Ón 17ú haois go deireadh an 18ú haois a bhí na Péindlíthe (nó na Dlíthe Peannaideacha), a rinne leatrom ar Ghaeil agus ar Chaitlicigh go háirithe, i bhfeidhm. Rinneadh géarleanúint ar na hEasaontóirí Protastúnacha chomh maith.

"Antidote against the infectious contagion of popery and tyranny", 1745, Dún Éideann. Cheap an Bhunaíocht ag an am go raibh an pápaireacht    ó smacht ar fad, in Éirinn agus thar lear

Bhí dlús curtha leis na Péindlíthe i ndiaidh Chath na Bóinne sa bhliain 1690. Bhí eagla ann go háirithe go rachadh na Caitlicigh in Éirinn dul i gcomhghuaillíocht leis na Spáinnigh.

Níos déanaí bhí deacrachtaí ag muintir na hÉireann freastal ar Aifreannscoil. As seo a d'eascair na scoileanna scairte nó na scoileanna cois claí. Deirtí an tAifreann amuigh faoin aer. Cé gur thit cuid mhaith de na dlíthe seo as feidhm faoi dheireadh na 18ú haoise, d'fhan a rian i bhfad sa mhéid is go raibh na Gaeil i bhfad ar gcúl ina dhiaidh sin i gcúrsaí oideachais, rialtais agus geilleagair.

Tugtar Fuascailt na gCaitliceach ar an iarracht a rinne polaiteoirí ar nós Dónall Ó Conaill chun dul i ngleic leis na dlíthe seo.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar