An Mhuir Mharbh

Loch goirt is ea an Mhuir Mharbh (Araibis: البَحْر المَيّت‎, al-Baḥr El-Mayyit, "Muir Mharbh"; Eabhrais: יָם הַ‏‏מֶּ‏‏לַ‏ח‎, Yām Ha-Melaḥ, "Muir an tSalainn") atá suite sa Mheánoirthear, idir an Bruach Thiar, Iosrael agus an Iordáin. Tá an loch 422 méadar (1,385 troigh) faoi bhun cothrom farraige, agus mar thoradh tá cladaí na mara ar an áit thirim is ísle ar dhromchla an Domhain. Tá 33.7% salandacht sa loch chomh maith, agus is é an loch goirt is doimhne ar domhain (378 méadar, 1,240 troigh) é. Cruthaíonn salandacht na mara timpeallacht atá an-gharbh do phlandaí agus ainmhithe, agus mar sin a tugtar an mhuir mharbh air.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAn Mhuir Mharbh
Dead Sea by David Shankbone.jpg
CineálEndorheic lake (en) Aistrigh agus hypersaline lake (en) Aistrigh
Cuid deJordan Rift Valley (en) Aistrigh
Suíomh
Tíortha abhantraíIosrael agus An Iordáin
Stát ceannasachIosrael
JordanRiver-ar.png Map
 31°31′15″N 35°29′04″E / 31.5207°N 35.4845°E / 31.5207; 35.4845Comhordanáidí: 31°31′15″N 35°29′04″E / 31.5207°N 35.4845°E / 31.5207; 35.4845
Craobh-aibhneacha
Tréithe
Airde−437 m
Doimhneacht uasta360 m
Toisí18 (leithead) × 67 (fad) km
Imlíne135 km
Bearta agus táscairí
Salandacht33.7 %
Cumas148,000 hm³

Tá áit thábhachtach ag an muir i stair an réigiúin. Mar shampla, thóg Héaród Mór roinnt daingin ar Bhruach Thiar na Mara Mairbhe, agus scríobh Josephus gur gabhadh agus maraíodh Eoin Baiste ag an bpálás Machaerus. Níos déanaí, frítheadh Scrollaí na Mara Mairbhe idir 1947 agus 1956 sna huaimheanna ag Qumran.

An Mhuir Mharbh ar maidin, ó Masada