Jean Joseph Amable Humbert

ginearál Francach

Ba shaighdiúir Francach é an Ginearál Jean Joseph Amable Humbert (22 Lúnasa 1767 - 3 Eanáir 1823). Throid sé sa Fhrainc, le linn na réabhlóide, in Éirinn sa bhliain 1798, agus níos déanaí sna choilíneachtaí agus ansin i New Orleans, in aghaidh fhórsaí na Corónach uair amháin eile sa Chogadh 1812.

Infotaula de personaJean Joseph Amable Humbert

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Lúnasa 1767
Saint-Nabord, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Eanáir 1823
55 bliana d'aois
New Orleans, Louisiana Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSaint Louis Cemetery No. 1 (en) Aistrigh
Saint Louis Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmoifigeach míleata Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis
Gairm mhíleata
Céim mhíleataoifigeach coitianta Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtCogaí Réabhlóideacha na Fraince
Ghlac sé/sí páirt i
24 Bealtaine 1798Éirí Amach 1798 in Éirinn Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Suíomh a chartlainne

Find a Grave: 191621878 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Humbert lán d'aer an tsaoil  agus is iomaí caint a tharraing a shaol príobháideach (mar shampla, caidreamh rúnda le deirfiúr Napoléon Bonaparte agus foghlaí mara níos déanaí).

Siège de Quiberon, 1795

Tús a shaoil

cuir in eagar
 
Litir a scríobh Humbert i bPort de Paix (Haiti) ar 18 Feabhra 1802 chuig an "Ginearál en chef" Leclerc

Saolaíodh sna sléibhte Vosges é.

Ceapadh mar chaptaen é ar an 11 Aibreán 1792, lieutenant-colonel ceithre lá ina dhiaidh sin. Ainmníodh mar général de brigade ar an 9 Aibreán 1794.

Throid sé i Léigear Quiberon sa bhliain 1795.[1]

Bliain na bhFrancach

cuir in eagar

Bhí Humbert i gceannas an airm a rinne ionradh ar Éirinn le cúnamh a thabhairt do na hÉireannaigh Aontaithe sa bhliain 1798. Tháinig 1,060 saighdiúirí Francacha,[2] faoi Humbert, anois ina Ghinearál, i dtír ar an 22 Lúnasa 1798 i gCill Chuimín[3]. D'éirigh go maith leis ar dtús ach briseadh orthu ag Cath Bhaile na Muc ar an 8 Meán Fómhair 1798.

Gabhadh Humbert i ndiaidh chath Bhaile na Muc.

 
Cuimhneachán Humbert, i mBéal an Átha inniu

Níorbh fhada go dtí gur fhill Humbert ar an bhFrainc. Chuaigh sé ansin sna choilíneachtaí, Háítí go háirithe. Ach níor thaitin an cur faoi chois leis agus níor ghlac sé le Napoléon mar impire. Níos measa, bhí sé ag bradaíl le deirfiúr Napoléon is cosúil.

Briseadh as a phost é sa bhliain 1803 mar Ghinearál agus chuaigh sé ina chónaí sa Bhriotáin.

Níos déanaí, sa bhliain 1808 nó 1810, d'éirigh sé ina fhoghlaí mara sa Mhuir Chairib, in éineacht le Jean Lafitte is cosúil.[4]

Throid Humbert ansin i New Orleans, in aghaidh fhórsaí na Corónach uair amháin eile, sa Chogadh 1812.

I ndeireadh an lae, chuir Humbert faoi i New Orleans mar mhúinteoir ó t. 1815 ar aghaidh. Fuair sé anbhás nuair a bhuail taom croí é ar 3 Eanáir 1823.

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  • An t-úrscéal, "L’Attaque" le Eoghan Ó Tuairisc,[5] ceann de mhórhúrscéalta na Gaeilge. Baineann an scéal seo le Contae Mhaigh Eo sa bhliain 1798 nuair a tháinig arm Francach faoin Ghinearál Humbert i dtír i gCill Ala. Bhuaigh an leabhar seo na príomhdhuaiseanna liteartha, ina measc Bonn an Chraoibhín.
  1. "Bataille de Quiberon (1795)" (as fr) (2020-10-23). Wikipédia. 
  2. "Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-09-08. Dáta rochtana: 2019-09-08.
  3. Eoghan Ó Tuairisc. "L'Attaque" (ga). Sinn Féin Bookshop. Dáta rochtana: 2021-01-03.
  4. neworleansbar.org. "He Fought Pakenham Twice". Dáta rochtana: 2021.
  5. Eoghan Ó Tuairisc. "L’Attaque | Mercier: 139 lch: clúdach bog; ISBN 9780853425458". leabharbreac.com. Dáta rochtana: 2021-01-03.