Cóiced Ól nÉchmacht

(Athsheolta ó Cóiced Ol nEchmacht)

Ainm ársa ar Chúige Chonnacht is ea Cúige Ól Éagmacht (Sean-Ghaeilge Cóiced Ól nÉcmacht[1]).

Fir Ól nÉchmacht is ea leagan eile dá ainm. In am trátha, tháinig na Connachta chun cinn. Sháraigh siad Fir Ól nÉchmacht agus tugadh an t-ainm Cúige Chonnacht ar an gceantar.

Tíreolaíocht cuir in eagar

Meastar go bhfuil nasc idir an t-ainm 'Échmacht' agus treibh darbh ainm Nagnatae ar léarscáil Tolamaes de chuid an 2a haois AD.

Bhí trí phríomhthreibh ann i bhFir Ól nÉchmacht :

Tuatha Ol nEchmacht cuir in eagar

Seo a leanas tuartha Ól nÉchmacht a bhfuil eolas orthu:

Tuath Suíomh
Badhna éiginnte
Bunrath tuaisceart Bhaile Átha an Rí/iardheisceart Tuaim
Cairpre Droim Chliabh, Contae Shligigh
Cálraige teorainn idir Contaetha Sligigh agus Liatroma
Cattraige éiginnte
Ciarraige lár Chontae Mhaigh Eo
Clann Úmóir Oileáin Árann, Gaillimh agus Maigh Eo
Conmaicne iarthar agus tuaisceart na Gaillimhe
Corca Fhir Thrí deisceart Chontae Sligigh
Corco Moga oirthuaisceart na Gaillimhe
Dál nDruithne soir ó Bhaile Locha Riach
Dartraige iarthuaisceart Chontae Liatroma
Delbna deisceart Chontae Ros Comáin, agus an dá thaobh d'Abhainn na Gaillimhe
Erdini Contae Liatroma agus Contae an Chabháin
Fir Craibe Contae an Chláir (cuid desna Connachta ansin) agus iardheisceart na Gaillimhe
Fir Domnann iarthar Mhaigh Eo
Gabraige le taobh na Suca
Gamanrad iarthar Chuan Chill Ala
Gailenga lár Mhaigh Eo
Luigne oirthear Mhaigh Eo
Mairtine Mór géag de thuath na Mumhan
Medraige Meáraí, Órán Mór sa lá atá inniu ann
Nagnatae Contae Shligigh
Óic Bethra Droichead an Chláirín
Partraige Conamara agus Partraí, Maigh Eo
Senchineoil Béal Átha na Sluaighe
Soghain lár-oirthear na Gaillimhe
Tuatha Taiden oirthear na Gaillimhe agus deisceart Ros Comáin
Uaithne Ros Comáin, Gaillimh (is dócha Auteini Tholamaes)
Uí Mail ceantar thart ar Chuan Mó

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. écmacht, gan chumhacht, ar eDIL; Ól n-écmachtar eDIL