Robin Flower
Scoláire sa léann Ceilteach ab ea Robin Flower (nó Bláithín mar ab fhearr aithne air sa Ghaeilge) (16 Deireadh Fómhair 1881 - 16 Eanáir 1946).[1][2][3] Chaith sé cuid mhaith dá shaol ag gabháil do chultúr na mBlascaodaí, ar chósta Chontae Chiarraí, agus is eisean a spreag roinnt de na hoileánaithe a chuid cuimhní cinn a bhreacadh síos ar phár.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1881 Meanwood, England |
Bás | 1946 64/65 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Leeds Grammar School (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht, Na Ceiltigh agus an Ghaeilge |
Gairm | file, músaemeolaí, aistritheoir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Gradam a fuarthas |
Beatha
cuir in eagarIn 1881 i Meanwood, Yorkshire, a rugadh Flower; in Ollscoil Oxford a cuireadh oideachas air.
Nuair a bhí sé fostaithe i Músaem na Breataine bhí baint aige le catalógú lámhscríbhinní Gaeilge. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge nuair a bhí sé ag obair i roinn na lámhscríbhinní.[5][3]
D'fhoghlaim Flower an teanga labhartha ó Thomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór ina dhiaidh sin. Blianta ina dhiaidh sin arís, d'aistrigh sé dírbheathaisnéis Uí Chriomhthain go Béarla. Thiontaigh Flower An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain go Béarla, faoin teideal The Islandman (1929)[6], mar aon le Seanchas ón Oileáin Tiar (saothar a scríobh sé féin) faoin teideal Lore of the Western Isle (1956).
Chuir Flower roinnt scéalta le Peig Sayers á bhfoilsiú ar an iris Béaloideas. Saothair eile a tháinig óna pheann is ea The Great Blasket {1924} agus The Western Island or the Great Blasket (1945).
Tá cáil ar Robin Flower faoina shaothair eile léinn chomh maith, an Réamhrá a scríobh sé do na Dánta Grádha (1926) a chuir Tomás Ó Rathile in eagar i 1926 agus a leabhar féin The Irish Tradition (1947) - a foilsíodh bliain tar éis a bháis - ina measc.[5]
Mí-shásta i Aberystwyth, d'éag Bláithín ar 16 Eanáir 1946, agus 65 bliain d'aois slánaithe aide. Scaipeadh a chuid luaithrigh ar na Blascaoidí.[7]
Oidhreacht
cuir in eagarSa bhliain 2022, bhí cuid de chartlan Robin Flower bronnta ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Cuimsíonn an chartlann nótaí taighde Robin Flower, aistriúcháin Bhéarla a rinne sé ar dhánta Meán-Ghaeilge agus cáipéisí éagsúla eile.[5]
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- 'Robin Flower', The Encyclopedia of Ireland, Gill & Macmillan Ltd (2003)
- Bláithín : Flower, Mícheál de Mórdha (eag.), An Sagart (1998)
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ pgil-eirdata.org (2008-10-22). "Robin Flower". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-10-22. Dáta rochtana: 2022-10-28.
- ↑ Patricia Lysaght (2017-07-03). "From the British Museum to the Great Blasket: Robin Flower and the Western Island". Folklore 128 (3): 219–243. doi: . ISSN 0015-587X.
- ↑ 3.0 3.1 "FLOWER, Robin (1881–1946)" (ga-IE). ainm.ie. Dáta rochtana: 2022-10-28.
- ↑ Patricia Lysaght (2017-07-03). "From the British Museum to the Great Blasket: Robin Flower and the Western Island". Folklore 128 (3): 219–243. doi: . ISSN 0015-587X.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 Nuacht RTÉ (2022-10-26). "Ábhar ó chartlann Robin Flower bronnta ar Ollscoil Chorcaí" (as ga).
- ↑ Books4you.org (1929). "The islandman | Tomas O'Crohan, Robin Flower". b-ok.cc. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-10-28. Dáta rochtana: 2022-10-28.
- ↑ Seán Ó Lúing (1981). "Robin Flower (1881-1946)". Studies: An Irish Quarterly Review 70 (278/279): 121–134. ISSN 0039-3495.