Litreacha sa bhreis san aibítir oghaim is ea na Forfeda,[1] i dteannta leis an bunliosta le fiche litir. Cumadh iad i ré na Sean-Ghaeilge, roinnt céadta tar éis bhuaic an Oghaim. Is amhlaidh go seasaidís d'foghair a measadh a bhí ar iarraidh sa bhunaibítir, mar shampla é(o), ó(i), ú(i), ch agus p.

Bosca Sonraí GraiféimForfeda
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata

Aicme Forfeda cuir in eagar

ᚕ ᚖ ᚗ ᚘ ᚙ

Cuireadh na forfeda is tábhachtaí ina n-aicme féin: Éabhadh, Óir, Uilleann, Pín agus Eamhancholl.

Luach foghraíochta cuir in eagar

Is iad a leanas luachanna foghraíochta na bhforfid, a mbunluachanna agus iad a cumadh níos deireanaí — féach thíos.

Ainm Foghair
Éabhadh EA, K EA
Óir Ó OI
Uilleann UI UI
Pín, Ifín P IO
Eamhancholl CH AE

Sanasaíocht cuir in eagar

Ogham Nua Sean DIL
Éabhadh Ébad ébad
Ór Oir oir, (? óir)
Uilleann Uillenn 2 uillenn
Ifín Iphín, Pín iphín, ifín
Eamhancholl Emancholl emoncholl
  • Is amhlaidh go bhfuil an t-ainm 'Éabhadh' bunaithe ar Eadhadh (ogham) agus Iodhadh (ogham).
  • Tá an t-ainm Oir gar don fhocal ór (gaolta le aurum na Laidine).
  • Luann an t-ainm Uilleann, do chruth na litreach.
  • Is é is brí le hEamhancholl ná Cúpla-C, ag lua do chruth na litreach, ᚉ

Briatharoghaim cuir in eagar

Is iad a leanas briatharoghaim na litreacha (nathanna meafaracha dhá-fhoclach nó kennings) sna lámhscríbhinní Auraicept na n-Éces, De Dúilib Feda na Forfid agus An Leabhar Oghaim:

Litir Briatharoghaim
Morainn mac Moín Maic ind Óc
Éabhadh[2] snámchaín feda
snámhchaoin feá/litreach
cosc lobair
cosc lobhair
Oir[3] sruithem aicde[4]
is sruithe/fiannaí ábhar
lí crotha
lí/loinnir crutha
Uilleann[5] túthmar[6] fid
is cumha fiodh/crann
cubat oll[7][8]
banlámh mhór
Ifín milsem fedo
is milse feá
amram blais
is iontaí blais
Eamhaincholl[9] lúad[10] sáethaig
och saothaigh
mol[11] galraig
crónán galraigh
  • Chuireann na nathanna don litir Éabhadh an foghar eo (bradán fosta) i gcuimhne.
  • Sa Bhriatharoghaim Con Culainn, ní fhaightear nath ach don forfid Éabhadh; caínem éco[12]
    is caoine iach[13]/éisc
  • Luann an briatharogham "groan of a sick person" d'fhoghar litreach Eamhaincholl, .i. ch [x].

Córas na gCrann cuir in eagar

Ó thaobh ainmneacha na bhforfid de, níl ann ach ceann amháin a d'fhéadfadh bheith ina chrann nó tom (.i. pín). San Auraicept ámh, tugtar ainmneacha crann mar ghluais do cheithre litir:

Inscríbhinní cuir in eagar

Seachas an chéad litir Éabhadh, ní fheictear go minic na forfeda in inscríbhinní Oghaim ortadocsacha. Ní fheictear Óir, Uilleann agus Pín ach go hannamh, agus ní fheictear Eamhaincholl riamh.

Scríobhtaí Éabhadh go minic le haghaidh an fhocail fhoirmle KOI ᚕᚑᚔ, leis an bhfoghar /k/ nó /x/. Ciallaíonn KOI 'Seo é' nó a leithéid, amhail is 'Hic iacit' as Laidin (McManus §5.3, 1991). Feictear é ámh leis a luach gutha in inscríbhinní ortadocsacha níos deireanaí.

Tá na forfeda eile chomh gann sin sna hinscríbhinní gur fiú é iad go léir a léiriú (uimhriú de réir Macalister):

