Is í an seachtú litir den aibítir oghaim an Dair,[1] ainmnithe as an gcrann, dair. Is í an dara litir den Aicme Uatha. Is é [d] a luach foghraíochta.[2]

Bosca Sonraí GraiféimDair

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < uath Cuir in eagar ar Wikidata   tinne Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Gaolta is ea ainm na litreach le derw(en) na Breatnaise agus derv(enn) na Briotáinise. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *darek-s. Fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *deru-, 'dair', atá sé.

Bríatharogam cuir in eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sa Bhriatharogham:[3]

  • ardam dosae (dosanna/toim/toir is airde) i mBriatharogham Morann mic Moín
  • grés soír (gréas/maisiú saoir(s)e/ceirdne) i mBriatharogham Mac ind Óc
  • slechtam[4] soíre (sleachta saoir(s)e/ceirdne) i mBriatharogham Culainn.

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1 dair ar eDIL
  2. McManus, Damian (1991). "A Guide to Ogam" 4. Co. Chill Dara, Éire: An Sagart. ISSN 0790-8806. 
  3. Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  4. ? slechtae ar eDIL


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P