Lios Póil
Baile beag i gContae Chiarraí na hÉireann is ea Lios Póil.[1] Tá sé suite in aice le Bealach Náisiúnta Tánaisteach an N86 thart ar ocht gciliméadair soir ón Daingean ar thaobh Chill Airne agus 40 km ó Thrá Lí ar leithinis Chorca Dhuibhne. Cuid de Ghaeltacht Chontae Chiarraí atá ann.
Lios Póil | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 24 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 127908 |
Daonra
cuir in eagarTá Lios Póil déanta suas do dhá pharóiste Cinn Áird agus Minn Áird.Sa daonáireamh 2011 bhí 388 daoine i Minn Áird shuas duine amháin ó 387 i 2006.Bhí 355 daoine i Cinn Áird i 2011 síos ó 381 sa daonáireamh i 2006. San iomlán bhí 743 daoine I Lios Póil de réir an daonáireamh i 2011.
Feidhmeanna
cuir in eagarBraitheann eacnamaíocht Lios Póil go mór ar an gceantar máguaird toisc go bhfuil deiseanna fostaíochta sa sráidbhaile féin teoranta go maith. Tuath oscailte is ea an tírdhreach mórthimpeall a úsáidtear le haghaidh talmhaíochta den chuid is mó, foinse fostaíochta traidisiúnta atá fíorthábhachtach. Foinse fostaíochta eile is ea an cairéal atá cóngarach do Lios Póil. Tá formhór an daonra fostaithe in earnáil na seirbhísí, mar shampla an tionscal turasóireachta. Taistealaíonn go leor daoine ón gceantar go dtí lárionaid eile le haghaidh oibre, .i. Trá Lí nó An Daingean go háirithe.
Seirbhísí Pobal
cuir in eagarTá réimse bunúsach de sheirbhísí ar fáil sa sráidbhaile agus ina chóngaracht. Mar shampla, tá oifig an phoist, Scoil Náisiúnta Naomh Eoin Baiste, Séipéal Naomh Eoin Baiste, Siopa Uí Chatháin, Halla Poiblí, Tigh Tábhairne Uí Shúilleabháin, gort peile agus forbairtí tithe saoire suite i lios Póil. Téann go leor daoine go dtí An Daingean i gcomhair a lán seirbhísí eile mar níl siad le fáil in Abha Na Scáil ach an oiread.
Iompar
cuir in eagar- Téann na busanna idir Trá Lí agus an Daingean trí Lios Póil freisin.
- Osclaíodh an stáisiún traenach ar an 1 Aibreán 1891 agus dúnadh ar an 1 Iúil 1953 é. Bhíodh cuid d'Iarnród Caol an Daingin i Lios Póil agus tá tarbhealach le feiceáil fós.
Féile Lios Póil
cuir in eagarBíonn an fhéile seo ar siúl i mí Lúnasa. Bíonn rud éigin ar siúl do gach aoisghrúpa le linn na féile, mar shampla rince Gaelach, ealaíon, tráth na gceist, ceirdeanna, tóraíocht taisce le cairt, caid, tarrac téide, lúthchleasaíocht agus siúlóid sléibhe.[2]
Daoine clúiteacha
cuir in eagar- Joe Higgins, Teachta Dála don Pháirtí Sóisialach
- Tomás Ághas, réabhlóidí a rugadh i gCinn Aird
- An tSiúr Stanislaus Kennedy
Bailte Fearainn Lios Póil
cuir in eagar- Áth an Charbaill
- Arda Mór
- Baile an Bhogaigh
- Baile an Fhaoitigh
- Baile an Gharráin
- Baile an Istínigh
- Baile an Phléamannaigh
- Baile Ristín
- Baile na hAbha
- Baile na Saor
- An Bhánóg Bheag
- An Bhánóg Thuaidh
- An Bhánóg Theas
- An Bóthar Breac
- Cluain Chortha
- Cill Mhuire
- Cinn Aird
- Cinn Aird a' teampaill
- Cinn Aird iarthach
- Com an Lóndraigh
- Na Dúnta
- Eaglais
- Fothrach
- An tImleach
- Gabhlán Ard
- Gabhlán Beag
- Gabhlán Thoir
- Garraí na dTor
- Gleann na Mine Airde
- Gort na gCuileannach
- Gráig
- Gualainn
- Lios Deargáin
- Log na gCapall
- An Mhin Aird Bhuí
- An Mhin Aird Thiar
- Oileán an Phocáin
- Páirc an Fhiaidh
- Páirc an Teampaill
- An Rinn Bhuí
- Tobar na Múdán
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ “Lios Póil/Lispole | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-29. Dáta rochtana: 2009-06-12.