Ceiliúrtar Féile na Bealtaine ar an 1 Bealtaine. Baineann Bealtaine — agus go áirithe Lá Bealtaine — le féilire ársa na hÉireann.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Bealtaine
Íomhá
Cineálsaoire phoiblí
gnás Cuir in eagar ar Wikidata
1 Bealtaine
an chéad Luan de mhí Bealtaine Cuir in eagar ar Wikidata

Síltear go mb’fhéidir go gciallaíonn an focal beal ‘solas geal’ agus is ionann an dara cuid den fhocal agus ‘tine[2].  Tá baint láidir idir an fhéile seo agus tinte i mbéaloideas na hÉireann.

Sceach ghea (Crataegus monogyna) i mí na Bealtaine
nós Wicca, am "Beltane" sa Bhreatain Bheag (Llun sy'n darlunio Allor Wicaidd, ar gyfer Calan Mai)
altóir in Éirinn, Lá Bealtaine[3]
Rince crann Bealtaine, Sasana

Bhí an bhliain roinnte ina dhá cuid — ó Shamhain go Bealtaine an geimhreadh, agus ó Bhealtaine go Samhain an samhradh agus an fómhar. B'iad Imbolg agus Lúnasa an dá fhéile mhóra eile, Imbolg ag tús an earraigh nuair a bhí an síol le cur agus Lúnasa nuair a thosaigh an fómhar mór.

 
Tine chnámh

Oíche Bhealtaine

cuir in eagar

Bhí an oíche dhraíochtúil.

  • Bhí an nath ann a bheith "idir dhá thine Bhealtaine"[4]. Bhíodh dhá thine chnámh mar chuid de cheiliúradh na Bealtaine. Léimeadh lánúna óga thar an tine, thíomántaí na ba thairsti leis ar uairibh; thugtaí biorgadáin nó sméaróidí den tine abhaile leis an buaile agus an macha a bheannú.
  • Nuair a bhíonn duine a bhfuil Gaeilge aige/aici i bponc faoi rud éigin, is minic a déarfaidh sé/sí “tá mé idir dhá thine Bhealtaine faoi.” Go dtí céad bliain ó shin, bhíodh sé de nós ag daoine in áiteanna áirithe faoin tuath in Éirinn dhá thine mhóra a lasadh ar an lá seo agus na ba a thiomáint idir an dá thine seo lena gcosaint ar aicídí. De réir téacs ón deichiú haois darb ainm Sanas Chormaic, bhí nós ag na draoithe an rud céanna a dhéanamh le linn ré na bPágánach na céadta bliain roimhe sin.

Is iontach go deo an lear seanchais agus pisreog atá fúithi.[5] Mar shampla, bhí piseoga gránna ann. Deirtear nach ceart bainne a thabhairt go duine Lá Bealtaine. Má thugann tú bainne go duine ní bheidh mórán ime agat "ar feadh na bliadhna".[6]

Bhí nósanna deasa ar Lá Bealtaine chomh maith.

  • Chreideadh na cailíní go raibh de bhua ag drúcht Lá Bealtaine go ndéanfadh sé snó agus maise a chur ar d'aghaidh.

Feirmeoireacht

cuir in eagar

Is ar Lá Bealtaine a thosaíodh biaiste an bhuaile; thiomántaí na ba agus an stoc ó sheanláthair suas go dtí na sléibhte agus d'imíodh an chlann leo don samhradh le féaránach a bheith ag an stoc ar na sléibhte fad a bhí féar don gheimhreadh ag fás timpeall an tseantí.

Ó Shasana a tháinig nós an "Maypole", nó rince timpeall ar phola maisithe le bláthanna. Ach bhí an nós forleathan i gCiarraí agus i gCorcaigh, a scríobh Ó Fiannachta. Théadh daoine timpeall na sráideanna le Maypole agus bhíodh rince acu os comhair na dtithe mar a bhíonn lá an dreoilín.

  1. Féile na Bealtaine le Pádraig Ó Fiannachta, An Sagart, Earrach 1996
  2. bbc.co.uk (27 D.F. 2011). "Féilte na SeanGhael". Dáta rochtana: 4 Lúnasa 2018.
  3. "File:May Altar in Ireland.jpg - Wikimedia Commons". commons.wikimedia.org. Dáta rochtana: 2019-05-01.
  4. Dúchas.ie
  5. "Ná tabhair ainm ainmhí ar aon duine inniu, is ná caith amach uisce ar an tsráid – 30 pisreog Lá Bealtaine" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-05-01). Dáta rochtana: 2024-05-01.
  6. MOLSCÉAL (2019T02:06). "Piseoga Lá Bealtaine ó @duchas_ie". @MOLSCEAL. Dáta rochtana: 2019-05-01.