Ardrí na hÉireann

monarc na hÉireann

Teideal ríogach Éireannach é Ard-Rí na hÉireann (Sean-Ghaeilge Ard rí Érenn), a thugtaí ar na ríthe a bhíodh i réim i dTeamhair na Ríthe, idir seanscéalach agus stairiúil.

Cé gur mhaígh na ríthe úd go raibh ceannas acu ar Éirinn ar fad, ní rialtaí Éire riamh mar stáit aonadach. Smaoiníodh ar an Ard-Ríogacht mar ard-tiarna ag fheidhmiú ardfhlaithis ar ríochtaí neamhspleácha. Tá easpa bhunús de réir dlí don Ard-Rí, ámh, san Fhéineachas

D'insealbhaítí Ard-Ríthe go tradisiúnta i dTeamhair na Ríthe. De réir sean-nóis, bhúireadh an Lia Fáil ainm an rí dlisteanaigh dá gcuirfeadh sé a chos air.
Brian Bóramha, 1002 - 1014, an tArd-Rí b'fhéidir is cáiliúla ariamh

Liosta d'ArdrítheCuir in Eagar

Cuireann Litríocht Éireannach na meánaoise agus luath-nua-aimseartha sraith leanúnach Ard-Ríthe i leith, ag síneadh na mílte bliain siar. Creideann scoláirí anois gur tógán bréagstairiúil den 8ú haois AD i Ré na Lochlannach é líon na ríthe seo, slánaonad polaitiúil samhlaithe siar i bhfad nár tháinig i bhfeidhm go dtí Mael Seachlainn I.[1][2][3][4][5]

Sláine mac Deala na bhFear Bolg ba ea an chéad Ard-Rí de réir na hannála, agus Ruairí Ó Conchúir an tArdrí dearanach roimh ionsaí na Normannach ar Éirinn.

Idir Brian Bóramha agus Ruairí Ó Conchúir, faightear Ardríthe 'go bhfreasúra'. Tá sé molta ag F.J. Byrne gur cumadóireacht é an smaoineamh seo d'Aodh Mac Criomhthainn, abb Thír Dhá Ghlas le linn an 12ú haois, chun tacú le héileamh Dhiarmada mhic Mhaoil na mBó na Laigean, nach bhfaightear taifeadta i n-annála comhaimseartha, maraon le huaillmhian phatrún Aodha, Diarmaid Mac Muchadha.[6]

Féach fostaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Dáibhí Ó Cróinín, "Ireland, 400–800", in Dáibhí Ó Cróinín (eag.), A New History of Ireland 1: Prehistoric and Early Ireland, Oxford University Press, 2005, ll. 182–234.
  2. Koch, John T. (2006). "Celtic Culture: A Historical Encyclopedia". ABC-CLO. 
  3. Roe, Harry (1999). "Tales of the Elders of Ireland". Oxford University Press. 
  4. Michael Roberts (1957). "Early Irish history and pseudo-history". Bowes & Bowes Michigan University Press. 
  5. Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, Londain, 1973, ll. 40–47
  6. Life after Brian: the high-kingship, History Ireland, Imleabhar 22