R. A. Stewart Macalister

seandálaí Éireannach

Seandálaí agus scoláire Gaeilge ba ea Robert Alexander Stewart Macalister (8ú Iúil 1870 – 26ú Aibreán 1950).[1]

Infotaula de personaR. A. Stewart Macalister

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith8 Iúil 1870
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Aibreán 1950
79 bliana d'aois
Cambridge, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Cambridge
Scoil Ráth Maonais Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreOgham, biblical archaeology (en) Aistrigh, ancient archeology (en) Aistrigh agus tochailt seandálaíochta
Suíomh oibre Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmantraipeolaí, réamhstaraí, seandálaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 96738920 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Macalister i mBaile Átha Cliath, mac le Alexander Macalister, ina Ollamh Zó-eolaíochta, ag Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1883, ceartóidh a athair ina ollamh anatomy ag Cambridge University. Cuireadh oideachas ar Robert ag The Perse School, agus ansin ag Cambridge.

Bhí suim aige ar dtús i seandálaíocht na hÉireann, ach níos deireanaí, d'éirigh sé an-tógtha le seandálaíocht bíobalta. I dteannta le Frederick J. Bliss, thocail sé roinnt bailte i gceantar Shephelah sa Phalaistín ón mbliain 1898 go dtí 1900. Bunaithe ar obair Flinders Petrie sa réimse srathagrafaíochta, d'fhorbair siad croineolaíocht don cheantar ag baint leasa as saintréitheacht cheirmeach. Tar éis de Bhliss dul ar scor, d'éirigh Macalister ina stiúrthóir tochailte ar son an Palestine Exploration Fund (PEF) sa bhliain 1901.

 
Líne deartha (barr na híomhá, marcáilte "PEF") ag Macalister sa bhliain 1900, ag cur leibhéal na Mara Mairbhe in úil.

Ón mbliain 1902 go dtí 1909 bhí sé freagrach as tochailtí ag Gezer, díreach taobh thiar de Iarúsailéim, ar cheann desna tochailtí eolaíocha is mó sa cheantar. Fuarthas ann sampla an-luath d'fhéilire Eabhraise, Féilire Gezer.

Sa bhliain 1909, ceapadh Macalister ina ollamh le Seandálaíocht Cheilteach ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, áit a mhuin sé go dtí go ndeachaigh sé ar scoir sa bhliain 1943. Rinne sé obair ag Cnoc na Teamhrach agus bhí sé ina eagarthóir de chatalóg d'inscríbhinní oghaim ón mBreatain agus ón Éirinn. I dteannta sin, d'aistrigh sé seanscéalta ón mbunGhaeilge go Béarla, in úsáid go forleathan fós inniu. Toghadh é mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1910 agus bhí sé ina uachtarán ann ón mbliain 1926 go dtí 1931.[2] He was also president of the Royal Society of Antiquaries of Ireland from 1924 to 1928.

Adhlacadh é san Ascension Parish Burial Ground, Cambridge, i dteannta lena bhean chéile, Margaret A. M. Macalister.

Saothair cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Thomas, Page A. (1984), "The Success and Failure of Robert Alexander Stewart Macalister", Biblical Archaeologist, 47 (1): 33–35
  • "MACALISTER, Robert Alexander Stewart", Who Was Who, A & C Black (Bloomsbury Publishing), online edn, Oxford University Press, 2012
  • "R. A. Stewart Macalister (MLSR889RA)". A Cambridge Alumni Database. University of Cambridge.
  • Fagan, Brian (2004), "Macalister, Robert Alexander Stewart (1870–1950)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press

Tagairtí cuir in eagar