Inis Bigil

oileán i gContae Mhaigh Eo

Oileán beag cónaithe is ea Inis Bigil[1], atá lonnaithe ar chósta Chontae Mhaigh Eo in Éirinn. Tá an t-oileán suite idir oirthuaisceart Oileán Acla agus an tír mhór, agus tá rochtain le fáil ag céibh Rinn Doran i mBaile Chruaidh, nó ag 'Bullsmouth' i nDún Éibhir ar Oileán Acla. Tá rochtain d'ingearáin ann freisin i bhfoirm héileapad. Tá an t-oileán 2.5 km × 1.5 km, agus 650 acra san achar.

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Bigil
(ga) Inis Bigil Cuir in eagar ar Wikidata
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie36863 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 59′ 45″ N, 9° 54′ 15″ O / 53.9958°N,9.9042°W / 53.9958; -9.9042
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata

Ag tús an 20ú haois, bhí breis is 200 duine ag cur fúthu anseo, iad ag iascaireacht, ag feirmeoireacht agus i mbun oibre mar oibrithe feirme in Albain i rith an tsamhraidh. Ba ghnách leis na daoine imeachtaí siamsaíochta a eagrú dóibh féin nuair a bhíodh an t-oileán gearrtha amach ón mórthír ar feadh míonna i ndiaidh a chéile ag cainéal contúirteach Bhéalan Bhulláin.

Faoi láthair níl ach 23 duine ag maireachtáil ar an oileán, an chuid is mó acu ag obair i dtalmhaíochta, iascaireacht nó bailiúchán éisc sliogánach. I measc na n-áiseanna ar an oileán tá scoil agus oifig an phoist ann, ach tá siad araon dúnta anois. Bhí caint faoi phleananna chun carr-chábla a thógáil trasna canáil Bhéal an Tairbh ón mbliain 1996, ach tréigeadh iad mar gheall ar an chostas mór a bhí tuartha agus caitheadh an t-airgead ar athfhorbairt dhroichead Oileán Acla ina áit.[2] Déanann na sruthanna dothuartha an t-oileán do-aimsithe i rith an gheimhridh, d'ainneoin na fírice nach dtógann an turas ach 10 bomaite i gcurach nuair atá aimsir mhaith ann.

Tá formhór na ndaoine ar an oileán ina seandaoine sa lá atá inniu ann agus ag fulaingt go mór mhór mar gheall ar imirce, rud a taispeánadh go hiontach maith sa chlár fhaisnéise 'An Táiliúr Gorm'.

Ó na 1990idí i leith, tá féile eagraithe ag an bpobal beag seo gach mí Lúnasa. Tugtar deis do dhaoine dul amach i ngeoltaí, agus freastal ar sheisiúin amhránaíochta, cheoil agus damhsa.

Rugadh agus tógadh an file clúiteach Pádraig Daeid ar an oileán chomh maith.[fíoras?]

Daonra
Bliain Daonra ±%
1841 67
1851 61 −9.0%
1861 0 −100%
1871 154
1881 171 +11.0%
1891 135 −21.1%
1901 135 −0.0%
1911 149 +10.4%
1926 162 +8.7%
1936 157 −3.1%
1946 106 −32.5%
1951 123 +16.0%
1956 116 −5.7%
1961 113 −2.6%
1966 103 −8.8%
1971 112 +8.7%
1979 97 −2.6%
1981 89 −8.2%
1986 69 −22.5%
1991 51 −26.1%
1996 48 −5.9%
2002 39 −18.8%
2006 24 −38.5%
2011 25 +4.2%
2016 18 −28.0%



Naisc sheachtracha

cuir in eagar