Feictear inscríbhinní oghaim ar leachtanna cuimhneacháin de Cheiltigh na nOileán. Faightear an mhórchuid díobh in iardheisceart na hÉireann, agus thart timpeall an Mhuir Éireann — oirdheisceart na hÉireann, Corn na Breataine, an Bhreatain Bheag agus Oileán Mhanann. Téann siad siar chomh fada leis na 5ú agus 6ú haoiseanna. Is as Gaeilge Chianach a scríobhadh iad go formhór, ach tá cúpla ceann le blúiríní Cruithnise orthu, agus tá Laidin le feiceáil fosta.

Cloch Oghaim CIIC 504 ó Oileán Mhanann, leis an droim sa lár, ᚛ᚁᚔᚃᚐᚔᚇᚑᚅᚐᚄᚋᚐᚊᚔᚋᚒᚉᚑᚔ᚜ ᚛ᚉᚒᚅᚐᚃᚐᚂᚔ᚜ BIVAIDONAS MAQI MUCOI CUNAVA[LI], Bivaidonas (beo-mar-thine) mhic chlainne Cunava[li]

Tá tuairim is 400 inscríbhinn a bhuil eolas orthu. Tá roinnt córas uimhrithe le fáil. Is é an córas is forleithne ná Corpus inscriptionum insularum Celticarum (CIIC), bunaithe ar saothar R. A. S. Macalister. Faightear ann na hinscríbhinní aitheanta faoina 1940í, le 507 iontráil go dtí 1945, san áireamh inscríbhinní Laidine agus Rúnacha, agus trí cinn curtha ann i 1949. Córas eile is ea Celtic Inscribed Stones Project (CISP), bunaithe ar suíomh na gcloch. Mar shampla, is ionann CIIC 1 agus CISP INCHA/1.

Is féidir na hinscríbhinní a roinnt idir cineálacha "ortadocsacha" agus "scolaíocha". Téann inscríbhinní ortadocsacha siar go dtí ré na Gaeilge Cianaí, agus record a ainm duine, nó ar leac uaighe, sin nó chun seilbh talún a chur in iúl. Téann inscríbhinní scolaíocha siar go dtí ré na Sean-Ghaeilge suas go dtí na linne seo.

Inscríbhinní ortadocsachaCuir in Eagar

Aicmí agus Litreacha Oghaim
Beith Uath Muin Ailm Forfeda
B L F S N H D T C Q M G NG S R A O U E I EA OI UI IA AE P

In inscríbhinní ortadocsacha, scríobhadh an téacs ar dhroim nó faobhar na cloiche, mar a raibh ina scorlíne na litreacha. Léitear an téacs ó thaobh íochtair ar chlé na cloiche, ag leanúint suas an chloch ar a himeall, trasna an barr agus síos ar dheis, más gá.

Thug MacManus (1991) liosta le 382 inscríbhinn dá leithéid. Faightear iad ar fud na tíre in Éirinn, ach lonnaithe go formhór sa deisceart:

Other specimens are known from:

Nathanna struchtúrthaCuir in Eagar

Is ainmneacha pearsanta iad tromlach iomadúil na n-inscríbhinní, scríofa i nathanna struchtúrtha, a dhéanann de gnáth cur síos ar shinsireacht nó gaol treibhe an duine i ceist.

Is iad a leanas na focail ghaoil:

Tug faoi ndeara go bhfuil na focal úd uile sa tuiseal ginideach, mar chuid de nath iomlán den fhoirm "[cloch] mo dhuine mhic ..." nó "[[in] ainm] mo dhuine mhic ...", na túsfhocail go hannamh scríofa, de ghnáth intuigthe:

Ina dteannta sin, feictear an focal KOI, arb ionann é agus Hic Iacit as Laidin:

Is suimiúil é KOI óir gur scríobhadh an litir K leis an bhforfid, Éabhadh.

In ord minicíochta, feictear na focail formula i nathanna mar a leanas:

  • X MAQI Y
  • X MAQI MUCOI Y
  • X MAQI Y MUCOI Z
  • X KOI MAQI MUCOI Y
  • X MUCOI Y
  • X MAQI Y MAQI MUCOI Z
  • Ainm lom gan focal formula
  • ANM X MAQI Y
  • ANM X
  • X AVI Y
  • X MAQI Y AVI Z
  • X CELI Y
  • NETA X
  • INIGENA X Y (féach CIIC 362)

AinmneachaCuir in Eagar

Nochtann a n-ainmneacha pearsanta lear mór faoi luathshochaí na nGael, a tréith cogaidh ach go háirithe. Mar shampla, is iad an dá fhréamh is coitinne ná:

Feictear na fréamhacha seo i n-ainmneacha amhail is:

