Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Comhollscoil d'Ollscoil na hÉireann is ea Coláiste na hOllscoile, Corcaigh - Ollscoil na hÉireann, Corcaigh (as Béarla, University College Cork nó UCC; tugtar Coláiste na hOllscoile Corcaigh nó COC uirthi go coitianta) atá suite i gCorcaigh na hÉireann.
Mana | Where Finbarr Taught Let Munster Learn | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | UCC | ||||
Cineál | coláiste ollscoile eagraíocht neamhbhrabúis foilsitheoir oscailte ollscoil phoiblí | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1845 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | Líonra Utreacht European Alliance for Social Sciences and Humanities (en) Cumann Eorpach na nOllscoileanna An Chomhghuaillíocht um Chur Chun Cinn an Mheasúnaithe Taighde | ||||
Líon scoláirí | 21,894 (2019) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Máthaireagraíocht | Ollscoil na hÉireann | ||||
Fochomhlacht | |||||
Codanna | |||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Ioncam iomlán | 375 M€ (2017) | ||||
Suíomh gréasáin | https://www.ucc.ie | ||||
Bunaíodh an ollscoil sa 1840í faoin ainm Ollscoil na Banríona, Corcaigh, le dhá choláiste banríona eile; i mBéal Feirste agus i nGaillimh. Athraíodh an t-ainm go dtí Coláiste na hOllscoile, Corcaigh tar éis Acht na hOllscoile Éireannaí, 1908. Athraíodh an t-ainm arís go dtí an t-ainm reatha tar éis Acht na nOllscoileanna, 1997.
Freastalaíonn thart ar 14,500 mac léinn uirthi, le 12,000 mac léinn cláraithe ar chúrsaí céime agus 2,500 cláraithe mar iarchéimithe. Tá 3,000 míle duine fostaithe ag an Ollscoil.
Is iad seo a leanas dámha na hOllscoile: na hEalaíona agus Staidéir Cheilteacha, an Tráchtáil, an Innealtóireacht, Eolaíocht agus Teicneolaíocht an Bhia, An Dlí, An Leigheas agus an tSláinte, agus An Eolaíocht.
Ainmníodh an ollscoil mar an Sunday Times Ollscoil is fearr in Éirinn don bhliain 2003-2003,[1] gradam a bhuaigh an choláiste arís i 2005-2006.[2]
I measc na bpolaiteoirí a d’fhreastail ar an ollscoil tá: Mícheál Ó Mártín, Seán Ó Loingsigh, Michael O’Leary, Eoghan Harris, Barry Desmond agus André Ventura[3].
I measc na n-iriseoirí a d'fhreastail ar an ollscoil tá : Ian Bailey[4], Liam Ó Muirthile agus Brendan O'Connor[5] Is file é John Mee a d'fhreastail ar an Ollscoil i rith na hochtóidí.[6]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ http://www.timesonline.co.uk/article/0,,8444-815589,00.html[nasc briste go buan]
- ↑ http://www.ucc.ie/en/NewsandEvents/PressReleases/Headline,6912,en.html
- ↑ "Tese de doutoramento de André Ventura critica "populismo penal" e "estigmatização de minorias""
- ↑ Olivia Kelleher. "Law degree for Ian Bailey at UCC" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-10-06.
- ↑ "The Heart of Saturday Night"
- ↑ "University College Cork" (en). UCC. Dáta rochtana: 2021-10-26.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |