Ríthe Éireann

any king who ruled in Ireland or part of Ireland

Feictear an teideal [1] i n-annála Gaelacha, gaolmhar le rígh as Gaeilge na hAlban, Reich as Gearmánais, rix as Gaillis, rex as Laidin, raja as Sanscrait.

Is féidir tíreolaíocht polaitiúil na hÉireann a rianú sách cruinn ón 6ú haois ar aghaidh. San aimsir úd, bhí an tír roinnte ina paistí tuath le hordlathas luaineach de thrí nó ceithre ghrád rí:

  • rí beann (Sean-Ghaeilge rí benn) nó rí tuaithe[2]
  • rí buíonta (Sean-Ghaeilge rí buiden[3]), rí tuath nó ruire (Sean-Ghaeilge ruiri[4]), mór-rí réigiúnach
  • rí ruireach (Sean-Ghaeilge ri ruirech), go minic rí cúige (rí cóicid)
  • ard-rí

Níorbh ach siombalach iad na gráid úd thar aon ní. Le himeacht ama, b'fhéidir é go raibh fíorchumhacht rí níos ísle mar ab ionann nó níos mó ná rí níos airde. Cuireadh ceangail ar ríthe ámh trí ghéillsine mhíleata agus íocaíocht chánach.

De ghnáth, ba rí áitiúil i gceannas aon tuath amháin é rí beann nó rí tuaithe, cé gurbh fhada bhuí óna chéile iad na tuatha ó thaobh mhéide de. Meastar go raibh idir 100 nó 150 tuath in Éirinn, ag brath ar foinse.

Go teoiriciúil, ba rí beann é féin gach rí de chéim níos airde. Ní raibh údarás dlíthiúil díreach aige ach laistigh dá thuath shinseartha féin.[5]

Samplaí:

Mór-rí réigiúnach ab ea ruire, ri buiden, nó rí tuath, a raibh i gceannas ar roinnt ríthe rí beann. D'fhéadfadh a rá gur mion-rí fós é ar dóigh éigin, a bheadh ar a chumas ámh céim níos airde, ríogacht an chúige san áireamh, a bhaint amach, bíodh is go hannamh. Ag brath ar an áireamh, is dócha go raibh 20 fíor-ruire in Éirinn in aon aimsir amháin.

Samplaí:

Rí ruireach

cuir in eagar

Rí cúigeach no leath-chúigeach ab ea rí ruireach go minic ab raibh roinnt ríthe ruire faoi smacht aige. Glaodh orthu fosta ri bunaid cach cinn[6] (rí bunaidh gach duine). Feictear a leanas roinnt ríochtaí desna chéad agus dara míle bliain, cé nach comhaimseartha iad. Ní raibh ar a mhéad sé fíor-rí ruireach ann ag aon am amháin, agus trí nó ceathair an meán ann. Ó thús, bhí cúig dá leithéid ann, ar a laghad de réir na seanscéalta (féach Táin Bó Cúailnge), agus dá bharr an t-ainm 'cúige' sna hAnnála Éireann.

Samplaí:

De réir traidisiúna, rialtóir uachtarach na hÉireann ab ea an tArd-Rí. Insítear i miotaseolaíocht agus seanscéalta na nGael ámh go raibh a chuid cumhachta idir lag is láidir, go nó gan freasúra, agus de ghnáth ní raibh ann ach ceann feadhna, ag feidhmiú ardfhlaithiúnais ar na ríochtaí neamhspleácha níos ísle.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Bhreathnach, Edel (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Dublin: Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005.
  • Byrne, Francis J., Irish Kings and High-Kings. Dublin: Four Courts Press. 2nd edition, 2001.
  • Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press. 2000.
  • Cowan, Edward J., "The Historical Macbeth", in Moray: Province and People. ed. W. H. D. Sellar. Dún Éadain: Scottish Society for Northern Studies. 1993. 117–142.
  • Dillon, Myles, "The consecration of Irish kings", in Celtica 10 (1973): 1–8.
  • []Myles Dillon|Dillon, Myles]], The Cycles of the Kings. Oxford. 1946.
  • FitzPatrick, Elizabeth, Royal Inauguration in Gaelic Ireland c. 1100–1600: A Cultural Landscape Study. Boydell Press. 2004.
  • Hamp, Eric P., "Scottish Gaelic morair", in Scottish Gaelic Studies XIV Part II (1986): 138–141.
  • Jaski, Bart, Early Irish Kingship and Succession. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 2000.
  • MacCotter, Paul, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 2008.
  • Mac Néill, Eoin, Celtic Ireland. Baile Átha Cliath: The Academy Press. 1981. Athchló le réamhrá agus nótaí le Donnchadh Ó Corráin as an mbuneagrán le Martin Lester Ltd, 1921.
  • Nicholls, K. W., Gaelic and Gaelicized Ireland in the Middle Ages. Baile Átha Cliath: Lilliput Press. 2a heagrán, 2003.
  • Ó Corráin, Donnchadh, "Nationality and Kingship in Pre-Norman Ireland". 1975.
  • Richter, Michael, Medieval Ireland: The Enduring Tradition. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan. 1988.
  • Watkins, Calvert, "Italo-Celtic Revisited", in Birnbaum, Henrik and Jaan Puhvel (eag.), Ancient Indo-European Dialects. University of California Press, ll. 29–50.
  1. ar eDIL
  2. Michael Richter, Medieval Ireland, eagrán athbhreithnithe, Baile Átha Cliath, 2005
  3. buiden ar eDIL
  4. ruiri ar eDIL
  5. Byrne, lch. 41
  6. 1 cenn III 14