Is í an cúigiú litir den aibítir oghaim an Nion (Sean-Ghaeilge Nin[1][2][3]). Is í an cúigiú litir den Aicme Bheithe. Is é [n] a luach foghraíochta. Cuireann an focal 'nin' i leith na litreach áirithe 'Nin', agus araon i leith litreacha an Oghaim i gcoitinne.

GluaisCuir in Eagar

Is amhlaidh go ndéanann gluaiseoirí An Leabhar Oghaim agus Auraicept na n-Éces trácht ar dhá fhocal nin ar a laghad, le ciall 'cuid de sheol fíodóra',[2] agus 'tonn'.[3] Tugtar an ghluais 'gablach' don aidiacht ninach. Tá dealramh leis mar sin, gur focal oiriúnach é nin le haghaidh litreacha an Oghaim, a bhfuil cuma gabhal (ar a laghad na consain) orthu, tar éis an tsaoil

Is amhlaidh gur gaolta is ea an dara nin le focal na Breatnaise, nen, "díon, neamh", le brí de "maorgacht". Míníonn gluaiseoirí na mbriathra oghaim (féach thíos) go dtógtaí seolta na bhfíodóirí mar chomhartha na síochána. B'fhéidir é gur bunaithe ar an gciall seo is ea na nathanna maidir le háille.

De réir córas na gcrann, maítear gur fuinseog atá i ceist, ag rá go ndéantaí seolta as adhmad na fuinseoige. Tá clú ar adhmad fuinseoige um sleánna a dhéanamh, áfach, agus dá bharr i roinnt cásanna, athraíodh an briatharogham go "scrios síthe".

BríatharogamCuir in Eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach sna Bhriatharoghaim:[4]

  • costud síde (costadh síthe[5]) i mBriatharogham Morann mic Moín
  • bág[6] ban (maíomh ban) i mBriatharogham Mac ind Óc
  • bág maise (maíomh maise/áille) i mBriatharogham Culainn.

FoinsíCuir in Eagar

  • Damian McManus, Irish letter-names and their kennings, Ériu 39 (1988), 127-168.

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1 nin ar eDIL
  2. 2.0 2.1 2 nin ar eDIL, píce, gabhal
  3. 3.0 3.1 3 nin ar eDIL, tonn
  4. Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), reprint Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  5. costadh 1 ar teanglann.ie
  6. bág ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P