Is ainm coiteann ar roinnt speiceas iasc sna géinis Salmo agus Oncorhynchus den fhine Salmonidae é bradán. Tá siad dúchasach do chraobh-aibhneacha imchuach an Atlantaigh Thuaidh (Salmo) agus an Aigéin Chiúin Thuaidh (Oncorhynchus).

Speicis cuir in eagar

Rangaítear na seacht speiceas bradán a bhfuil tábhacht tráchtála ag baint leo sa dá ghéineas Salmo agus Oncorhynchus. Tá an bradán Atlantach (Salmo salar), a fhaightear ar dhá thaobh an Atlantaigh Thuaidh, sa ghéineas Salmo, in éineacht le níos mó ná 40 speiceas eile a dtugtar breac orthu go coitianta. Tá 12 speiceas aitheanta sa ghéineas Oncorhynchus a fhaightear go nádúrtha san Aigéan Ciúin Thuaidh amháin; tugtar “bradán” ar sé cinn acu agus “breac” ar an gcuid eile. Lasmuigh dá ngnáthóga dúchasacha, tugadh ríbhradáin isteach sa Nua-Shéalainn agus sa Phatagóin, agus tugadh bradáin coho, bradáin dhearga, agus bradáin Atlantacha isteach sa Phatagóin freisin.[1]

Bradáin
Géineas Pictiúr Ainm coiteann Ainm Laidine
Salmo

(Bradán Atlantach)
  Bradán Atlantach Salmo salar Linnaeus, 1758
Oncorhynchus

(Bradán an Aigéin Chiúin)
  Ríbhradán Oncorhynchus tshawytscha (Walbaum, 1792)
  Bradán keta Oncorhynchus keta (Walbaum, 1792)
  Bradán coho Oncorhynchus kisutch (Walbaum, 1792)
  Bradán masu Oncorhynchus masou (Brevoort, 1856)
  Bradán bándearg Oncorhynchus gorbuscha (Walbaum, 1792)
  Bradán dearg Oncorhynchus nerka (Walbaum, 1792)

Seanfhocail cuir in eagar

  • Tá sláinte an bhradáin aige (faoi dhuine sláintiúil)
  • Seacht scadáin sáithíonn siad bradán, Seacht mbradáin sáithíonn siad rón, Seacht rónta sáithíonn siad míol mór.

Logainm cuir in eagar

Téarmaíocht cuir in eagar

  • Cearc bhradáin: bradán baineann
  • Coileach bradáincorránach[2]: bradán fireann
  • Maighreán: bradán óg
  • Saothar bradáin: sceitheadh

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Heiko Schneider (25 August 2011). “Patagonian salmonids-This is the history and present state of salmonid introduction in Patagonia”. Global Fly Fisher. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 April 2014. Dáta rochtana: 25 April 2014.
  2. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): corránach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-26.