Luigne Chonnacht
Tuath in Éirinn na meánaoise ba ea Luíne Chonnacht (Sean-Ghaeilge Luighne Connacht) suite i dtuaisceart chúige Chonnacht, ar an teorainn idir na contaetha Maigh Eo agus Sligigh
Bunús
cuir in eagarAs Breá, taobh ó dheas de Cheanannas i gContae na Mí ba ea Luíne Chonnacht ó dhúchas, i dteannta le treibheanna amhail is Gailenga, Saitne, Delbna agus Ciannachta .
Is dócha gur bronnadh tailte sna Connachta orthu, as ucht seirbhíse míleata, ag na Connachta agus Uí Néill ar a gcuid tailte nua-chlóite.[1][2]
Déantar trácht ar a gcuid eachtraí, a n-imirce agus lonnú sna Connachta, i Leabhar Uí Eaghra. Agus tá ról lárnach acu sa scéal faoi Chath Crionna.[3] De réir an scéil, téann Tadhg mac Céin agus a mhuintir as Éile sa Mhumhain ina dteannta.
Ainmníodh astu na barúntachtaí an lae inniu, Luíne (Contae na Mí) agus Luíne i Sligeach.
Luíne Chonnacht
cuir in eagarBhíodh dlúthchaidrimh idir na Connachta taobh thiar den tSionainn — Uí Fiachrach, Uí Briúin agus Uí Ailella[4] — agus na Luíne, Gaileanga, Greacraí agus Corca Fhir Trí.
I gcúige Chonnacht, measadh gurbh Forthuath iad na Luíne agus a gcomharsana. Bhíodh Luíne i gceannas ar mhion- treibheanna (amhail is agus [Calraige|Calraí]], Greacraí and Corca Fhir Trí) agus b'fhéidir gurbh ard-ríogacht a bhí ann. Aithníodh seo nuair a cruthaíodh deoise Achadh Conaire sa dóú haois déag.[5]
Sa téacs in Rawlinson B 502, tá ginealach ar leith do Luíne Chonnacht, a scaradh ó phríomhghéag Luíne san 8ú haois, de shliocht Chinn Faoloadh, deartháir Fhlaithgheais.
An Teora Luighne
cuir in eagarIs amhlaidh gurbh iad An Teora Sloinnte Luighne ná Uí Eaghra, Uí Ghadhra agus Uí Dhoibhlin. De shliocht Doibhlin mhic Gormghasa iad an tríú acu, ar a nglaoitear ina thásc don bhliain 885 rí Luighne Connacht. Insítear go follasach gur de Chorca Fhir Trí é Dhoibhlean. Faoi ghéillsine na Luíne ó thús, d'éirigh siadsan ina rítheaghlach na tuatha.
Sa bhliain 993, deirtear gurbh Ua Gadhra ina thuatha Ghaileang (an tuath). Bhí a mhuintir i gceannas ann go dtí an 13ú haois nuair a chuir Mhic Shiúrdáin an ruaig orthu. I ndiaidh sin, glaodh go minic Mhic Shiúrdáin ar an tuath féin.[6]
Craobh ghinealaigh
cuir in eagarAilill Aulom | |||||||||||||||||||||||||
Cormac Cas | Eoghan Mór | Cian | |||||||||||||||||||||||
Dál gCais | Eoghanachta | Éile, Ciannachta, Gailenga, Luíne, Delbna, Saitne | |||||||||||||||||||||||
Ailill Aulom | |________________________________________ | | | | | | Cormac Cas Eógan Már Cian | | | | | | Dal gCais Eóganacht Tadhg ( &co) | _____________|___________ | | | | Cormac Gaileang Connla | | Loi | |_________________ | | | | Nia Corb Art Corb | | Art | | Fiodhchuire | | Fidsheng | | Natfraoch | | Brénuinn | | Fionnbharr | | Diarmaid Mór | | Ceann Faoladh | | Taicleach | |______________________________ | | | | Flaithgheas Ceann Faoladh | | | | Béc "Luighne Connacht" | | Saorghus | |________________________________________________ | | | | Eaghra Poprigh mac Saorghus, d. 928. Sleiteachán | | | | Clann Ó hEaghra Gadhra | | Domhnall mac Gadhra, d. 931. | | Clann Ó Gadhra
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- The Book of O'Hara, Lambert McKenna, Dublin, 1951.
- Mayo Places: Their Names and Origins, Nollaig Ó Muraíle, 1985.
- Irish Kings and High Kings, Francis John Byrne, 3rd edition, Dublin, 2001.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Denis Walsh, Luigne and Gailenga Curtha i gcartlann 2021-05-13 ar an Wayback Machine
- Annála Connacht, Corpus of Electronic Texts
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ IKHK, lch. 69
- ↑ Eoin Mac Néill
- ↑ Lambert McKenna, ll. xvi-xvii
- ↑ IKHK, lch. 231, Is dúchas nach raibh sé go dtí deireadh na séú haoise gur tugadh ach orthu siúd an t-ainm ’Connachta’.
- ↑ IKHK
- ↑ McKenna, lch. xviii-xix