Is í Ruis an cúigiú litir déag den aibítir oghaim,[1][2] ainmnithe as an gcrann, ruis nó craobh troim. Is í an cúigiú litir den Aicme Mhuine. Is é [r] a luach foghraíochta.

Bosca Sonraí GraiféimRuis

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Tá ainm na litreach fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *h₁reudʰ-, 'rua', athchruthaithe as Gaeilge Chianach mar *rudsti-.

Briatharoghaim cuir in eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sna Briatharoghaim:

  • tindem rucci (is drislí ruachana/deargtha)
  • rúamnae drech (ruaimniú/ deargadh dreach/aghaidheanna)
  • bruth fergae (bruth/teas feirge)

Tagairtí cuir in eagar

  1. ruis ar eDIL
  2. ruis ar teanglann.ie FGB, craobh tríom


Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P