Tuath i gcúige Chonnacht le linn na meánaoisé ba ea Dealbhna Thír Dhá Loch (Meán-Ghaeilge Delbhna Tír Dhá Locha). Ba bhall iad den mhuintir níos mó, na Dealbhna.[1]

Luath-dhreamanna agus ríochtaí in Éirinn, c. 800

Is iad an dá loch luaite in ainm na tuaithe ná Loch nOirbsean agus Loch Lorgain (.i. Cuan na Gaillimhe). Bhí na tailte go léir eatarthu, a bheag nó a mhór, faoi smacht na nDealbhna.

Roinntí an tuath ina dá leath: Gnó Mór, agus ann na paróistí dlí níos deireanaí Cill Chuimín agus Cill Aithnín; agus Gnó Beag, agus ann na paróistí Ráthún agus Maigh Cuilinn. Cruthaíodh an bharúntacht Maigh Cuilinn as na paróistí úd tar éis ionradh na Normannach ar Éirinn.

Is iad na príomhghnéithe tíre idir Gnó Mór agus Gnó Beag ná Loch Lónáin (taobh ó thuaidh den sráidbhaile Maigh Cuilinn) agus Abhainn na hAille (idir An Spidéal agus Indreabháin).[2]

Rítheaghlaigh

cuir in eagar

Bhíodh ríthe Ghnó Mhóir ina ríthe ruire Dhealbhna Thír Dhá Loch féin. Ghlacadar an sloinne Mac Con Raoi. Glac ríthe Ghnó Bhig an sloinne Ó hÉanaí,

Díbríodh siar an dá rítheaghlach ag clann Uí Fhlaithbheartaigh, a tháinig i gceannas ar a gcuid tailte idir an dá loch. Lonnaigh Mhic Con Raoi arís ag Baile Conraoi (ainmnithe astu) i gConamara le feadh Streamstown Bay gar den Chlochán. Bhunaigh siad Baile Conraoi eile i mBaile Uí Bheacháin, Contae an Chláir.

Measadh gur mhór-ríthe mara na gConnacht iad Mhic Con Raoi, agus iad eile ná na clanna Uí Mháille, Uí Dhubhda agus Uí Fhlaithbheartaigh.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Paul MacCotter, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions, Four Courts Press, 2008, ll. 140–141. ISBN 978-1-84682-098-4
  1. "Foras Feasa ar Éirinn, imleabhar 8, lch. 297" (1908). 
  2. Ó Donnabháin, Seán (1847). "The Book of Rights": 105.