Maigh EoContae Mhaigh Eo[1] ar chósta thiar na hÉireann. I gCúige Chonnacht atá sé. Ó Mhainistir Mhaigh Eo, nó Maigh Eo na Sacsan, i lár an chontae a thagann an t-ainm, agus is éard is ciall leis ná machaire nó maigh le crainn eo nó iúir. Is é Caisleán an Bharraigh an príomhbhaile atá ann.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilContae Mhaigh Eo

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°54′N 9°15′W / 53.9°N 9.25°W / 53.9; -9.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Chonnacht Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCaisleán an Bharraigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán130,638 (2011) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús23.39 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla5,586 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinoffice of the Cathaoirleach of County Mayo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachcomhlacht reachtach Chomhairle Contae Mhaigh Eo Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2IE-MO Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie100023
Suíomh gréasáinmayo.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Cnoc Mhuire, ina ndeirtear gur thaispeáin an Mhaighdean Muire í féin do leanaí, gar do theorann Chontae Ros Comáin, agus tá basilica anois ann, le busanna cuairteoirí ar a thriall chuile bhliain. Tógadh aerfort an aice lámha i mBaile Chathail, tar éis feachtais a reachtaigh an Moinsíneoir James Horan, ar a dtugtar Aerfort Chnoic Mhuire nó Aerfort Horan. In iarthar an chontae atá Cruach Phádraig, sliabh ar a ndeirtear go ndearna Naomh Pádraig troscadh ar feadh 40 lá agus 40 oíche. Bhí beagán Gaeilge sa chontae i rith an chéid seo caite, ach tá lagar mór tagtha ar líon na nGaeilgeoirí inniu. Mar sin féin, tá trí cheantar ann atá ina nGaeltachtaí oifigiúla, is iad sin, Tuar Mhic Éadaigh (agus na bailte máguaird ar iar-chladach Loch Measca), an t-oirthear Oileán Acla (araon le hInis Bigil), agus an chuid is mó d'Iorras. Tá fíor-Ghaeltachtaí fágtha i nDún Chaocháin agus ar an bhFál Mór/Eachléim.

Tionscal cuir in eagar

Tá an turasóireacht tábhachtach in iarthar agus i dtuaisceart an chontae. Tá iascach maith sna lochanna, ar nós Loch Measca, agus sna haibhneacha i gcontae Mhaigh Eo, mar go bhfuil an t-uisce glan, agus tá cáil idirnáisiúnta ar an Muaidhe dá bharr. Ní raibh mórán tionscail trom i Maigh Eo ar feadh na céadta bliain. Bhí an t-ainm ar Mhaigh Eo le fada ar bheith bocht, agus is fíor go raibh an-chuid imirce ó Mhaigh Eo go dtí blianta beaga anuas. Deirtí faoi, "Muigh Eo, Dia 'ár sábháil". Tá an talamh garbh go maith in iarthar an chontae, agus théadh cuid mhaith spailpíní as Maigh Eo go feirmeacha torthúla sa chuid eile den tír, go Sasana agus go hAlbain.

Stair Mhaigh Eo cuir in eagar

Tá cruthú ó thochailt i Machairí Chéide go bhfuil daoine ag cur fúthu sa chuid seo den tír leis na mílte bliain. In aimsir Eilís I, ba fhoghlaí mara í Gráinne Uí Mháille nó Gráinne Mhaol a raibh eagla agus ómós ag Gael agus Gall di.

Tháinig an Ginearál Humbert i dtír i gCill Ala sa bhliain 1798, le cuidiú leis an éirí amach, agus d'éirigh go maith leo ar dtús. Tugtar Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar ar éacht seo. Ar ndóigh tháinig arm Shasana i gceannas ar an éirí amach ar deireadh.

Ag deireadh an 19ú haois, bhí Mícheál Dáibhéad as an tSráid sa chontae ina cheannaire ar Chonradh na Talún, agus bhí an-aighneas idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún, mar gheall ar an gcruatan a bhí ar na gnáthdhaoine i rith ghortaí agus ina ndiaidh.

Barúntachtaí cuir in eagar

Bailte i gContae Mhaigh Eo cuir in eagar

 
Príomhshráid Bhaile an Daighin, 13 Bealtaine 2005

Sleibhte cuir in eagar

Tíreolaíocht cuir in eagar

Stair cuir in eagar

Oileáin cuir in eagar

Cultúr cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar