Leabhar Gaeilge leis an scríbhneoir Tomás Ó Criomhthain is ea An tOileánach, cuntas ar shaol an údair agus é ag éirí aníos ar an mBlascaod Mór. Críochnaíodh sa bhliain 1923 é, agus foilsíodh sa bhliain 1929 é. Cín lae atá ann, bailithe le chéile ag an gCiarraíoch Brian Ó Ceallaigh ó litreacha a sheol Ó Criomhthain chuige sa phost. Féachtar air mar cheann de sároibreacha na Gaeilge, a thugann léargas ar saol na ndaoine ar an oileán iargúlta seo, atá tréigthe sa lá atá inniu ann, agus an saghas Gaeilge a bhí á labhairt acu.

WD Bosca Sonraí LeabharAn tOileánach
An t-Oileánach
Cineálsaothar scríofa
Cárta innéacs
ÚdarTomás Ó Criomhthain
Teangaan Ghaeilge
FoilseachánÉire, 1929
Foilsitheoirluach anaithnid
Sonraí an tsaothair
Seánrabeathaisnéis
Líon na leathanach286

Spreagadh an Leabhar Cuir in Eagar

Spreag Brian Ó Ceallaigh as Cill Airne Tomás chun cín lae a scríobh na blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - chruthaigh sé don oileánach go bhféadfadh tuairiscí faoi shaol na ngnáthdhaoine i gceantar iargúlta a bheith spéisiúil trí shampla de scéalta le Maxim Gorky agus Pierre Loti a thabhairt dó le léamh. Scríobh Ó Criomhthain litreacha gach lá chuig Ó Ceallaigh agus ba as na cuntais sin a cuireadh an leabhar An tOileánach le chéile. Thosaigh Tomás ag moladh do dhaoine óga dul i mbun scríbhneoireachta chomh maith. Sa bhliain 1923 bhí triúir i mbun pinn:- é féin, Míchael Ó Gaoithín agus Eibhlín (Neilí) Ní Shúilleabháin.