  • CIIC 300
    ᚉᚒᚅᚐᚅᚓᚈᚐᚄ
    CUNANETAS
    Nia/curadh cúnna
  • (501) ᚉᚒᚅᚐᚋᚐᚌᚂᚔ
    CUNAMAGLI
    Flaith cúnna
  • (107)
    CUNAGUSSOS
    tréan le cú
  • (250) ᚉᚐᚈᚈᚒᚃᚃᚔᚏᚏ
    CATTUVVIRR
    fear catha
  • (303) ᚉᚐᚈᚐᚁᚐᚏ
    CATABAR
    barr sa chath
  • ᚔᚃᚐᚉᚐᚈᚈᚑᚄ
    IVACATTOS
    iúr an chatha

I measc ainmneacha cogaidh eile, faightear:

  • (39) ᚁᚏᚐᚅᚑᚌᚓᚅᚔ
    BRANOGENI
    Branghinte[2]
  • (428) ᚈᚏᚓᚅᚐᚌᚒᚄᚒ
    TRENAGUSU
    tréan-ghus
  • (504) ᚁᚔᚃᚐᚔᚇᚑᚅᚐᚄ
    BIVAIDONAS[3]
    beo mar thine

Is coiteann iad focail a luann tréithe fisiciúil, amhail is:

  • (368) ᚃᚓᚅᚇᚒᚁᚐᚏᚔ
    VENDUBARI
    barr/ceann fionn
  • (75) ᚉᚐᚄᚑᚅᚔ
    CASONI
    ceann catach
  • (119) ᚇᚐᚂᚐᚌᚅᚔ
    DALAGNI
    dall-ghinte
  • (46) ᚇᚓᚏᚉᚋᚐᚄᚑᚉ
    DERCMASOCA[4]
    dearc/súil mhaiseach
  • (60) ᚋᚐᚔᚂᚐᚌᚅᚔ
    MAILAGNI
    maol-ghinte
  • (239) ᚌᚐᚈᚈᚐᚌᚂᚐᚅ
    GATTAGLAN
    eagnaí glan

Tugann roinnt ainmneacha sinsear díoga le fios. Feictear an dia Lugh i n-ainmneacha amhail is:

  • (4) ᚂᚒᚌᚌᚐᚇᚑᚅ LUGADDON
  • (286) ᚂᚒᚌᚒᚇᚓᚉᚐ LUGUDECA
  • (140) ᚂᚒᚌᚐᚃᚃᚓᚉᚉᚐ LUGAVVECCA

Feictear an t-ainm díoga ERC,[5] neamh, i n-ainmneacha amhail is:

  • (93) ᚓᚏᚉᚐᚔᚇᚐᚅᚐ ERCAIDANA
  • (196) ᚓᚏᚉᚐᚃᚔᚉᚉᚐᚄ ERCAVICCAS

Tugann ainmneacha duine le fios clann nó cine an duine, such as:

  • (156) ᚇᚑᚃᚃᚔᚅᚔᚐᚄ DOVVINIAS, as clann Chorca Dhuibhne, sa Daingean agus Uíbh Ráthach i gCo. Chiarraí (ainmnithe as bandia áitiúil)
  • (215) ᚐᚂᚂᚐᚈᚑ ALLATO, den chlann Altraige i dtuaisceart Ciarraí
  • (106) ᚉᚑᚏᚔᚁᚔᚏᚔ CORIBIRI den Dál Coirpri as Contae Chorcaí.

Ar deireadh, is suimiúil é go bhfuil baint ar leith le crainn ag roinnt ainmneacha:

  • (230) ᚋᚐᚊᚔ ᚉᚐᚏᚐᚈᚈᚔᚅᚅ
    MAQI-CARATTINN
    Mac Caorthainn
  • (v) ᚋᚐᚊᚃᚔ ᚊᚑᚂᚔ
    MAQVI QOLI
    Mac Coill
  • (259) ᚔᚃᚑᚌᚓᚅᚔ
    IVOGENI
    Iúr-ghinte

LéirmheasCuir in Eagar

Molann scoláirí amhail is McNeill agus Macalister gur págánach iad na hinscríbhinní ortadocsacha ó thaobh ábhair de, agus gur loit iompaithigh Chríostaí iad chun an focal treibhe MUCOI ᚋᚒᚉᚑᚔ a bhaint, ag cur fosta croiseanna Críostaí ann. De réir scoláirí eile amhail is McManus, níl fianaise dá laghad ann chun an smaoineamh seo a thacú, ag lua inscríbhinní amhail is:

  • (145) ᚛ᚊᚏᚔᚋᚔᚈᚔᚏ ᚏᚑᚅᚐᚅᚅ ᚋᚐᚊ ᚉᚑᚋᚑᚌᚐᚅᚅ᚜, QRIMITIR RONANN MAQ COMOGANN,

áit arb iasacht é QRIMITIR as presbyter (sagart) na Laidine.

