Osclóidh seo an príomhroghchlár

Tomás Ó Criomhthain

scríbhneoir Éireannach
Tomás Ó Criomhthain

Fear de bhunadh na mBlascaod ab ea Tomás Ó Criomhthain (t̪ˠɔmˠaːsˠ oː kɾˠɪhɪn̠ʲ),[1]Thomas O'Crohan (21 Nollaig 18567 Márta 1937), duine de mhórscríbhneoirí a linne.

Rugadh é sa bhliain 1856 agus chaith sé formhór a shaoil ar an oileán. Scríobh sé dhá leabhar, Agallamh na hInse agus An tOileánach, agus aistríodh go teangacha éagsúla iad ó shin. Is clasaicí dírbheathaisnéiseacha iad na leabhair a thug léargas bríomhar ealaíonta ar shaol na ndaoine a mhair sna Blascaodaí lena linn. Cé go bhfuil cáil ar dhírbheathaisnéisí eile de chuid na Gaeltachta, tugtar an chraobh de ghnáth do Ó Criomhthain.

SaolCuir in Eagar

Ba é Tomás an duine deireanach de sheisear clainne agus déantar iontas fós féin den chur síos atá aige ar a bheith ag diúl as cíoch a mháthar agus é ceithre bliana d'aois.

Ní bhfuair sé mórán scolaíochta mar nár fhan múinteoirí i bhfad riamh ar an oileán agus de réir a thuairisce bhí saol breá aige ina gharsún ag seilg agus ag iascach.

Phós sé Máire Ní Chatháin sa bhliain 1878 agus cé go raibh deichniúr leanbh aici bhásaigh go leor díobh go hóg agus ní raibh saol fada aici féin.

LeabhairCuir in Eagar

Spreag Brian Ó Ceallaigh as Cill Áirne Tomás chun cín lae a scríobh na blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - chruthaigh sé don oileánach go bhféadfadh tuairiscí faoi shaol na ngnáthdhaoine i gceantar iargúlta a bheith spéisiúil trí shampla de scéalta le Maxim Gorky agus Pierre Loti a thabhairt dó le léamh. Scríobh Ó Criomhthain litreacha gach lá chuig Ó Ceallaigh agus ba as na cuntais sin a cuireadh an leabhar An tOileánach le chéile. thosaigh Tomás ag moladh do dhaoine óga dul i mbun scríbhneoireachta comh maith. Sa bhliain 1923 bhí triúir i mbun pinn:- é féin, Míchael Ó Gaoithín agus Eibhlín (Neilí) Ní Shúilleabháin.

Bás agus oidreachtCuir in Eagar

Fuair Tomás Ó Criomhthain bás sa bhliain 1937 agus maireann a cháil agus a oidhreacht go dtí inniu féin.

D'ainneoin go raibh sé rí-shoiléir go raibh saol deacair, crua ag oileánaigh an ama sin, tugadh faoi ndeara freisin an saibhreas seanchais agus cultúir a bhí go smior ina gcuid úrlabhraíochta. 

Ina dhiaidh sin, chuir Muiris Ó Súilleabháin peann le pár agus thug 'Fiche Bliain Ag Fás' chugainn. Ina dhiaidh sin aríst a tháinig dírbheathaisneis Pheig Sayers

Áirítear 'An tOileánach' ar an saothar ceannródaíoch áfach, an ceann ba tábhachtaí toisc an aird a tharraing sé seans. 

SaotharCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. An t-Oileánach, an cúigiú cló, Comhlacht Oideachas na hÉireann, 1969