Peig Sayers

údar cuimhní cinn

Seanchaí agus dírbheathaisnéisí Éireannach ab ea Peig Sayers (18738 Nollaig 1958[1]).

Peig Sayers
Peig Sayers c1945.png
Saol
Eolas breitheDún Chaoin, 1873
NáisiúntachtÉire
BásDaingean Uí Chúis, 1958
Muintir
Páistí
liosta iomláin
Oideachas
Teangachaan Ghaeilge
Gairm
Gairmdírbheathaisnéisí
Gluaiseacht ealaínecuimhní cinn
dírbheathaisnéis
scéal
tale (en) Aistrigh
Discogs ID5785316

SaolCuir in Eagar

Tháinig Peig Sayers ar an saol i nDún Chaoin, baile beag i gContae Chiarraí, Éire. Phós sí Pádraig Ó Gaoithín ón mBlascaod Mór, agus d'aistrigh sí ansin leis.

Bhí Peig Sayers ina cónaí ar an oileán go dtí an bhliain 1953, nuair a tréigeadh na Blascaodaí ar fad. Bhog sí go hospidéal an Daingin. Fuair sí bás ansin sa bhliain 1958, agus tá sí curtha i reilig Dhún Chaoin.


SeanchaíCuir in Eagar

Ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aici, cé go raibh sé ar a cumas Béarla a léamh agus a scríobh de réir an daonáirimh. Seanchaí agus scéalaí den scoth ab ea í. Ba dhual athar di é, nó nuair a bhí sí óg, chluineadh sí na mílte scéalta agus eachtraí á n-insint ag a hathair agus é ag déanamh airneáin le fir an bhaile.

Dheachtaigh sí a cuid scéalta do Sheosamh Ó Dálaigh (bhí sé ar dhuine den bheagán bailitheoirí lánaimseartha a chuir Coimisiún Béaloideasa Éireann ag obair i dtríochaidí an 20ú haois[2]).

Tá cáil uirthi de bharr a dírbheathaisnéise, Peig. Ba é a mac, Micheál, a bhreac an scéal síos uaithi, agus foilsíodh an leabhar sa bhliain 1936.

Rinne na glúinte de dhaltaí meánscoile in Éirinn staidéar ar an leabhar sin agus bhí mórán acu nach raibh buíoch de Pheig bhocht. Dar leo gur pionós a bhí ann, agus is dócha gur chuir an leabhar isteach ar mhná óga níos mó ná ar na buachaillí. Ní téacs éigeantach a bhí riamh in Peig. Mar sin féin roghnaigh mórán múinteoirí an leabhar do scrúdú Gaeilge na hArdteistiméarachta go dtí 1999.

TagairtíCuir in Eagar

  1. [1] Dáta a báis ó Ainm.ie, 4 Aib. 2015
  2. https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1680