Uath (ogham)
Is í an séú litir den aibítir oghaim an tUath[1] (Sean-Ghaeilge Úath[2]). Is í an chéad litir, agus dá bharr an ainmlitir, den Aicme Uatha, sraith chúig litir atá de réir tréithe scríoba suas nó faoi chlé na stoclíne. Trascríobhtar é mar ʜ sna lámhscríbhinní, ach ní fhaightear fianaise di sna hinscríbhinní atá ar marthain. Tugtar mar chiall idir (f)uath agus sceach gheal. Moltar inniu [j] di mar luach foghraíochta.
Uath | ||||
---|---|---|---|---|
Cineál | litir oghaim | |||
Ball de | ogham | |||
|
Sanasaíocht
cuir in eagarDe bharr easpa fianaise agus gur cailleadh an túschonsan, is doiléir é sanasaíocht na litreach, agus mar sin fosta a luach foghraíochta.[3] Athchruthaíodh an focal sa Ghaeilge Chianach mar *osato-.
Mhol McManus (1986) an luach /y/ (.i. an leathghuta [j]).[4] Mhol Peter Schrijver, dá mb'fhíor gur gaol le pavere na Laidine ab ea úath "eagla", go bhféadfadh gur caomhnaíodh rian de PIE-*p sa Ghaeilge Chianach, ach arís, tá easpa fianaise ann.[5]
Bríatharogam
cuir in eagarIs iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sa Bhriatharogham:[6]
- condál cúan[7] (comhdháil conairte) i mBriatharogham Morann mic Moín
- bánad gnúise (bánú gnúise/aghaidhe) i mBriatharogham Mac ind Óc
- ansam aidche "(is ansa[8]/deacra istoíche) i mBriatharogham Culainn.
Cé go molann na nathanna úd uafás mar chiall don litir, san Auraicept na n-Éces faightear an ghluais 'sceach gheal':
- comdal cuan huath .i. sce L. om; no ar is uathmar hi ara deilghibh (comhdháil conairte is ea huath (.i. sceach gheal); nó óir is uathmhar/uafar/uafásach í ara dealga).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ uath1, 2, 4 ar teanglann.ie FGB, uafás, sceach gheal, fuath
- ↑ 3 úath, sceach gheal, 1 úath, fuath
- ↑ McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806.
- ↑ op. cit., lch 36.
- ↑ op. cit., lch 37.
- ↑ Auraicept na n-Éces, George Calder, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
- ↑ 1 cúan
- ↑ ansa2 ar teanglann.ie FGB