Is í an tSanscrait (संस्कृत) teanga léannta na hIndia. Ceann de na teangacha Ind-Eorpacha í. Tá sí ar an gceann is sine de na teangacha Ind-Eorpacha is eol dúinn, agus nuair a fuair na teangeolaithe Iartharacha amach faoin ngaol a bhí aici leis an Laidin agus leis an tSean-Ghréigis, ba mhór an spreagadh é d'fhorbairt na teangeolaíochta stairiúla.

Infotaula de llenguaAn tSanscrait
संस्कृतम् agus 𑖭𑖽𑖭𑖿𑖎𑖴𑖝𑖦𑖿

Cineálteanga anallód, macraitheanga agus teanga
Úsáid
Cainteoirí dúchais2,212 (1971)
Stáitan India
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Ind-Airianacha
Old Indo-Aryan (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtascript Dhéiveanágrach, Kannada script (en) Aistrigh, Vatteluttu (en) Aistrigh, Sharada (en) Aistrigh, Siddhaṃ (en) Aistrigh, Nandinagari (en) Aistrigh agus Nāgarī (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1sa
ISO 639-2san
ISO 639-3san
Glottologsans1269
Ethnologuesan
IETFsa

Baineann lucht leanúna an Hiondúchais, an Bhudachais, an tSaíceachais agus an Jaineachais úsáid na teanga naofa aisti, agus tá sí ina teanga Chlasaiceach ag muintir na hIndia cosúil leis an Laidin san Eoraip. Tá sí go líofa ag ceithre mhilliún duine ar a laghad, agus iarrachtaí athbheochana ar obair i Mattur i stát Karnataka: is féidir, ansin, teacht ar pháistí a d'fhoghlaim Sanscrait óna dtuismitheoirí agus í ó dhúchas acu anois. Tugann bunreacht na hIndia aitheantas don tSanscrait mar cheann de na teangacha oifigiúla.

B'é Panini, thiar sa chúigiú haois RC, a chum an chéad ghramadach don tSanscrait Chlasaiceach. Tá litríocht mhór ann sa tSanscrait réamh-Chlasaiceach, go háirithe na Véidí, agus is gnách tagairt don chineál sin Sanscraite mar Shanscrait Véideach. Níl mórán difríochta ann idir an tSanscrait Véideach agus an tSanscrait Chlasaiceach, ach nuair a thosaigh litríocht na Sanscraite Clasaicí ag forbairt, bhí an teanga féin ag dul as úsáid mar chaint bheo, agus í ag éirí ina caighdeán righin liteartha. Na canúintí a tháinig ina háit i mbéal na ndaoine, is é an t-ainm a thugtar orthu ná Pracrait. Is as na Pracraití a d'fhorbair an Hiondúis, an Urdúis, an Phuinseáibis agus a lán teangacha eile a labhraítear san India inniu. Ceann de na Pracraití í an Pháilis fosta, arb í teanga naofa Bhúdachas Theireaváda í.

"Eoin 3:16" ón mBíobla i Sanscrait in aibítir Grantha, is é sin, aibítir na Tamailise. Is í an aibítir Dhéiveanágrach is minicí a úsáidtear leis an tSanscrait a scríobh agus a chlóbhualadh inniu, ach is fearr le lucht labhartha na Tamailise, i ndeisceart na hIndia, an aibítir Grantha a úsáid. Teanga Dhráivídeach í an Tamailis nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSanscrait, ach mar sin féin, bhí an-tionchar ag an tSanscrait ar an Tamailis ar chúiseanna reiligiúnacha agus cultúrtha.


Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar