Ros Mhic Thriúin
Baile in iardheisceart chontae Loch Garman i bPoblacht na hÉireann is ea Ros Mhic Thriúin.[1] Tá an baile suite ar an abhainn. an Bhearú, gar do theorainn Chontae Chill Chainnigh.
Ros Mhic Thriúin | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Loch Garman | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 30 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Eile | ||||
Logainm.ie | 1416678 | |||
Suíomh gréasáin | newrosstc.ie |
Tá calafort ann, agus is é an tríú bhaile sa chontae i ndiaidh baile Loch Garman agus Inis Córthaidh. Dar le daonáireamh 2016, bhí 8,040 duine ina gcónaí ann.
Is baile suite ar an taobh eile den Bearú é Ros Bearrcon.
Stair
cuir in eagarIs cosúil go síolraíonn an chuid is sine den bhaile, an cuan, ón ré roimh-Mheánaoiseach. An chéad lonnaiocht a thagtar ar sna chúinsí staire ná mainistir de chuid Naomh Abbán sa 6ú haois san áit a thugtar an Baile Gaelach inniu air.[2]
Bhíodh Ros Mhic Thriúin mar chuid de chríoch Rí Laighean an lae Diarmaid Mac Murchadha agus tháinig an baile go mór chun cinn agus na hAngla-Normannaigh i mbarr a réime sa chearn seo den tír. Tháinig an ridire Normannach William Marshall agus a bhean chéile Isabella de Clare i dtír go luath sa 13ú haois.
Troideadh dhá chath aitheanta i stair na tíre sa bhaile. Sa bhliain 1643, d'éirigh le lucht an bhaile cur go láidir i gcoinne léigear de chuid James Butler, 1ú Diúc Urumhan le linn Chath Ros Mhic Thriúin (1643). Chuir Oilibhéar Cromail an baile faoi smacht na Sasanach in athuair, áfach, sa bhliain 1649.[3] Anuas ar sin, troideadh ceann de na cathanna ba fhuiltí d'Éirí Amach 1798 in Éirinn sa bhaile - Cath Ros Mhic Thriúin (1798).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Ros Mhic Thriúin/New Ross | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ https://en.wikipedia.org/wiki/New_Ross#History
- ↑ https://visitnewross.ie/the-story-of-new-ross/
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |