoise Le Roux, Christian-J. Guyonvarc’h, Die Druiden ISBN 3-927940-23-2
  • Peter Berresford Ellis: Die Druiden ISBN 3-8289-0756-3
  • Yann Brekilien: La Mythologie celtique, Éditions du Rocher, Monaco 1993,ISBN 2-268-01631-5
  • Christian-J. Guyonvarc'h: Magie, médecine et divination chez les Celtes, Bibliothèque scientifique Payot, Paris, 1997 ISBN 2-228-89112-6
  • Christian-J. Guyonvarc'h, Françoise Le Roux: La Civilisation celtique, Ouest-France Université, coll. « De mémoire d’homme : l’histoire », Rennes 1990, ISBN 2-7373-0297-8
  • Christian-J. Guyonvarc'h, Françoise Le Roux: Les Fêtes celtiques, Ouest-France Université, coll. « De mémoire d’homme : l’histoire », Rennes 1995, ISBN 2-7373-1198-5
  • Venceslas Kruta: Les Celtes, Histoire et Dictionnaire, Éditions Robert Laffont, coll. « Bouquins » , Paris 2000, ISBN 2-7028-6261-6
  • Jean-Paul Persigout: Dictionnaire de mythologie celte, Éditions du Rocher, Monaco 1985, ISBN 2-268-00968-8
  • Gwenc'hlan Le Scouëzec: Les Druides, – volume 1 : Des origines à l'Empire romain, Éditions Beltan, 2001, ISBN 2-9516454-0-6
  • Spence, Lewis, Druids: Their Origins and History (New York: Barnes & Noble, 1995) ISBN 1-56619-894-1
  • Anonyme, Le Dialogue des deux Sages présenté et annoté par Christian-Joseph Guyonvarc'h, Bibliothèque scientifique Payot, Paris 1999, ISBN 2-228-89214-9
  • Jean-Louis Brunaux, Les druides : Des philosophes chez les Barbares, Éditions du Seuil, Paris 2006, ISBN 978-2-02-079653-8
  • Jean-Louis Brunaux, Druiden : Die Weisheit der Kelten (dt. Ausgabe Ebd.), Klett-Cotta, Stuttgart 2009, ISBN 978-3-608-94470-9
  • Helmut Birkhan, Die Kelten.Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, Wien, 1997, ISBN 3-7001-2609-3
  • Jean Markale: Die Druiden, Gesellschaft und Götter der Kelten, Bechtermünz-Verlag 1996, ISBN 3-89350-438-9