Molann McManus nach loitiméireacht atá ann ach go díreach caitheamh agus cuimilt, agus óir gur úsáideadh na clocha le haghaidh ábhair thógála (McManus, §4.9). Molann McManus freisin gur mhair an focal MUCOI survived into Christian manuscript usage. I dteannta sin, is léir gur scríobhadh na hinscríbhinní le linn ré agus an Chríostaíocht go bunaithe go daingean i nÉirinn. Is soiléire fós é ar phágánach nó Críostaí iad a rinne na hinscríbhinní, nó meacan dóibh siúd.

ÉireCuir in Eagar

Faightear an chuid is mó desna na hinscríbhinní i nÉirinn, le 330 as 382.

Feictear ar cheann desna na bailiúcháin oghaim ortadocsaigh is tábhachtaí ná hÉireann i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCC), ar taispeáint don phobal sa 'Dorchla na gCloch'. Bhailigh Abraham Abell ársaitheoir (1783–1851) na hinscríbhinní úd agus bronnadh iad don Cork Institution sular cuireadh ar taispeáint iad i gCnOC. Ball ab ea Abell den Cuvierian Society Corcaí, a ndeara a chuid ball, ina measc John Windele, Fr. Matt Horgan agus R.R. Brash, sárobair orthu li lár na 19ú haoise.

Feictear bailiúcháin mór le rá éinne i nDún Lóich, gar de Chill Áirne i gCo. Chiarraí. Leagtar na clocha amach i leathchiorcal ar thaobh an bhóthair agus caomhnaítear go maith iad.

CIIC CISP Ogham Gaeilge Suíomh
1 INCHA/1 ᚛ᚂᚔᚓ ᚂᚒᚌᚅᚐᚓᚇᚑᚅ ᚋᚐᚉᚉᚔ ᚋᚓᚅᚒᚓᚆ᚜
LIE LUGNAEDON MACCI MENUEH
Lia Lugnaedon mhic Menueh. Inis an Ghaill, Co. na Gaillimhe
2 CLOOM/1 ᚛ᚊᚓᚅᚒᚃᚓᚅᚇᚔ᚜

QENUVEN[DI]

"ceann fionn", gaolta leis na ainmneacha Cenond, Cenondÿn, Cenindÿn[6] Cluain Muirís, Barr na Cúile, Co. Liatroma
3 ISLAN/1 ᚛ᚉᚒᚅᚐᚂᚓᚌᚔ ᚐᚃᚔ ᚊᚒᚅᚐᚉᚐᚅᚑᚄ᚜

CUNALEGI AVI QUNACANOS

CunalegiQunacanos An tOileán, Coistealaigh, Co. Mhaigh Eo
4 KILMA/1 ᚛ᚂᚒᚌᚐᚇᚇᚑᚅ ᚋᚐᚊᚔ ᚂᚒᚌᚒᚇᚓᚉ᚜

᚛ᚇᚇᚔᚄᚔ ᚋᚑ[--]ᚉᚊᚒᚄᚓᚂ᚜
LUGADDON MA[QI] L[U]GUDEC
DDISI MO[--]CQU SEL

Lugáed mhic Luguid Cill Mhainín, Coistealaigh, Co. Mhaigh Eo
5 RUSHE/1 ᚛ᚐᚂᚐᚈᚈᚑᚄ ᚋᚐᚊᚔ ᚁᚏ᚜

ALATTOS MAQI BR

Alattos mhic Br... An Roisín Thoir, Cill Mobhí, Coistealaigh, Co. Mhaigh Eo
6 TULLA/1 ᚛ᚊᚐᚄᚔᚌᚔᚅᚔᚋᚐᚊᚔ᚜
QASIGN[I]MAQ[I]
Qasignias mhic ... An Tulachán, Coistealaigh, Co. Mhaigh Eo
7 CORRO/1 ᚛ᚋᚐᚊ ᚉᚓᚏᚐᚅᚔ ᚐᚃᚔ ᚐᚈᚆᚓᚉᚓᚈᚐᚔᚋᚔᚅ᚜

MAQ CERAN[I] AVI ATHECETAIMIN

Mac Ciaráin Uí Riaghan Corr Odhar, Gaileanga, Co. Mhaigh Eo
8 DOOGH/1 ᚛ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚒᚉᚑᚔ ᚉᚑᚏᚁᚐᚌᚅᚔ ᚌᚂᚐᚄᚔᚉᚑᚅᚐᚄ᚜

MA[QUI MUCOI] CORBAGNI GLASICONAS

Mhic chlainne Corbagnus Glasiconas Dumhach Mhic Eoghain, Muraisc, Co. Mhaigh Eo
9 AGHAL/1 ᚛ᚋᚐᚊᚐᚉᚈᚑᚋᚐᚊᚌᚐᚏ᚜

MAQACTOMAQGAR

Mac Acto, Mac Gar Achadh Liag, Tír Amhlaidh, Co. Mhaigh Eo
10 BREAS/1 ᚛ᚂᚓᚌᚌ[--]ᚄᚇ[--]ᚂᚓᚌᚓᚄᚉᚐᚇ᚜ / ᚛ᚋᚐᚊ ᚉᚑᚏᚏᚁᚏᚔ ᚋᚐᚊ ᚐᚋᚋᚂᚂᚑᚌᚔᚈᚈ᚜