  • Óir. A dó.
    1. Cill Ó gCróin, Co. Chiarraí (235)
      ᚛ᚐᚅᚋ ᚋᚖᚂᚓᚌᚖᚋᚏᚔᚇ ᚋᚐᚉᚔ ᚍᚓᚉᚒᚋᚓᚅ᚜
      ANM MÓLEGÓMRID MACI VECUMEN
    2. Formaston, Aberdeenshire
      ᚛ᚋᚐᚊᚊᚖ ᚈᚐᚂᚂᚒᚑᚏᚏᚆ ᚅᚓᚆᚆᚈᚍ ᚏᚑᚁᚁᚐᚉ ᚉᚓᚅᚅᚓᚃᚃ᚜
      MAQQÓ TALLUORRH NÉHHTV ROBBAC CÉNNEFF
  • Uilleann. A haon.
    1. Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí (240)
      ᚛ᚋᚑᚉᚒᚏᚏᚓᚈᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚍᚂᚔᚄᚐᚉᚓᚄᚗᚉᚋᚔᚏ᚜
      MOCURRETI MAQI VLISACESUICMIR
  • Pín. A dó, b'fhéidir a trí.
    1. An Chúil Thoir, Dairbhre, Co. Chiarraí (231)
      ᚛ᚂᚑᚌᚔᚈᚈᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚓᚏᚘᚓᚅ᚜
      LOGITTI MAQI ERPENN
      Scríobhadh an letter pín mar x-cruth in ionad x-faoi-dhó, is amhlaidh toisc gurbh deacair é an cruth cruinn a .
    2. Crickowel, Breconshire, Breatain Bheag (327)
      ᚛ᚈᚒᚏᚘᚔᚂᚔ ᚋᚑᚄᚐᚉ ᚈᚏᚐᚂᚂᚑᚅᚔ᚜
      TURPILI MOSAC TRALLONI
      Arís, scríobhadh x-cruth don litir.
    3. Margam, Glamorganshire, Breatain Bheag (409)
      ᚛ᚘᚐᚋᚘᚓᚄ᚜
      PAMPES
      Tá cuid mhaith den inscríbhinn Oghaim scriosta, agus tá cuma rinn saighde ar an gcuid ar marthain. Tá leagan as Laidin ina theannta ámh a dhearbhaíonn an foghar.

Forfeda eile cuir in eagar

Thar na cúig forfeda pléite thuas, tá cuid mhaith leaganacha eile ann, le fáil idir lámhscríbhinní agus inscríbhinní "scolaí" (iar-6ú haois), ar a dtugtar le chéile "Forfeda". Téann siad siar go dtí réanna Sean-Ghaeilge, Meán-Ghaeilge nó fiú nua-aimseartha moch.

Peith cuir in eagar

Príomhalt: Peith (ogham)

Óir nach scríobhtaí na forfeda aicmiúil ach go hannamh, d'éiligh na hOghamaithe níos deireanaí (de bharr a "scéimreachas" (McManus 1988:167)) gur ghuthaí iad na príomh-fhorfeda. B'éigean dóibh ansin litir nua a chruthú don fhoghar [p], mar mhionathrú de [b], ar a taobh, ar a nglaoitear peith nó beith bhog.

Lámhscríbhinní cuir in eagar

I measc leaganacha an Oghaim among le fáil in Auraicept na n-Éces den 7ú-12ú haoiseanna, aithnítear thuilleadh litreacha mar fhorfeda (uia. 79, 80 agus 81).

 
Forfeda an Oghaim i Leabhar Bhaile an Mhóta, uia. 79, 80 agus 81

Inscriptions cuir in eagar

Ar Chloch Bressay ar Inse Shealtainn (Celtic Inscribed Stones Project (CISP) BREAY/1[14]) feictear cúig forfid, trí díobh le feiceáil ar leachtanna cuimhneacháin eile na hAlban agus i lámhscríbhinní Gaelacha araon, agus dhá cheann a fhaightear i mBressay amháin.

  1. dearadh "coinín-chluaise", a mheastar gur D-athraithe de chineál éigin é, is amhlaidh spirant glórach.
  2. guta uillinne, is amhlaidh a A-athraithe.
  3. cros-haitseáil ceithre-stríoc. Feictear seo san Ogham agus siollabra as Bern den 8ú-9ú haois, faoi theideal léití tráth mar 'RR', ach moltar freisin gurSS' atá ann. Tá sé le fáil i Leabhar Bhaile an Mhóta, ui. 64.
  4. Tá ceann desna litreacha ar leith déanta le cúig stríoc tonnta claonta siar trasna na stoclíne, I-athraithe b'fhéidir.
  5. B'fhéidir gur ceartúchán bhotún snoíodóireachta é an litir ar leith eile, agus ní ceaptha mar fhorfid.

Foinsí cuir in eagar

  • Kelly, Fergus, 'The Old Irish Tree-list' Celtica 11 (1976) ll. 122–3
  • Macalister, Robert A.S. Corpus inscriptionum insularum celticarum. Céad cló. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1945-1949. OCLC 71392234
  • McManus, Damian. Ogam: Archaizing, Orthography and the Authenticity of the Manuscript Key to the Alphabet, Ériu 37, 1988, ll. 1-31. Baile Átha Cliath: Acadamh Ríoga na hÉireann. OCLC 56088345
  • —, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), ll. 127-168.
  • —, A Guide to Ogam, Maigh Nuad, 1991. ISBN 1-870684-17-6 OCLC 24181838
  • Sims-Williams, P. The additional letters of the Ogam Alphabet, Cambridge Medieval Celtic Studies, 23, ll. 29-75 (1992).

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. forfid, fid ar eDIL; féach fosta taebomna
  2. ébad ar eDIL
  3. óir (?óir) ar eDIL
  4. 2 aicde
  5. 2 uillenn ar eDIL
  6. tútmar, cumha, ar eDIL
  7. 1 cubat
  8. cubat n-oll .i. uilleann .i. edlenn
  9. emoncholl ar eDIL
  10. lúad (b), plé, ar eDIL
  11. 2 mol, crónán, dordán, ar eDIL
  12. éic ar eDIL
  13. eo ar teanglann.ie, 1bradán, 2iúr
  14. BREAY/1 sa bhunachar CISP


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P