Corca Dhuibhne a thugtar ar an leithinis díreach laistiar de Thrá Lí i gContae Chiarraí, agus ar an mbarúntacht atá suite ar an leithinis. Is é An DaingeanDaingean Uí Chúis príomhbhaile na leithinse agus ceantar oifigiúil Gaeltachta is ea an chuid den leithinis laistiar do Lios Póil agus den tSráidbhaile.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCorca Dhuibhne
Dingle Peninsula NASA World Wind.jpg
CineálLeithinis
Cuid deContae Chiarraí
Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chiarraí
 52°11′36″N 10°05′02″W / 52.193333333333°N 10.083888888889°W / 52.193333333333; -10.083888888889Comhordanáidí: 52°11′36″N 10°05′02″W / 52.193333333333°N 10.083888888889°W / 52.193333333333; -10.083888888889
FarraigeAn tAigéan Atlantach
Tréithe
Airde uastaCnoc Bhreandáin  (952 m)

Cnoc Bréanainn, ceann de na cnoic is airde in Éirinn in iarthuaisceart na leithinse ina dheighilt nádúrtha idir an dá chuid stairiúla de Chorca Dhuibhne, mar atá, Duibhneach, laistiar agus laisteas den chnoc agus Leitriúch lastoir de. Amach ó Dhún Chaoin sa chuid is siar siar atá na Blascaodaí, scata oileán arbh astu do Pheig Sayers, Thomás Ó Criomhthain a scríobh an leabhar cáiliúil An tOileánach, Muiris Ó Súilleabháin, údar Fiche Bliain ag Fás agus roinnt scríbhneoirí eile.


Leithinis Corca Dhuibhne, i gContae Chiarraí, Poblacht na hÉireann.