Is baile mór in oirthuaisceart na hÉireann í Aontroim. Is í príomhchathairChontae Aontroma, suite in aice le Loch nEathach, i dTuaisceart Éireann.Bhí an baile ina lárionad riaracháin do Chomhairle Buirge Aontroma go dtí 2015 nuair a tháinig an chomhairle le chéile le Mainistir na Búille chun Comhairle Buirge Aontroma agus Bhaile na Mainistreach a chruthú.. Tá timpeall 23,375 duine ina gcónaí sa bhaile féin (2011). Tá ospidéal an-mhór ann, Ospidéal Limistéar Aontroim, atá ar an ospidéal agus ionad sláinte is mó i gContae Aontroma theas. Tá na hAontachtaithe ar an gcuid is mó den phobal, agus sin fíor den phríomhreiligiún, an Protastúnachas chomh maith (80%).