Loch Garman

baile i gContae Loch Garman

Príomhbhaile chontae Loch Garman agus an baile is mó sa chontae é baile Loch Garman[1], le daonra tuairim is 15,000. Ar inbhear na Sláine atá sé, agus tá a chalafort leathan, cé nach bhfuil sé an-domhain.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilLoch Garman

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°20′03″N 6°27′27″W / 52.3342°N 6.4575°W / 52.3342; -6.4575
Stát ceannasachÉire
Toghcheantar Pharlaimint na hEorpaAn tOirthear Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán20,188 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde1 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie52128
Suíomh gréasáinwexfordcorp.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Iompar cuir in eagar

Tá stáisiún traenach ar an líne as Ros Láir go Baile Átha Cliath sa bhaile. Níl calafort Ros Láir ach timpeall 15 chiliméadar as an mbaile. Tá an baile ar an N11, ceann de bóithre náisiúnta na tíre, a luíonn idir Baile Átha Cliath agus Ros Láir.

Stair cuir in eagar

Tógadh ar dtús Loch Garman in am na Lochlannach, agus sa Bhéarla, tagann a ainm Wexford ó Waesfjord na Lochlannaise, ar é a bhrí ná fíordinbhear an lathaigh. Nuair a tháinig Oilibhéar Cromail go hÉirinn, dhein sé slad ar an mbaile, agus tá an ghráin ag lucht an bhaile fós ar a chuimhne. Tá dealbh i lár an bhaile ag comóradh John Barry, fear a chuir cabhlach SAM ar bun.

Sláinte cuir in eagar

Ospidéal Ginearálta Loch Garman a chuireann seirbhís leighis ar fáil don chontae agus don cheantar máguaird. Ospidéal ginearálta atá ann a chludaíonn roinnt sainréimsí; cnáimseachas, péidiatraic, gínéiceolaíocht chomh maith leis an míochaine agus an mháinliacht ghinearálta.

Caitheamh aimsire cuir in eagar

Tá cáil ar an limistéar ar imeall an chuain as líon agus le raidhse an éanlaith atá ann. Is baile stairiúil é Loch Garman, le sráideanna cúnga. Gar don bhaile, tá caisleán Ferrycarrig. Tá John F Kennedy Memorial Park, arboretum mór, tuairim agus 36.7 km siar uaidh. Tá tránna breátha i ndeisceart an chontae. Tá Feis Opera Loch Garman ag cur opera i láthair sa bhaile le hos cionn 30 bliain, le béim ar shaothair atá ligthe i ndearmad, nó gar dó.

  1. Loch Garman/Wexford | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.