Tomás Ó Criomhthain
Fear de bhunadh na mBlascaod ab ea Tomás Ó Criomhthain (t̪ˠɔmˠaːsˠ oː kɾˠɪhɪn̠ʲ),[1] nó Thomas O'Crohan (21 Nollaig 1856 – 7 Márta 1937), duine de mhórscríbhneoirí a linne.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1855 Na Blascaodaí, Éire |
Bás | 7 Márta 1937 81/82 bliana d'aois Na Blascaodaí, Éire |
Teanga dhúchais | an Ghaeilge |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Na Blascaodaí |
Gairm | iascaire, dialannaí, feirmeoir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Máire Ní Chatháin (1878–luach anaithnid) |
Páiste | Seán Ó Criomhthain |
Athair | Domhnall Ó Criomhthain agus wife of Donal O'Crohan (en) |
Siblín | Pats Ó Criomhthain, Máire Ní Chriomhthain, Cáit Ní Chriomhthain, Eibhlín Ní Chriomhthain agus Nóra Ní Chriomhthain |
Rugadh é sa bhliain 1856 agus chaith sé formhór a shaoil ar an oileán. Scríobh sé dhá leabhar, Agallamh na hInse agus An tOileánach, agus aistríodh go teangacha éagsúla iad ó shin. Is clasaicí dírbheathaisnéiseacha iad na leabhair a thug léargas bríomhar ealaíonta ar shaol na ndaoine a mhair sna Blascaodaí lena linn. Cé go bhfuil cáil ar dhírbheathaisnéisí eile de chuid na Gaeltachta, tugtar an chraobh de ghnáth do Ó Criomhthain.
Saol
cuir in eagarBa é Tomás an duine deireanach de sheisear clainne agus déantar iontas fós féin den chur síos atá aige ar a bheith ag diúl as cíoch a mháthar agus é ceithre bliana d'aois.
Ní bhfuair sé mórán scolaíochta mar nár fhan múinteoirí i bhfad riamh ar an oileán agus de réir a thuairisce bhí saol breá aige ina gharsún ag seilg agus ag iascach.
Phós sé Máire Ní Chatháin sa bhliain 1878 agus cé go raibh deichniúr leanbh aici bhásaigh go leor díobh go hóg agus ní raibh saol fada aici féin.
Leabhair
cuir in eagarSpreag Brian Ó Ceallaigh as Cill Airne Tomás chun cín lae a scríobh na blianta tar éis an Chéad Chogadh Domhanda - chruthaigh sé don oileánach go bhféadfadh tuairiscí faoi shaol na ngnáthdhaoine i gceantar iargúlta a bheith spéisiúil trí shampla de scéalta le Maxim Gorky agus Pierre Loti a thabhairt dó le léamh. Scríobh Ó Criomhthain litreacha gach lá chuig Ó Ceallaigh agus ba as na cuntais sin a cuireadh an leabhar An tOileánach le chéile. thosaigh Tomás ag moladh do dhaoine óga dul i mbun scríbhneoireachta chomh maith. Sa bhliain 1923 bhí triúr i mbun pinn:- é féin, Míchael Ó Gaoithín agus Eibhlín (Neilí) Ní Shúilleabháin.
Bás agus oidhreacht
cuir in eagarFuair Tomás Ó Criomhthain bás sa bhliain 1937 agus maireann a cháil agus a oidhreacht go dtí inniu féin.
D'ainneoin go raibh sé rí-shoiléir go raibh saol deacair, crua ag oileánaigh an ama sin, tugadh faoi ndeara freisin an saibhreas seanchais agus cultúir a bhí go smior ina gcuid urlabhraíochta.
Ina dhiaidh sin, chuir Muiris Ó Súilleabháin peann le pár agus thug 'Fiche Bliain Ag Fás' chugainn. Ina dhiaidh sin aríst a tháinig dírbheathaisneis Pheig Sayers.
Áirítear 'An tOileánach' ar an saothar ceannródaíoch áfach, an ceann ba thábhachtaí toisc an aird a tharraing sé seans.
Saothar
cuir in eagar- Allagar na hInse, ISBN 1-85791-131-8
- An tOileánach, Cló Talbóid 2002, ISBN 0-86167-956-3
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ An t-Oileánach, an cúigiú cló, Comhlacht Oideachas na hÉireann, 1969
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CRIOMHTHAIN, Tomás (1855–1937) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.