L[E]GG[--]SD[--] LEGwESCAD / MAQ CORRBRI MAQ AMMLLOGwITT

Legwescad mac Corrbrias mac Ammllogwitt Bréisteach, Tír Amhlaidh, Co. Mhaigh Eo
38 [7] ᚛ᚉᚑᚏᚁᚔᚕᚑᚔᚋᚐᚊᚔᚂᚐᚏᚔᚇ᚜

CORBI KOI MAQI LABRID

Seo é Corb mhic Labraid Baile Mhuadáin, Cnoc an Tóchair, Co. Chill Chainnigh
47 [8] ᚛ᚅᚓᚈᚐᚉᚐᚏᚔᚅᚓᚈᚐᚉᚉᚐᚌᚔ᚜

NETACARI NETA CAGI

Netacari nia Cagi Cáisleán tSíomoin, Cuan an Bhriotáis, Co. Chill Mhantáin
50 [9] ᚛ᚃᚑᚈᚔ᚜

VOTI

Votais Buaile an Charraigín, Cill Rannaileach, Co. Chill Mhantáin
193 MAUIG/1 ᚛ᚐᚅᚋ ᚉᚑᚂᚋᚐᚅ ᚐᚔᚂᚔᚈᚆᚔᚏ᚜

ANM COLMAN AILITHIR[10]

"[scríofa in] ainm Colmáin, oilithreach" Mám an Óraigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
200 COOLM/4 ᚛ᚋᚐᚊᚔ ᚈᚈᚐᚂ ᚋᚐᚊᚔ ᚃᚑᚏᚌᚑᚄ ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚒᚉᚑᚔᚉᚐᚉ᚜

MAQI-TTAL MAQI VORGOS MAQI MUCOI TOICAC

mhic Dal mhic Vergos (Fearghas) mhic clainne Toiceach Cúil Má Ghort, Dún Ciaráin Thuaidh, Co. Chiarraí
300 OLDIS/1 ᚛ᚉᚒᚅᚅᚓᚈᚐᚄ ᚋᚐᚊᚔ ᚌᚒᚉᚑᚔ ᚅᚓᚈᚐ ᚄᚓᚌᚐᚋᚑᚅᚐᚄ᚜

CUNNETAS MAQI GUC[OI] NETA-SEGAMONAS

Cunnetas, nia Segamonas An tOileán, Na Déise lasmuigh den Drom, Co. Phort Láirge
317[11] AGHAS/1 ᚛ᚇᚑᚈᚓᚈᚈᚑ ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚐᚌᚂᚐᚅᚔ᚜

DOTETTO MAQ[I MAGLANI]

Dotetto mhic Maglani(?) Achadh Scriobach, An Srath Bán Uachtarach, Co. Thír Eoghain
1082 BALBR/1 ᚛ᚌᚂᚐᚅᚅᚐᚅᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚁᚁᚏᚐᚅᚅᚐᚇ᚜

GLANNANI MAQI BBRANNAD

Glannani mhic Brannad Baile Bhromáin, Clann Mhuiris, Co. Chiarraí
1083 RTHKE/1 ᚛ᚉᚑᚋᚋᚐᚌᚌᚐᚌᚅᚔ ᚋᚒᚉᚑᚔ ᚄᚐᚋᚋᚅᚅ᚜

COMMAGGAGNI MU[CO]I SAMMNN

Commaggagmi clainne Sammnn Rathkenny, Ardfert, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
RATAS/1[12] ᚛ᚐᚅᚋ  ᚋᚐᚊ ᚃᚐᚈᚈᚔᚂᚂᚑᚌᚌ᚜

[A]NM SILLANN MAQ FATTILLOGG

[scríofa in] ainm Sillann mhic Fattillogg Eaglais Ráth Teas, Trá Laoi, Co. Chiarraí

An Bhreatain BheagCuir in Eagar

Tá cáil ag na inscríbhinní ortodachsacha sa Bhreatain Bheag as a n-ainmneacha idir Laidin agus Briotainic (nó SeanBhreatnais), agus toisc go bhfuil inscríbhinní Laidine san aibítir rómhánach ina dteannta (bhíodh Laidin Dhéanach agus Eaglasta ina teanga scríbhneoireachta le linn an ré iar-rómhánaigh). I measc ainmneacha Briotáinise tá:

  • (446) ᚋᚐᚌᚂᚑᚉᚒᚅᚔ
    MAGLOCUNI
    Breatnais Maelgwn
  • (449) ᚉᚒᚅᚑᚈᚐᚋᚔ
    CUNOTAMI
    Breatnais Cyndaf

Tá sé le rá ag an mBreatain Bheag go bhuil aici an t-aon chloch oghaim amháin le hainm duine aithne. Comórann an chloch Vortiporius, rí Dyfed den a 6ú haois.[13]

Faightear sa Bhreatain Bheag an t-aon inscríbhinn amháin a chomóradh bean, ag Eglwys Cymmin (Eaglais Cymmin) i gCarmarthenshire:

  • (362) ᚛ᚔᚅᚔᚌᚓᚅᚐ ᚉᚒᚅᚔᚌᚅᚔ ᚐᚃᚔᚈᚈᚑᚏᚔᚌᚓᚄ᚜*: INIGENA AVITORIGES CUNIGNI
    iníne 'Avitoriges Cunigni.

