Flann Mainistreach

File agus staraí
(Athsheolta ó Flann Mainistrech)

File agus staraí Éireannach ba ea Flann Mainistreach (bás 25ú Samhain 1056).[1][2]

Infotaula de personaFlann Mainistreach
Beathaisnéis
Bás25 Samhain 1056
Gníomhaíocht
Gairmfile, staraí, manach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Muintir cuir in eagar

Ciannachta Bhreá, ba ea muintir Fhlainn, a thug ó thús na céad mhílaoise abbaí agus daoine suntasacha eile do Mhainistir Bhuithe (modern Contae Lú). Echthigern mac Aonghasa ba ea a athair, a bhí ina fhear léinn sa mhainistir.[3] Bhí Flann féin ina fer légind agus d'éirigh a mhac, Echthigern (bás 1067), ina airchinneach na mainistreach.[4]

Saothair cuir in eagar

Is as na blianta i ndiaidh Chath Chluain Tarbh (1014), agus Maol Seachnaill Ó Domhnaill Uí Néill an Deiscirt ar ais i réim mar Ardrí na hÉireann (1014-1022), a thagann na chéad saothair le Fhan ar féidir dátaí a chur leo. Is iad Ríg Themra dia tesbann tnú agus Ríg Themrea toebaige íar ttain, le chéile stair ríthe na Teamhrach ach ar son chlann Uí Néill.[5]

I measc a dhánta eile tá: Mide maigen clainne Cuind[6] maidir le Clann Cholmáin, muintir Mhaoil Seachnaill; agus Mugain ingen Choncraid chain agus Síl nÁedo Sláine na sleg maidir le Síol Aodha Sláine, iar thiarnaí Chiannachta Breá. Luaitear le Flann fosta srath chuig dhán ar ríthe agus stair míleata Chineál Eoghain agus ar bhunús seanscéalach an dún, Grianán Ailigh.[7][8]

Feictear roinnt dánta le Flann i Leabhar Gabhála na hÉireann agus bhí tionchar ag leith ag a saothair maidir leis na Tuatha Dé Danann.[9][10] Tá ann cúpla dán faoi stair domhanda nó tanaí as litríocht chlasaiceach.[11] Is é an dán is tábhachtaí ná Réidig dam, a Dé, do nim, maidir le ríthe de nós Eusebius, a bhfuil nasc aige le Chronica Maiora le Bede.[12][13]

Le linn na Nua-Aoise Luaithe, luadh le Fhan roinnt dréachtaí sioncronachta próis na meánaoise, cé go bhfuil easpa fianaise ann.[14] Tá roinnt acu bunaithe ar nós Chronicon le Jerome.[15] I saothair eile, tá liosta de ríthe Éireann agus Alban, leagtha amach chun comhaoisigh a léiriú. Is foinse thábhachtach í seo faoi stair na hAlban, an é Flann an t-údar nó nach é.[16][17]

In ainneoin a bhunúis doiléir, bhí tionchar mór ag an smaoineamh úd ar staraithe níos deireanaí, Eoin Mac Néill[18] agus Francis John Byrne[19] ina measc. De réir Dauvit Broun, chuir Flann béim ar ríogacht thar ríthe.[20]

Bás cuir in eagar

Fuair Flann bás ar an 25ú Samhain 1056.[21] Insítear faoi gurbh é aird-fer leighinn & sui senchusa Erenn.[22]

Feictear rann maidir le Flann i ndán le duine gan aon ar chúirt easpaig Aiste Uí Fhorréide (easpag Ard Mhacha, 1032–1056), cumtha idir na blianta 1032 agus 1042.[23][24]

Flann a prímchill Buite binn
rinn roisc a mínchinn is mall;
midshúi[25] sidhe súiges linn;[26]
tigshúi tire Tri Finn Flann.
Flann a phríomh-chill Bhuithe bhinn
sracshúil a mhínchinn is mall
meá-shaoi sí ag sú leanna
Final-shaoi tíre Trí Fhionn Flann.

