Bhíodh Ríthe Luíne Chonnacht suite i gContae Mhaigh Eo agus Contae Shligigh.

Sa deisceart, bhíodh ann ó dhúchas na Gaileanga, ach faoin 12ú haois, glaodh Sliabh Lugha air. Tar éis ionradh na hAngla-Normannach ar chúige Chonnacht, cruthaíodh barúntacht Ghaileang faoi cheannas Mhic Shiúrtáin go dtí an luath-17ú haois. Glaodh Luíne fosta ar an gceantar ó thuaidh, suite in iardheisceart Sligigh.

De shliocht tiarnaí na tuaithe ba ea na clanna Uí Eaghra, Uí Ghadhra agus Uí Dhoibhilin.

Liosta ríthe cuir in eagar

  • Taichleach mac Cinn Fhaoladh, bás 728/734.
  • Dúnghalach mac Taithligh, bás 766/771.
  • Tuathchar mac Cobhthaigh, bás 846.
  • Fíonsnechta mac Maoil Chorcraí, bás 879.
  • Dobhailean mac Gormghais, sinsear eapainmneach Uí Dhoibhilin, bás 885.
  • Uathmarán mac Dobhailin, bás 920.
  • Eaghra mac Paiprigh mhic Shaorghais, bás 926.
  • Maol Dá Bhonna mac Dobhailin agus Muircheartach mac Eaghra, bás 928.
  • Domhnall mac Gadhra, maraithe 931.
  • Domhnall mac Maoil Mhuaidhe, bás 946.
  • Diarmaid mac Uathmharáin, bás 984.
  • Conchúr mac Domhnaill, bás 989.
  • Cearnachán mac Flainn, maraithe 1001.
  • Domhnall Ua hEaghra, bás 1023
  • Duarcán Ua hEaghra, tigherna Teóra Sloinnte Luighne, bás 1059.
  • Ruaidhrí Ua Gadhra, rídhamhna Luíne, bás 1059.
  • Dubhdhara ua Aigheannáin, bás 1093.
  • Taichleach Ua hEaghra, bás 1095.
  • An Ua hEaghra, bás 1128.
  • Murchadh Ua hEaghra, maraithe 1134.
  • Aodh Ua hEaghra, bás 1155.
  • Ruaidhrí Ua hEaghra, bás 1157.
  • Beag Ua hEaghra, maraithe 1183.
  • Conchúr God Ó hEaghra, beo 1207-1231 agus Duarcán Ó hEaghra, bás 1225.
  • Aodh Ó hEaghra, bás 1234.
  • Donnchadh mac Duarcáin Ó hEaghra, maraithe 1237
  • Diarmaid Ó hEaghra, bás 1250.
  • Domhnall Ó hEaghra, bás 1266.
  • Domnhall Dubh Ó hEaghra, bás 1294.
  • Art na gCapall Ó hEaghra, bás 10ú Lúnasa 1316.
  • Fearghal Ó hEaghra, beo 1327?
  • Seán Ó hEaghra, beo 1335?
  • Domhnall Cléireach Ó hEaghra, bás 1358.
  • Fearghal Mór Ó hEaghra, bás 1390.
  • Tadhg Ó hEaghra, bás 1420.

Cinn na Fine cuir in eagar

  • Seaán Buí Ó hEaghra
  • Ruaidhrí Ó hEaghra
  • Seaán mac Uilliam Ó hEaghra
  • Ailill Ó hEaghra
  • Cian Ó hEaghra
  • Domhnall mac Ailealla Ó hEaghra
  • Tadhg mac Céin Ó hEaghra, bás 1560
  • Conn mac Ruaidhrí Ó hEaghra, bás 1581.
  • Brian Ó hEaghra, bás 1586.
  • Domhnall Ó hEaghra, bás 1586?
  • Cormac mac Céin Ó hEaghra, bás 1612.
  • Tadhg mac Cormaic Ó hEaghra, bás 1616.
  • Cormac Óg Ó hEaghra, bás 1642.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Francis John Byrne, Irish Kings and High Kings, ll. 68–9, 88, 101n., 132–3, 231, 233, 249, 291, 3ú heagrán, 2001.

Tagairtí cuir in eagar