Ainm Gaelach is ea Avitoriges, agus Briotainic is ea Cunigni (Breatnais Cynin), rud a léiríonn oidhreacht measctha na n- inscríbhinneoirí.

Tá fosta roinnt inscríbhinní sa Bhreatain Bheag which attempt to replicate the supplementary letter or forfeda for P (inscríbhinní 327 and 409).

 
Suíomhanna inscríbhinní na Breataine Bige

Sa chatalóg CIIC, tosaíonn inscríbhinní sa Bhreatain Bheag ag CIIC 319, agus an chuid is mó díobh as Laidin.

CIIC CISP Ogham Gaeilge Suíomh
423 BRAW/1 ᚛ᚊ[--]ᚊᚐ[--]ᚌᚈᚓ᚜

Q[--]QA[--]GTE

Castle Villa, Brawdy, Pembrokeshire
426 BRIDL/1 ᚛ᚅᚓᚈᚈᚐᚄᚐᚌᚏᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚒᚉᚑᚓ ᚁᚏᚔᚐᚉᚔ᚜

NETTASAGRI MAQI MUCOE BRIACI

Nettasagri, Briaci Bridell, Pembrokeshire
427 CALDY/1 ᚛ᚋᚐᚌᚂᚔᚇᚒᚁᚐᚏ[--]ᚊᚔ᚜

MAGL[I]DUBAR [--]QI

Magl[ia], Dubr[acunas] Caldey Island, Penally, Pembrokeshire
456 STNTN/1 ᚛ᚌᚓᚅᚇᚔᚂᚔ᚜

GENDILI

Steynton, Pembrokeshire

Sasana, Alba, Oileán MhanannCuir in Eagar

Faightear a seacht nó ocht n-inscríbhinn i Sasana. Ta cúig cinn i gCorn na Breataine agus dhá cheann i nDevon, which are the product of early Irish settlement in the area. Tá inscríbhinn eile i Silchester, Hampshire, a mheastar gur presumed to be the work of a lonnaitheoir Gaelach aonair.

Aisteach go leor, níl ach trí inscríbhinn ortadocsacha san Albain, óir gur inscríbhinní scolaíocha déanta ag na Cruitnigh iad na cinn eile (féach thíos).

Faightear cúig inscríbhinn ar Oileán Mhanann, san áireamh an ceann cáiliúil i bPort Naomh Muire:

  • (503) ᚛ᚇᚑᚃᚐᚔᚇᚑᚅᚐ ᚋᚐᚊᚔ ᚇᚏᚑᚐᚈᚐ᚜
    DOVAIDONA MAQI DROATA
    Dovaidona mhic an draoi
 
Inscríbhinní Chorn na Breataine
CIIC CISP Ogham Gaeilge Suíomh Notes
466 LWNCK/1 ᚛ᚔᚌᚓᚅᚐᚃᚔ ᚋᚓᚋᚑᚏ᚜

IGENAVI MEMOR

Lewannick, Corn na Breataine "INGENVI MEMORIA" as Laidin
467 LWNCK/2 ᚛ᚒᚂᚉᚐᚌᚅᚔ᚜

U[L]CAG[.I] / [.L]CAG[.]I

Ulcagni Lewannick, Corn na Breataine "[HI]C IACIT VLCAGNI" as Laidin
470 WVALE/1 ᚛ᚂᚐᚈᚔᚅᚔ᚜

LA[TI]NI

Worthyvale, Slaughterbridge, Minster, Corn na Breataine "LATINI IC IACIT FILIUS MACARI" as Laidin
484 STKEW/1 ᚛ᚔᚒᚄᚈᚔ᚜

[I]USTI

St. Kew, Corn na Breataine Leac eibhir, Laidin "IVSTI" i ndearadh cartouche
489 FARDL/1 ᚛ᚄᚃᚐᚊᚊᚒᚉᚔ ᚋᚐᚊᚔ ᚊᚔᚉᚔ᚜

SVAQQUCI MAQI QICI

"[Cloch] Safaqqucus nhic Qicus" Fardel Manor, gar de Ivybridge, Devon
488 TVST3/1 ᚛ᚓᚅᚐᚁᚐᚏᚏ᚜