Foinsí cuir in eagar

  • Anderson, Marjorie O. (October 1949), "The Lists of the Kings", Scottish Historical Review 28:2, vol. 28, pp. 108–118, JSTOR 25525997
  • Broun, Dauvit (1999), The Irish Identity of the Kingdom of the Scots, Studies in Celtic History 18, Woodbridge: Boydell, ISBN 978-0851153759
  • Broun, Dauvit (2007), Scottish Independence and the Idea of Britain: From the Picts to Alexander III, Edinburgh: Edinburgh University Press, ISBN 978-0748623600
  • Byrne, Francis John (2005), "Ireland and her neighbours, c.1014-c.1072", in Ó Cróinín, Dáibhí (ed.), Prehistoric and Early Ireland, A New History of Ireland, vol. I, Oxford: Oxford University Press, pp. 862–898, ISBN 978-0-19-922665-8
  • Carey, John (1994), The Irish National Origin-Legend: Synthetic Pseudo History (PDF), Quiggin Lectures on the Sources of Mediaeval Gaelic History 1, Cambridge: The Department of Anglo-Saxon, Norse, and Celtic, University of Cambridge
  • Carey, John (2004), "Flann Mainistrech (d. 1056)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 2008-03-22
  • Dobbs, Margaret E. (1956), "The Pedigree and Family of Flann Manistrech", Journal of the County Louth Archaeological Society, vol. 5:3, County Louth Archaeological and History Society, pp. 149–153, JSTOR 27728169
  • Gwynn, Edward J. (1906), "Ailech II", The Metrical Dindshenchas, vol. IV, Dublin: Royal Irish Academy, pp. 101–107
  • MacCarthy, Bartholemew (1892), The Codex Palatino-Vaticanus No. 830, Todd Lecture Series 3, Dublin: Royal Irish Academy
  • Mac Airt, Seán (1954), "Middle Irish poems on world-kingship", Études Celtiques, vol. 6, pp. 255–280
  • Mac Airt, Seán (1956), "Middle Irish poems on world-kingship (suite)", Études Celtiques, vol. 7, pp. 18–45
  • Mac Airt, Seán (1959), "Middle Irish poems on world-kingship (suite)", Études Celtiques, vol. 8, pp. 98–119, 284–297
  • Mac Eoin, Gearóid (1961), "Dán ar Chogadh na Traoi [Luid Iasón ina luing lóir]", Studia Hibernica 1, Studia Hibernica, Editorial Board, St. Patrick's College, Drumcondra, a College of Dublin City University, pp. 19–55, JSTOR 20495675
  • Mac Néill, Eoin (1913), "Poems by Flann Mainistrech on the Dynasties of Ailech, Mide and Brega", Archivium Hibernicum 2, vol. 2, Catholic Historical Society of Ireland, pp. 37–99, JSTOR 25529575
  • MacNeill, Eoin (1921), Celtic Ireland, Dublin: Lester
  • Murphy, Gerard (1944), "A Poem in Praise of Áodh Úa Foirréidh, Bishop of Armagh (1032‒1056)", in O'Brien, Sylvester (ed.), Measgra i gCuimhne Mhichil Uí Chléirigh, Dublin: Assisi Press, pp. 140–164
  • Ní Mhaonaigh, Máire (2005), "Flann Mainistrech", in Duffy, Seán (ed.), Medieval Ireland: An Encyclopaedia, London: Routledge, pp. 303–306, ISBN 978-0415940528
  • Scowcroft, R. Mark (1987), "Leabhar Gabhála. Part I: The Growth of the Text", Ériu 38, vol. 38, Royal Irish Academy, pp. 81–142, JSTOR 30007523
  • Smith, Peter J. (2004), "Mide Maigen Clainne Cuind: A Medieval Poem on the Kings of Mide", Peritia 15, doi:10.1484/J.Peri.3.433
  • Thanisch, Eystein (2012), "Flann Mainistrech's Götterdämmerung as a Junction within Lebor Gabála Érenn", Quaestio Insularis 13
  • Thanisch, Eystein (2015), The Reception and Use of Flann Mainistrech and His Work in Medieval Gaelic Manuscript Culture (PhD), University of Edinburgh, hdl:1842/15763

Tagairtí cuir in eagar

  1. Carey, Flann Mainistrech (d.1056)
  2. Ní Mhaonaigh, Flann Mainistrech
  3. Dobbs, Pedigree and Family
  4. Carey, Flann Mainistrech (d. 1056)
  5. Byrne, Ireland and her neighbours, lch. 866
  6. Peter J. Smith, Mide Maigen
  7. Mac Néill, Poems by Flann Mainistrech
  8. Gwynn, Ailech II
  9. Carey, Irish National Origin Legend, ll. 18-22
  10. Thanisch, Flann Mainistrech's Götterdämmerung
  11. Mac Eoin, Dán ar Chogadh na Traoi
  12. Mac Airt, Middle Irish poems on world-kingship
  13. Réidig dam, a Dé, do nim, CODECS.
  14. Scowcroft, Leabhar Gabhála cuid 1, ll. 128 (n.135), 131
  15. MacCarthy, :' Codex Palatino Vaticanus No. 830, ll.286–317
  16. Anderson0 List of the Kings, lch. 109
  17. Broun, Irish Identity, ll. 2, 171 (n.23)
  18. Mac Néill, Celtic Ireland]], ll. 26–41
  19. Byrne, Ireland and her neighbours, ll. 865–866
  20. Broun, Scottish Independence, ll. 39–47
  21. Annála Tiarnaigh, AT 1056.3
  22. Annála Uladh, AU 1056.8
  23. Murphy, A Poem in Praise, lch. 155
  24. Thanisch (2015), iml. 2, lch 4.
  25. 1 mid, midh, meá (deoch); 2 mid onóir, clú; ar eDIL
  26. [dil.ie/30275 2 linn (b)], beoir, leann, ar eDIL