Pósadh
Séard atá sa phósadh ná comhcheangal sóisialta nó conradh dlíthiúil idir dhaoine aonair a bhunaíonn gaol. Is institiúid í ina n-aithnítear caidrimh idirphearsanta, go hiondúil atá dlúthaí agus collaí, i slite éagsúla ag brath ar an mbéascna nó an déimeagrafach. Tugtar bainis ar fhéasta an phósta.

Pósadh in Albain
In ÉirinnCuir in Eagar
Ar an 23 Bealtaine 2015, ghlac móramh na vótálaithe le pósadh comhghnéis i reifreann i bPoblacht na hÉireann. Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne[1],[2].
NósannaCuir in Eagar
Ceann de na nósanna traidisiúnta is mó cáil a bhain riamh le bliain bhisigh ná go bhféadfadh bean iarraidh ar fhear í a phósadh.[3] Ba mhinic an cleamhnas á dhéanamh i rith an Charghais ainneoin rialacha eaglasta in aghaidh a leithéide