Ogham

córas scríofa seanársa

Is aibítir sheanda é an tOghamAibítir na gcrann (Sean-Ghaeilge Ogam), an t-oghamchraobh, a bhíodh in úsáid roimh theacht na Críostaíochta go hÉirinn, idir 300 A.D. agus 600 A.D. Tuairiscíonn na saineolaithe nárbh aibítir neamhspleách é, ach rúnscríbhinn de shaghas áirithe a bhí bunaithe ar aibítir na Laidine. Faightear inscríte é in Éirinn, in Albain, sa Bhreatain Bheag, i Sasana, agus i Manainn.

WD Bosca Sonraí Córais ScríbhneoireachtaOgham
Cineálaibítir, script nádúrtha agus aibítir aoncháis
TeangachaGaeilge Chianach, an tSean-Ghaeilge agus an Chruithnis
Cruthú4 haois
ISO 15924Ogam (212)
Treo téacsbun go barr agus clé go deas
Raon UnicodeU+1680-169F
᚛ᚑᚌᚐᚋ᚜
Leathanach 170r - Leabhar Bhaile an Mhóta

An Córas Scríbhneoireachta

cuir in eagar

Nuair a ghearrtaí an tOgham ar liag, ar ghallán nó ar chloch chuimhneachán, ritheadh an téacs ó bhun na cloiche aníos. D'úsáidtí poncanna do na gutaí mar seo a leanas: ponc amháin = a, dhá phonc = o, trí phonc = u, ceithre phonc = e agus cúig phonc = i. D'úsáidtí stróiceacha do na consain. Ghearrtaí an scríbhneoireacht seo ar imeall na cloiche nó ar lár líne ar a dtugtaí an 'fleasc'. Tá inscríbhinní dátheangacha Gaeilge agus Laidine ann freisin, a léitear ó chlé go deis. Nuair a bhí an tOgham scríofa i lámhscríbhinní, lean an téacs gnáth-threo na Laidine (cothrománach agus ó chlé go deis), le stríoca ingearacha in áit eangaí greanta na n-inscríbhinní le haghaidh na ngutaí.

 
Tá 25 bunlitir san Ogham

Maítear gur thosaigh an tOgham, in iardheisceart na tíre agus tá teacht ar 121 sampla de na galláin seo i gCiarraí. Faightear 81 sampla i gCorcaigh agus 47 sampla i bPort Láirge. Faightear 15 sampla sa Bhreatain Bheag agus tá an gallán oghaim is sia soir le fáil i Silchester i Sasana, rud a chiallaíonn gur bhog na daoine leis an scríbhneoireacht seo soir de réir a chéile, ó Chiarraí ar aghaidh.

Aibítir an Oghaim

cuir in eagar

Tá 25 bunlitir san Ogham. Tugtar fid[1] (fiodh, crann) ar an gcéad fiche litir, roinnte ina gceithre aicme ainmnithe as an gcéad litir sa tsraith (Aicme Bheithe, Aicme Uatha, Aicme Mhuine, Aicme Ailme). Cuireann an focal 'fiodh' in iúl an nasc idir crainn agus ainmneacha na litreacha. Is taebomna[2], taobhomhna nó consain iad an chéad 15 díobh, agus gutaí simplí na 5 deireanacha. Tugtar forfeda[3] (airfheánna, litreacha sa bhreis) ar na litreacha eile. Tá aon aicme oifigiúil amháin inniu ann, agus défhoghair atá ann, ach faightear forfeda eile, go háirithe Peith.

Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P
  • Uath [H], tá an bhrí chéanna ag an bhfocal Uath sa tSean-Ghaeilge is atá aige sa Nua-Ghaeilge. Úsáidtear “Sceach Gheall” i gCóras na gcrann. Ní fios cad é sanasaíocht fhoinseacht an fhocail, áfach, foghraíocht an fhocail ach oiread. Molann McManus (1986) gur [y] atá i gceist. Mhol Peter Schrijver (féach McManus 1991:37) go bhfuil seans ann, más rud é gurb leagan gaolmhar é leis an Laidin pavere, gur lean rian den *p sa Phróta-Ind-Eorpach ar aghaidh sa nGaeilge Chianach, ach níl aon fhianaise neamhspleách de sin.

Cuireadh an tOgham leis an gCaighdeán Unicode i Mí Mheán Fómhair 1999 nuair a seoladh leagan 3.0. Tógadh litriú na n-ainmneacha as caighdeánú as an mbliain 1997,[4] agus gafa chuig an gCaighdeán Unicode agus Caighdeán na hÉireann 434:1999. Tá 32 cód le fáil sa bhloc Unicode, U+1680–U+169F, san áireamh spás, 26 litir — 25 sa 5 bhunaicme, agus peith — tús- agus críoch-chleite, agus 3 in áirithe.

Ogham[U1680 1][U1680 2]
Cairt Oifigiúil den Unicode Consortium (PDF)
  0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 A B C D E F
U+168x
U+169x
Nótaí
  1. Ó leagan Unicode 12.0 amach
  2. Boscaí liatha neamhshannta

Cé dó an tOgham?

cuir in eagar

Ba scil ar leith í an córas scríbhneoireachta seo, is mar sin, scríobhtaí é do dhaoine tábhachtacha, a cuireadh mar a seasann an gallán anois. Ainmneacha daoine móra le rá – ríthe, taoisigh agus daoine cumhachtacha eile – a scríobhtaí ar na galláin oghaim den chuid is mó.

De réir an tseanchais, ba é an dia Ceilteach Ogmios (dia na hurlabhra agus na foghlama) a cheap an córas scríbhneoireachta seo.

Deireadh ré

cuir in eagar

Tháinig deireadh le ré an oghaim le teacht na manach go hÉirinn mar d'úsáidtí aibítir na Laidine ó shin i leith agus bhíodh na manaigh ag scríobh ar phár. Cé gur tháinig deireadh lena ré sa seachtú haois, faightear tagairt don ogham i leabhar Bhaile an Mhóta a scríobhadh san 11ú haois.

  • Ó Murchú, Máirtín (1985). The Irish Language. An Roinn Ghnóthaí Eachtrannacha agus Bord na Gaeilge (arna chur i gcló ag Ormond Printing Co., Éire).

Féach freisin

cuir in eagar

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. fid, crann, litir, guta, ar eDIL
  2. taebomna ar eDIL
  3. forfid, litir sa bhreis, ar eDIL
  4. Cén cheann?