Osclóidh seo an príomhroghchlár
Músaem na Breataine

Is músaem i Londain Shasana é Músaem na Breataine atá tiomnaithe do stair agus chultúr an chine dhaonna. Tá 8 milliún mír i mbailiúcháin an mhúsaeim agus tagann siad as gach cearn den domhan.

Seomra léitheoireachta Mhúsaem na Breataine

Cuireadh Músaem na Breataine ar bun sa bhliain 1753, é bunaithe sa chuid ba mhó ar bhailiúcháin Sir Hans Sloane, lia agus eolaí. Cuireadh fáilte roimh an bpobal go dtí an Músaem ar 15 Eanáir 1759 agus é suite i dTeach Montagu i mBloomsbury.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar