Osclóidh seo an príomhroghchlár
Éirí Amach 1798 in Éirinn
Éirí Amach 1798 in Éirinn

Cath Chnoc Fíodh na gCaor, 21 Meitheamh 1798

Dáta: 23 Bealtaine - 23 Meán Fómhair, 1798
Áit: Éire
Toradh: Cuireadh na réabhlóidithe faoi chois. Ritheadh Acht an Aontais 1800.
Céilí comhraic
Cumann na nÉireannach Aontaithe
Na Cosantóirí
An Fhrainc
Arm na Breataine
Hesse-Homburg
Ceannasaithe
Wolfe Tone
Henry Joy McCracken
An Tiarna Éadbhard Mac Gearailt
An tAthair John Murphy
Jean Humbert
Charles Cornwallis
Gerard Lake
Viscount Castlereagh
Slua
~50,000 (1,100 Francaigh) 40,000 milíste
30,000 saighdiúr
25,000 gíománra
1,000 Heiseánaigh
Taismigh
Básanna: 15,000-30,000 Básanna: 3,000

Iarracht réabhlóide ab ea an tÉirí Amach sa bhliain 1798 in Éirinn, agus na hÉireannaigh ag iarraidh riail na Breataine a ruaigeadh as Éirinn. B'é Cumann na nÉireannach Aontaithe a bhí freagrach as.

Is gnách Bliain na bhFrancach a thabhairt ar an mbliain ar fad; bhí an Fhrainc Réabhlóideach ag iarraidh lámh chúnta a shíneadh chuig na ceannaircí Éireannacha. Mhair na himeachtaí réabhlóideacha in Éirinn ar feadh leathbhliana, a bheag nó a mhór.

CúlraCuir in Eagar

Is gnách Aois na Réabhlóide a thabhairt ar an ochtú haois déag, de bharr Chogadh Réabhlóideach Mheiriceá agus Réabhlóid na Fraince ach go háirithe. Chuaigh imeachtaí agus smaointeachas na réabhlóidí seo go mór mór i bhfeidhm ar na hÉireannaigh, ar nós Wolfe Tone agus na hÉireannaigh Aontaithe. Eagraíocht réabhlóideach ab ea na hÉireannaigh Aontaithe, agus b'iadsan a d'eagraigh an tÉirí Amach sa bhliain 1798.

Cé go raibh na Caitlicigh ina dtromlach in Éirinn, bhí a gcuid cearta bainte díobh ar fad leis na Péindlíthe. Ó 1691 ar aghaidh ag deireadh Cogadh an Dá Rí, ba é An Chinsealacht Phrotastúnach Anglacánach a bhí i gceannas den chuid is mó ar Éire, cé gur mionlacht a bhí iontu.

B'iad baill na hEaglaise Oifigiúla - Eaglais na hÉireann - an dream ba mhó cumhachta sa tír. Ní raibh na heaglaisí Protastúnacha eile chomh cumhachtach céanna, nó bhí srianta áirithe curtha leo agus le saol a mballra ag na dlíthe freisin. Mar sin, thosaigh siad ag comhoibriú leis na Caitlicigh leis an nasc le Sasana a bhriseadh agus saoirse a bhaint amach d'Éirinn.

Bhí an tacaíocht leis na hÉireannaigh Aontaithe ag fás i measc na nÉireannach, agus sa deireadh, thosaigh siad ag ullmhú réabhlóide, agus iad ag dul i dteagmháil leis na Francaigh freisin le cabhair a iarraidh orthu.

Sa bhliain 1796, tháinig 15,000 saighdiúir faoi cheannas an Ghinearáil Hoche go Bá Bheanntraí, agus Wolfe Tone leo. Níor lig an doineann agus an ghaoth mhór do na Francaigh teacht i dtír, áfach.

Tháinig eagla ar na Sasanaigh, agus chuaigh siad i dtuilleamaí comhéigin agus géarleanúna, go háirithe i dtuaisceart na tíre. Rinne siad iarracht freisin an aontacht idir na Caitlicigh agus na Protastúnaigh a bhriseadh.

Éirí amachCuir in Eagar

CathairCuir in Eagar

D'éirigh na hÉireannaigh amach i gCathair (Contae Thiobraid Árann) ar an 28 Márta 1798. Ach briseadh an cath orthu go tapaigh, faoi cheannas an High Sheriff, Col. Thomas Judkin-Fitzgerald. Ansin, thuig na hÉireannaigh Aontaithe go raibh orthu plean ceart a dhéanamh agus an cheannairc a thosú go gasta.

Baile Átha CliathCuir in Eagar

Is é an plean a bhí ag na hÉireannaigh Aontaithe ná go n-éireodh na ceannaircí i mBaile Átha Cliath amach ar an 24 Bealtaine 1798, agus go gcuirfeadh na ceannaircí sna contaetha timpeall bac leis na saighdiúirí a bheadh ag iarraidh teacht isteach sa chathair.

Chuala na Sasanaigh faoin bplean, áfach, agus bhí siad réidh, níor stopadh ach coiste nó dhó sa chathair, ach bhí éirí amach i gCill Mhantáin, Contae na Mí agus Contae Chill Dara. Scaip sé go dtí contaetha mar Aontroim, Contae an Dúin, ach go háirithe i Loch Garman.

