Annála Inis Faithlinn
ar stair na hÉireann is ea Annála Inis Faithlinn nó Faithleann. Scríobhadh na hannála i Mainistir Inis Faithlinn i Loch Léin i gContae Chiarraí idir an 11ú haois agus an 14ú haois.
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Laidin agus an Ghaeilge |
Foilsithe i | Oxford, Bodleian Library, MS Rawlinson B. 503 (en) |
Tréith | |
Príomhábhar | Stair na hÉireann |
Tá breis is 2,500 iontráil ann agus iad ag cur síos ar imeachtaí idir 433 and 1450. Ceaptar gur cuireadh an lámhscríbhinn le chéile in 1092, mar gur scríobhaí amháin a bhí ag obair uirthi anuas go dtí sin ach go raibh a lán daoine á breacadh ina dhiaidh sin.[1] Tarrraingíodh ábhar as lámhscríbhinní ó áiteanna éagsúla i gCúige Mumhan agus as cnuastéacs de Chroinic na hÉireann, téacs a shíltear a scríobhadh ag Cluain Mhic Nóis.[2]
I dteannta na n-iontrálacha croineolaíocha, tá cuntas gearr briste sa lámhscríbhinn ar an ré réamh-Chríostaí in Éirinn, ó Abrahám go dtí Naomh Pádraig. Tá scéal na hÉireann agus na nGael suite laistigh de stair chomhchoitianta Eusebius, stair a léirítear trí chroinic dhomhanda Laidine agus trí shleachta as Réidig dam, a Dé, do nim, dán Meán-Ghaeilge a luaitear le Flann Mainistrech i lámhscríbhinní ina dhiaidh sin.
Tá na hannála le fáil anois sa Bodleian Library in Oxford mar MS Rawlinson B 503.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Annals of Inisfallen—Téacs na nAnnálacha
- Íomhánna digitithe ó Rawlinson B 503—Íomhánna ar fáil ar Digital Bodleian
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Evans, Nicholas (2010). The Present and the Past in Medieval Irish Chronicles. Studies in Celtic History 27, Boydell, Woodbridge: lgh 12-13
- ↑ Hughes, Kathleen (1972). Early Christian Ireland: Introduction to the Sources. Sources of History, Hodder and Stoughton, London: lgh 99–162, go háirithe lgh 99-116.