Is í an ceathrú litir den aibítir oghaim an tSail,[1] ainmnithe as an gcrann, saileach. Is í an ceathrú litir den Aicme Bheithe. Is é [s] a luach foghraíochta.

Bosca Sonraí GraiféimSail

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállitir oghaim Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deogham Cuir in eagar ar Wikidata
 < fearn Cuir in eagar ar Wikidata   nion Cuir in eagar ar Wikidata

Sanasaíocht cuir in eagar

Gaolta is ea ainm na litreach le helyg(en) na Breatnaisé agus salix na Laidine. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *salik-s. Fréamhaithe ón bPróit-Ind-Eorpais *sal- is ea é.

Bríatharogam cuir in eagar

Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) d'ainm na litreach le fáil sa Bhriatharogham:[2]

  • lí ambí[3] (lí/dath neamhbheo) i mBriatharogham Morann mic Moín
  • lúth bech (lúth/coth beach) i mBriatharogham Mac ind Óc
  • tosach mela (tosach meala) i mBriatharogham Culainn

Tagairtí cuir in eagar

  1. sail ar eDIL
  2. Auraicept na n-Éces Calder, George, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
  3. ambí ar eDIL
Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P