 
Cath Bhaile na Muc

Cúige UladhCuir in Eagar

Ba é Henry Joy McCracken, Preispitéireach, a bhí i gceannas ar an 3,000 reibiliúnaí a d’éirigh amach i mbaile Aontroma agus ba é Protastúnach darbh ainm Henry Monroe a chur tús leis an éirí amach i gCo. an Dúin.[1] Níor mhair an trodaireacht ach seachtain. Gabhadh McCracken agus Monroe agus crochadh iad.

Contae Loch GormanCuir in Eagar

Dúirt sagart Caitliceach an cheantair, an tAthair Seán Ó Murchú, go raibh sé sásta an t-éirí amach a stiúradh i mBuaile Mhaodhóg. Bhí pící agus speala mar uirlisí troda acu agus ghlac siad seilbh ar Inis Córthaidh agus ar Loch Gorman. Choinnigh na reibiliúnaithe Protastúnaigh na háite i ngéibheann i mbaile Loch Gorman mar bhí siad ag déanamh amach go raibh na Protastúnaigh ag tacú le rialtas na Breataine.

Tharla roinnt eachtraí gránna. Dhóigh na reibiliúnaithe 100 Protastúnaigh ina mbeatha i scioból i Scolbóg agus mharaigh siad 100 príosúnach Protastúnach le pící ar dhroichead Loch Gorman. Nuair a theip ar na reibiliúnaithe seilbh a fháil ar Ros Mhic Thriúin chruinnigh siad le chéile ar Chnoc Fhiodh na gCaor (Vinegar Hill). Bhuaigh fórsaí na Breataine, faoin Ghinearál Lake, orthu go furasta. Scrios siad an tuath, dhóigh siad tithe agus chroch siad duine ar bith a mheas siad a bhí ina reibiliúnaí

Bliain na FrancaighCuir in Eagar

Le linn Éirí Amach 1798, tháinig 1,060 oifigeach agus saighdiúir faoin nGinearál Humbert[2] i dtír ar an 22 Lúnasa 1798 i gCill Chuimín (Cill Ala), le cuidiú leis an éirí amach. D'éirigh go maith ar dtús leis an gcomhaontas, agus tugadh Rásaí Chaisleáin an Bharraigh ar an éacht. Fógraíodh "Poblacht Chonnacht" agus ceapadh tiarna áitiúil, John Moore, ina uachtarán air.

Cath Bhaile na MucCuir in Eagar

Bheartaigh Humbert gluaiseacht ar aghaidh i dtreo Bhaile Átha Cliath. Ach níor mhair Poblacht Chonnacht ró-fhada. Casadh arm na Breataine air i mBéal Átha na Muc i gCo. Longfoirt. Arm 20,000 fear a bhí rompu agus níor mhair an cath rófhada. Rinneadh scrios ar Ghaeil agus ar Fhrancaigh ar an 8 Meán Fómhair 1798.

Gabhadh Humbert i ndiaidh chath Bhaile na Muc. Ghéill na Francaigh eile agus rinneadh príosúnaigh chogaidh díobh agus maraíodh na hÉireannaigh a bhí leo. Gabhadh John Moore chomh maith agus fuair sé bás i 1799 i bPort Láirge[3].

 
L'Immortalité agus HMS Fisgard, 20 D.F. 1798

Cath ThoraíCuir in Eagar

Tháinig na Francaigh go Dún na nGall freisin i mí Dheireadh Fómhair. Nuair a bhí an dara grúpa ag iarraidh teacht i dtír troideadh cath mara amach ó chósta Thír Chonaill agus ghabh na Sasanaigh sé cinn de na naoi long Fhrancacha. Cloíodh iad i gCath Thoraí roimh teacht i dtír.

Gabhadh Wolfe Tone ar cheann de na báid. Ba é seo an comhrac deireanach den Éirí Amach Éireannach sa bhliain 1798. Ba é a chuir críoch leis an iarracht dheireanach a rinne Cabhlach na Fraince ar líon suntasach saighdiúirí a thabhairt i dtír in Éirinn i rith an chogaidh.

 
Cuimhneachán 1798, reilg Waverley, Bronte, New South Wales
 
Cuimhneachán 1798, Bóthar N25

AnailísCuir in Eagar

Cad chuige ar theip ar Éirí Amach 1798? I dtús báire níor thug mórán daoine tacaíochta dó, Fiú bhí an chléir ina éadan. Cinnte bhí an tAthair Seán Ó Murchú sé sásta an t-éirí amach a stiúradh i mBuaile Mhaodhóg. Ach eachtra ar leith ba ea é. Anuas air sin, ní raibh ord ná eagar ar an bhfeachtas. Bhí easpa smachta ar na réabhlóidí agus fiú easpa uirlisí troda ann, in éadan trúpaí armáilte. Mar sin bhí an cogaíocht an-trí chéile go deo.

Tá codarsnacht iomlán idir an scéal seo agus an t-ullmhúchán a rinne an rialtas. Bhí spiairí an-éifeachtach ag na húdaráis agus bhí arm Shasana thar a bheith.oilte. Mar bharr ar an mí-ád, bí na Francaigh rómhall ag teacht/

TagairtíCuir in Eagar

  1. cogg.ie. "Réabhlóidí Polaitíochta". Dáta rochtana: 2019.
  2. "Feasta - alt 5". www.feasta.ie. Dáta rochtana: 2019-09-08.
  3. Athchuireadh é sa bhliain 1961. Bhí an tUachtarán Éamon De Valera ann, agus tugadh onóir iomlán na hEaglaise agus an Stáit dó.  http://www.scoilraifteiri.com/SchoolBar.html