Osclóidh seo an príomhroghchlár

Acht an Aontais 1800

Acht gur Aontaigh Alba, Sasana agus an Bhreatain Bheag le Éire
Henry Grattan: throid sé i gcoinne Acht an Aontais

Acht a ritheadh i bParlaimint na Breataine ar an 1 Lúnasa 1800 a bhí in Acht an Aontais 1800. Tháinig Éire faoi chúram na Ríochta Aontaithe, a raibh Sasana, an Bhreatain Bheag agus Albain ann cheana féin. Ón 1 Eanáir 1801, nuair a cuireadh an tAcht i bhfeidhm, go dtí an 6 Nollaig 1922, ba thír laistigh den Ríocht Aontaithe í Éire.

roimh 1800

Lean an tAcht seo Éirí Amach 1798 in Éirinn, éirí amach a raibh an-tacaíocht aige i measc na bProtastúnach agus na gCaitliceach araon, agus a bhí faoi thionchar an tSoilsithe san Eoraip agus réabhlóidí na Stát Aontaithe agus na Fraince.

ó 1801 ón am sin amach

Mheas an staraí R.F. Foster ina leabhar staire[1] gur fíorbheag an t-athrú a rinne an tAcht d´Éirinn, mar nach mórán cumhachta a bhí ag parlaimint Bhaile Átha Cliath ar an gcéad dul síos.

BratachCuir in Eagar

D'athraigh bratach Shasana, Bratach an Aontais nó Jeaic an Aonaigh. Tháinig sailtír Phádraig isteach.

Nasc seachtrachCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar