í

Infotaula de llenguaAn Pháilis
पालि agus Pāḷi
Cineálteanga agus teanga anallód
Úsáid
Cainteoirí dúchais0
Dúchasach doan India
Stáitan India
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Ind-Iaránacha
teangacha Ind-Airianacha
Middle-Modern Indo-Aryan (en) Aistrigh
Middle Indo-Aryan (en) Aistrigh
Prácrait
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaBrahmi (en) Aistrigh agus aibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-1pi
ISO 639-2pli
ISO 639-3pli
Glottologpali1273
Linguasphere59-AAF-pb
Ethnologuepli
IETFpi

Is teanga Ind-Eorpach, Ind-Airíoch í an Pháilis (nó an Phailis), agus is ceann de na teangacha Meán-Ind-Airíocha í. Teanga chlasaiceach í an Pháilis féin inniu nach labhraítear ach amháin i searmanais Búdaíocha. Is é Tipitaka, an scrioptúr naofa i mBúdachas Theireaváda, an fhoinse a bhfuil caighdeán na Páilise bunaithe uirthi. Is é is brí le hainm na teanga, ó thús, ná "líne" nó "téacs scrioptúrtha", agus ní díol iontais é, ós teanga scrioptúrtha í an Pháilis go bunúsach.

Nuair a breacadh na scrioptúir Pháilise síos an chéad uair san aois dheireanach roimh bhreith Chríost, ba teanga labhartha í, nó ar a laghad, bhí canúintí labhartha ann agus iad sách cosúil leis an bPáilis. Na míreanna tráchtaireachta atá curtha leis an scrioptúr ó shin, áfach, tháinig siad ó pheann lucht léinn a d'fhoghlaim an Pháilis mar chaighdeán liteartha is mar theanga iasachta.

Ceann de na Pracraití í an Pháilis, is é sin, ceann de na canúintí beo a tháinig in úsáid sa litríocht san India i ndiaidh don tSanscrait dul in éag mar theanga labhartha.

Tagairtí cuir in eagar