ENABARR

Ainm chapall Mhanannáin mhic Lir[14] Roborough Down, Buckland Monachorum, Devon
496 SILCH/1 ᚛ᚓᚁᚔᚉᚐᚈᚑᚄ ᚋᚐᚊᚔ ᚋᚒᚉᚑᚔ᚜

EBICATO[S] [MAQ]I MUCO[I] [

Silchester, Hampshire Tochailte sa bhliain 1893
500 ANDRS/1 FILIVS-ROCATI | HIC-IACIT

᚛ᚒᚁᚔᚉᚐᚈᚑᚄᚋᚐᚊᚔᚏᚑᚉᚐᚈᚑᚄ᚜
[.]b[i]catos-m[a]qi-r[o]c[a]t[o]s

"Ammecatus son of Rocatus lies here"

"[Am]bicatos son of Rocatos"

Knoc y Doonee, Kirk Andreas Laidin agus Ogham le chéile
501 ARBRY/1 ᚛ᚉᚒᚅᚐᚋᚐᚌᚂᚔ ᚋᚐᚉ᚜

CUNAMAGLI MAC[

502 ARBRY/2 ᚛ᚋᚐᚊ ᚂᚓᚑᚌ᚜

MAQ LEOG

503 RUSHN/1 ᚛ᚇᚑᚃᚐᚔᚇᚑᚅᚐ ᚋᚐᚊᚔ ᚇᚏᚑᚐᚈᚐ᚜

DOVAIDONA MAQI DROATA

"Dovaido mac an Draoi Ballaqueeney, Port St. Mary, Rushen
504 RUSHN/2 ᚛ᚁᚔᚃᚐᚔᚇᚑᚅᚐᚄᚋᚐᚊᚔᚋᚒᚉᚑᚔ᚜ ᚛ᚉᚒᚅᚐᚃᚐᚂᚔ᚜
BIVAIDONAS MAQI MUCOI CUNAVA[LI]
"Of Bivaidonas, son of the tribe Cunava[li]" Ballaqueeney, Port St Mary, Rushen
506 GIGHA/1 ᚛ᚃᚔᚉᚒᚂᚐ ᚋᚐᚊ ᚉᚒᚌᚔᚅᚔ᚜

VICULA MAQ CUGINI

Vicula, Cugini Gigha, Argyll
507 POLCH/1 ᚛ᚉᚏᚑᚅ[-]ᚅ᚜

CRON[-][N][

Poltaloch, Kilmartin, Argyll Blúirín, aitheanta sa bhliain 1931
1068 BRIDE/1 ᚛ᚂᚒᚌᚅᚔ᚜

LUGNI

Ballavarkish, Bride Aitheanta sa bhliain 1911; croiseanna agus ainmhithe animals, 8ú nó 9ú haois

séimhithe

Inscríbhinní ScholaíochaCuir in Eagar

Glaoitear 'scholaíoch' ar a leithid d'inscríbhinn, toisc go gcreidtear gur spreagadh iad ó fhoinsí lámhscríbhinne, in ionad seannós na séadchomhartha. De ghnáth, scríobhadh stoclíne ar dhromchla na cloiche ar a scríobhadh na litreacha, seachas ar imeall na cloiche. Scríobhadh ar dtús iad i rith na 6ú haoise, agus leanann ar aghaidh trí réanna na Sean- agus Meán- Ghaeilge, agus fiú go dtí an lá atá inniu ann. Ón meánaois dhéanach these aghaidh, faightear iontu Forfeda. Is scolaíoch iad na 30-nó-mar-sin cloch Cruithneach, 6ú go 9ú haois a bheag nó a mhór. Is as Sean-Ioruais iad roinnt cloch den Ré Uigingeach ar Mhanainn agus Sealtainn, nó ar a laghad tá ainmneach Ioruaise iontu.

AlbaCuir in Eagar

CISP Ogham Gaeilge Suíomh Notes
BRATT/1 ᚛ᚔᚏᚐᚈᚐᚇᚇᚑᚐᚏᚓᚅᚄ᚜

IRATADDOARENS[

Addoaren (Saint Ethernan?) Brandsbutt, Inverurie, Aberdeenshire Cruitnise(?), ón 6ú-8ú haois
BREAY/1 ᚛ᚉᚏᚏᚑᚄᚄᚉᚉ᚜ : ᚛ᚅᚐᚆᚆᚈᚃᚃᚇᚇᚐᚇᚇᚄ᚜ : ᚛ᚇᚐᚈᚈᚏᚏ᚜ : ᚛ᚐᚅᚅ[--]ᚁᚓᚅᚔᚄᚓᚄ ᚋᚓᚊᚊ ᚇᚇᚏᚑᚐᚅᚅ[--]᚜

CRRO[S]SCC : NAHHTVVDDA[DD]S : DATTRR : [A]NN[--] BEN[I]SES MEQQ DDR[O]ANN[--

Nahhtvdd[add]s, Benises, Dr[o]ann Bressay, Sealtainn Ioruais nó Gaeilge, le cúig fhorfid
? ᚛ᚁᚓᚅᚇᚇᚐᚉᚈᚐᚅᚔᚋᚂ᚜

[B]ENDDACTANIM[L]

a blessing ar anam of L. Birsay, Orkney Tochailte sa bhliain 1970.[15] Féach Buckquoy spindle-whorl
AUQUH/1 ᚛ᚐᚃᚒᚑᚐᚅᚅᚒᚅᚐᚑᚒᚐᚈᚓᚇᚑᚃᚓᚅᚔ᚜

AVUOANNUNAOUATEDOVENI

Avuo Anuano soothsayer of the Doveni Auquhollie, gar de Stonehaven
Newton Stone ᚐᚔᚇᚇᚐᚏᚉᚒᚅ ᚃᚓᚐᚅ ᚃᚑᚁᚏᚓᚅᚅᚔ ᚁᚐᚂᚄ[ᚁᚐᚉᚄ] ᚔᚑᚄᚄᚐᚏ

AIDDARCUN FEAN FOBRENNI BA(L or K)S IOSSAR[16]

? Shevock, Aberdeenshire Tá ann 2(?) líne Oghaim agus fo- inscríbhinn neamhscaoileadh[17]

Oileán MhanannCuir in Eagar

  • CISP KMICH/1, inscríbhinn den 11ú haois, Rúnscribhinn agus Ogham Ogham chéile, sa reilig i gKirk Michael, Oileán Mhanann:
    ᚛ᚁᚂᚃᚄᚅᚆᚇᚈᚉᚊᚋᚌᚍᚎᚏᚐᚑᚒᚓᚔ᚜
    ᚛ᚋᚒᚒᚉᚑᚋᚐᚂᚂᚐᚃᚔᚒᚐᚋᚒᚂᚂᚌᚒᚉ᚜
    ᛘᛅᛚ᛬ᛚᚢᛘᚴᚢᚿ᛬ᚱᛅᛁᛋᛏᛁ᛬ᚴᚱᚢᛋ᛬ᚦᛁᚾᛅ᛬ᛁᚠᛏᛁᚱ᛬ᛘᛅᛚ᛬ᛘᚢᚱᚢ᛬ᚠᚢᛋᛏᚱᛅ᛬ᛋᛁᚾᛁ᛬ᛏᚭᛏᛁᚱᛏᚢᚠᚴᛅᛚᛋ᛬ᚴᚭᚾᛅ᛬ᛁᛋ᛬ᛅᚦᛁᛋᛚ᛬ᛅᛏᛁ᛭
    ᛒᛁᛏᚱᛅᛁᛋ᛬ᛚᛅᛁᚠᛅ᛬ᚠᚢᛋᛏᚱᛅ᛬ᚴᚢᚦᛅᚾ᛬ᚦᛅᚾ᛬ᛋᚭᚾ᛬ᛁᛚᛅᚾ᛭
    Trascríbhinn:
    BLFSNHDTCQMGHZRAOUEI blfsnhdtcqmgηzraouei
    MUUCOMAL LAFIUA MULLGUC
    MAL : LUMKUN : RAISTI : KRUS : ÞINA : IFTIR : MAL : MURU : FUSTRA : SINI : TOTIRTUFKALS : KONA : IS : AÞISL : ATI+
    [B]ITRA : IS : LAIFA : FUSTRA : KUÞAN : ÞAN : SON : ILAN +
    Aistriúchán:
    Abecedarium Oghaim - an aibítir go léir
    "Mucomael uí Mhaelguc"
    "Chuir Mal Lumkun suas an crois seo i chuimhneachán Mal Mury, a mac altrama, iníon Dufgal, bean chéile a phós Athisl í,"
    "Níos fearr é dea-mhac altrama ná drochmhac"
    (As Ioruais é an téacs Rúnach.)

ÉireCuir in Eagar

  • Inscríbhinn Oghaim den 19ú haois ag Áth Eine, Co. Thiobraid Árann (Raftery 1969)
    ᚛ᚃᚐᚐᚅᚂᚔᚌᚄᚑᚅᚐᚂᚒᚐᚈᚐᚋᚐᚏᚔᚅᚔᚇᚆᚔᚋᚒᚄᚐ᚜ ᚛ᚑᚋᚁᚐᚂᚂᚔᚅᚐᚌᚉᚏᚐᚅᚔᚁᚆ᚜
    fa an lig so na lu ata mari ni dhimusa / o mballi na gcranibh
    "Faoin lia seo ina luí atá Mári Ní Dhíomasaigh ó Bhaile an Chránaigh"

LámhscríbhinníCuir in Eagar

  • Téacs as Laidin scríofa in ogham, sna hAnnála Inis Faithlinn den bhliain 1193 (Rawlinson MS B 503, f. 40c)
    ᚛ᚅᚒᚋᚒᚄ ᚆᚑᚅᚑᚏᚐᚈᚒᚏ ᚄᚔᚅᚓ᚜ ᚛ᚅᚒᚋᚑ ᚅᚒᚂᚂᚒᚄ ᚐᚋᚐᚈᚒᚏ᚜
    nummus honoratur sine / nummo nullus amatur
    Líne heicsiméadair is é seo, le rím inmheánach ag an caesúr, le scanadh mar a leanas: nūmmus honōrātur || sine nūmmō nullus amātur.
    "tugtar urraim d'airgid, gan airgid ní ghráitear aon duine"
  • Inscríbhinn ficseanúil: i sága MeánGhaeilge sa Leabhar Laighneach (LL 66 AB), luaitear an inscríbhinn oghaim a leanas:
    ᚛ᚌᚔᚚ ᚓ ᚈᚔᚄᚓᚇ ᚔᚅ ᚃᚐᚔᚇᚉᚆᚓ᚜ ᚛ᚇᚘᚐ ᚋᚁᚐ ᚌᚐᚄᚉᚓᚇᚐᚉᚆ᚜
    ᚛ᚌᚓᚔᚄ ᚃᚐᚔᚏ ᚐᚏ ᚈᚆᚓᚉᚆᚈ ᚇᚔᚅᚇ ᚃᚐᚔᚇᚉᚆᚔ᚜
    ᚛ᚉᚓᚅ ᚉᚆᚑᚋᚏᚐᚉ ᚅᚑᚓᚅᚃᚆᚔᚏ ᚇᚑ ᚃᚆᚒᚐᚉᚏᚐ᚜
    Gip e tised in faidche, dia m-ba gascedach, geis fair ar thecht dind faidchi cen chomrac n-oenfhir do [18]fhuacra.
    "Cibé a thagann san fhaiche, dá mba gaisce aige, tá geis air theacht as an fhaiche gan chomhrac aonair a fhógairt."

FoinsíCuir in Eagar

  • Brash, R. R., The Ogam Inscribed Monuments of the Gaedhil in the British Isles, Londain (1879).
  • J. Higgitt, K. Forsyth, D. Parsons (eag.), Roman, Runes and Ogham. Medieval Inscriptions in the Insular World and on the Continent, Donington: Shaun Tyas (2001).
  • Jackson, K.H., Notes on the Ogam inscriptions of southern Britain, in C. Fox, B. Dickins (eds.) The Early Cultures of North-West Europe. Cambridge: ll. 197—213 (1950).
  • Macalister, Robert A.S. The Secret Languages of Ireland, pp27 – 36, Cambridge University Press, 1937
  • —, Corpus Inscriptionum Insularum Celticarum Vol. I., Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair (1945).
  • —, Corpus Inscriptionum Insularum Celticarum' Vol. II., Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair (1949).
  • McManus, D, A Guide to Ogam, An Sagart, Maigh Nuad, Co. Chill Dara (1991)
  • MacNeill, Eoin. Archaisms in the Ogham Inscriptions, 'Proceedings of the Royal Irish Academy' 39, ll. 33–53, Baile Átha Cliath
  • Ziegler, S., Die Sprache der altirischen Ogam-Inschriften, Göttingen: Vandenhoeck and Ruprecht (1994).

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. nia2, laoch, curadh, ar teanglann.ie FGB
  2. 1 bran, fiach, ar eDIL
  3. biu, beo, ar eDIL
  4. 2 mass, maise, ar eDIL
  5. 1 erc, neamh; ach féach freisin 2-7 erc; ar eDIL
  6. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  7. "Ogham in 3D - Ballyboodan / 38. Ballyboodan".
  8. "Titus Database Ogamica: CIIC No. 047".
  9. "Crossoona Rath | BALTINGLASS | Places".
  10. [dil.ie/1031 ailithir], oilithreach, ar eDIL
  11. final Irish inscription in Macalister 1945
  12. Discovered in 1975. Thomas Fanning and Donncha Ó Corráin, "An Ogham stone and cross-slab from Ratass Church, Tralee", JKAHS 10 (1977), ll. 14–18.
  13. Davies, John (2008). "The Welsh Academy Encyclopedia of Wales". Cardiff: University of Wales Press. 
  14. J. A. MacCulloch, The Religion of the Ancient Celts
  15. Forsyth, Katherine (1995). "The ogham-inscribed spindle-whorl from Buckquoy: evidence for the Irish language in pre-Viking Orkney?". Proceedings of the Society of Antiquaries of Scotland 125: 677–696. ISSN 0081-1564. 
  16. Brash, Richard Rolt (10 Mí Márta 1873). "ON THE OGHAM INSCRIPTION OF THE NEWTON PILLAR-STONE". Proceedings of the Society of Antiquaries of Scotland. 
  17. "Site Record for Newton House, The Newton Stone Newton in the Garioch". RCAHMS.
  18. fúacair, fo-úacair, fócair, fógair, ar eDIL